Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Damba
ainm-fhocal; fireann
iolraidh — dambaí
teampán, bacainn, balla, comhla nó stannadh a cuirfí treasna uisce, aibhne nó a leithide, leis an sruth a stopadh, a chasadh, a bhacadh nó a cheannsú ar chaoi eicínt; dam.
+
Tá damba ins an abhainn leis an uisce a stopadh
'Séard a ghníos siad sin dambaí nó caraidheachaí a thógáil ins na srutháin agus bearna a fhágáil in a lár. An cochall a chur ins an mbearna sin annsin agus an sruthán a shaghdadh anuas. Ní bheadh breac ag gabhail leis nach dtiocfadh ins an gcochall
TUILLEADH (4) ▼
Chuir siad damba ar an abhainn sin thiar mar dhóigh dhe go gcuirfidís ag lasadh an S. le solus í. Níor chuala mé aon-cheo faoi'n solus ó shoin ach cloisim gur mór an leas do shaigheadóirí an damba. Ach arsa tusa ní theagann síon idtír nach fearrde duine eicínt.
Bhí S. Mh. N. ag rádh liom go bhfaca sé damba ar abhainn i Meriocá agus go mbadh h-aoirde a bharr ná speiricín na J. inGaillimh. An gcreidfeá-sa an scéal sin. Ní chreidfinnse ar chaoi ar bith. Sílim gur do mo dhalladh le bréaga a bhí an ceann céadna. Chonnaic sé rudaí i Meiriocá nach bhfaca duine ar bith agus a liachtaighe sin duine ins an tír a shiubhail cho fada leis i Meiriocá
Chonnaic mé na dambaí móra a rinneadh ar an tSionainn. Nach raibh mé dhá ndéanamh. InDomhnach bhíos. Chaith mé cheithre mhí ann. Tá dambaí áithbhéalta ann in aghaidh an uisce. Tá mé ag ceapadh go stopann siad na mílte tonna uisce … Casann siad an t-uisce isteach i sórt caológaí a chuir siad ar an abhainn, agus an uair a theigheas sé thríd na "turbines" oibrigheann sé an solus. Sin é a thugas solus do'n tír.
Ní comhla ar bith a theastuigheas thíos annsin ach damba a dhéanamh treasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nar mhór é mar atá an lagpholl atá annsiúd thuas agamsa: stanadh a chur ann ar an gcaoi céadna. Ionntuigheann sé an brúisc uisce ar fad soir ins an lag-pholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos annsin, níl ann ach dícéille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad