Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díon
ainmfhocal, fireann
iolra: díonta, díonannaí
ginideach: dín go hiondúil, ach díona amantaí
1.
clúdach; an brat tuí a cuirtear ar theach os cionn na scrathacha; ar chocaí agus ar chruacha féir arbhair, móna srl. Ní tugtar ar an gceann uile é, ná ní tugtar ar cheann slinne é ach oiread. Ceann a bhíos ar an teach. Ceann tuí ar chuid acu agus ceann slinne ar chuid eile, ach ní hionann ceann agus díon.
a.
+
"An bhfeiceann tú mo theach agus gan de dhíon air ach an scraith; thíos ar leataobh an bhóithrín" (As amhrán)
Níl díon ar bith ar an teach aige anois. Tá sé caite isteach go dtí an scraith
TUILLEADH (7) ▼
Tá an díon caite air go grinneall
Is gearr go mbí an teach faoi dhíon nua ar fad aige aríst. Má bhíonn fhéin, is géar a theastaigh sin uaidh
Diabhal mé go bhfuil sásamh sna tithe ceann slinne féin nach bhfuil cúram dín ar bith dóibh. Bhíodh muid meata chuile bhliain ag cur suas dín, agus dhá gclistheá bliain ar bith, ba ghearr go n-íocthá ann: bheadh báisteach anuas ort
Is mór an chontúirt é an teach ceann tuí ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóite a chur sa tine agus é a shá sa mbuntsop. Ó chuaigh sé thrí lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus murach chomh héasca agus a braitheadh é, bheadh dóiteán ann a mbeadh cuimhne air
Ar chuala tú faoin teach sin ar inis S. Ó. C. dúinn faoi sa scéal. Díon de chlúmhach na n-éan a bhí air. Dar mo choinsias muise, is fada go mbeadh dóthain tí de dhíon agat óna bhfuil d'éanlaith ar an mbaile seo anois. Dheamhan é go dtí Lá Philip an Chleite. B'fhéidir dá dtóraíodh duine brocachaí na sionnaigh go mba mhór an chúnamh dhó é. Is acu atá clúmhach an bhaile ar aon chor
Cíb easca nó tuí sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buanadas iontu. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraingt cibé do N.: dhá tarraingt an t-achar sin lena (ár) ndroim. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an teach in aon bhrúisc amháin ina mullach cheal dín
Tá caitheamh agus cáineadh ar an tuí anois, ach sílim ina dhiaidh sin agus uileag nach raibh díon ar bith a chinnfeadh uirthi. Bhí teas agus teolaíocht inti sa ngeimhreadh agus fionnórtas sa samhradh. Ba é an teach ceann tuí teach na háite seo. An bhfeiceann tú céard atá acu anois: ballaí concrete a dheallródh madadh uisce agus na tileíní suaracha sin atá ar bogadh le chuile shoinneán. D'fhéadfá rud eicín a dhéanamh le díon oíche ghártha, ach ní fhéadfaidh tú tada a dhéanamh le sclátaí ach seasamh in do bhoideoide ag breathnú orthu dhá bhfuadach. Ach an leaba a thomhais na daoine dhóibh féin, codlaídís anois inti. Sin é adéarfainnse
+
Mura gcuire sí brat dín air, is gearr nach mbeidh aon teach aici. Níor mhór dó as éadan anois é. Mura dtapaí sí freisin é, anuas ina mullach a bheas sé … Beannacht Dé dhuit. Fanacht go dtí théis an chogaidh agus teach ceann slinne a dhéanamh! Ní bheidh cleith os a cionn leathbhliain ó inniu
Más in mo chleithiúnas-sa atá sé le díon a chur dó, beidh sé gan cur. Nach simplí a gheobhadh sé na daoine a dhul suas ar thaobh seantí dó dhá bpréachadh fhéin leis an bhfuacht. Téadh sé i gcurach Sheáin Uí Fhínneadha anois!
TUILLEADH (3) ▼
Tá an seandíon sin ar fad rodta. Ní fhéadfadh sé gan a bheith agus a fhad is ó cuireadh é. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé deich mbliana go maith ó chuaigh an stráca deiridh air sin
Deir siad nach mbíonn díon ar bith curtha má aithníonn tú na strácaí ann, ach faigh thusa an díon nach n-aithneoidh. B'fhéidir nach n-aithneofá i ndiaidh Ph. Dh. iad, ach an fear a ligfeas suas ar a theach é sin, ní thiocfaidh sé anuas an bhliain sin (é an-righin)
An-tuíodóir é. Chonaic mise díon curtha aige ansin thiar nár lig aon deoir isteach ariamh gur dhreoigh sí anuas den teach le aois. Tá mé ag ceapadh go raibh scór blianta air ar chaoi ar bith shular theastaigh brat uaidh aríst. Bhí bua eicínt aige leis an tuí. D'fhuadh sé ar chaoi eicínt í nach ligfeadh sí an sileadh thríthi go brách
+
Murar chuir sé díon ar an gcruach choirce fós, is gearr go bhfeice tú téite í má fhaigheann sí múirín ar bith
Níl gnaithe ar bith aige aon díon a chur ar an bhféar sin. É a chaitheamh anuas aríst agus a ligean amach atá aige a dhéanamh má tá aird ar a chuid oibre aige. Nach bhfeiceann tú an ghail bhruite as. Má chuireann sé brat dín air sin mar atá sé, breofaidh sé ar fad agus dheamhan bó ná gamhain a leagfas smut go sleibhe air
TUILLEADH (6) ▼
Cuireann siad díon ar an móin in áiteacha eile, ach ní anseo é. Is dóigh gur áiteacha iad sin atá gann faoi mhóin. In áiteacha a bhfuil fairsingeacht di, ní bhíonn aon chion uirthi
D'fheicinnse M. fadó ag cur díona ar fheamainn tirim, ach bhíodh gnaithí dhá chuid fhéin aige sin i gcónaí … Níl mé ag rá nach dtiocfadh sé chun sochair don fheamainn. Choinneodh sé an súiteán inti agus sin é maith na feamainne
Seileastram a chuireas muide i gcónaí de dhíon ar an arbhar. Tá fuílleach dhe amach ansin sna garrantaí gleannacha agus sna logannaí uisciúla sin siar. Gheofá an oiread i lochán múnlaigh ansin thíos agus a chuirfeadh díon ar arbhar an bhaile fré chéile
Chonaic mise díon ar na poill fhataí ar an Achréidh. Nár fhága mé seo mura bhfaca. Thosaigh mé fhéin ag gáire fúthu agus is beag a thaitnigh sé leo. Is beag a mh'anam
Níor chuir tú cuma dhéanta ar bith ar an gcruaich. Tá an gníomh scagach ar fad, agus níl píce ar bith uirthi, mar adeir an bádóir. Ólfaidh sí an bháisteach fré chéile. Is diabhlaí nach mbeadh stuaim ionat ag déanamh cruach mhóna feasta choíchin
Níl díon ar bith ar do chraiceann leis an éadach tanaí sin. Ar ndóigh níl aon deoir amuigh nach mbeidh istigh aige sin. Loinnir a bhí tusa a iarraidh agus ní teacht aniar
b.
+
Níl díon ar bith sna bróga seo — tá siad ag ligean isteach; tá siad ag déanamh uisce
Thug mé mo choróin is dá fhichead orthu, ach mo chreach mhaidne ghéar thú. Bhí sé chomh maith dom péire miotáin a bhualadh orm leo. Níl díon ar bith dhá bhfaca tú ariamh iontu
TUILLEADH (9) ▼
'Sé an chaoi a bhfuil na bróga atá amuigh anois, níl díon ar bith iontu nó go gcaithe tú na boinn go grinneall i dtosach, agus ní mórán moille é sin ar dhuine. Níl le déanamh ansin agat má tá na huachtair réasúnta chor ar bith, ach péire tosaigh a bhualadh orthu thú féin agus b'fhéidir go dtabharfaidís caitheamh eicínt uathu ansin. Scéal cinnte ar chaoi ar bith gur mó an teolaíocht a bheas iontu ná ar an gcéad iarraidh
Bhí a fhios agam go maith nach mbeadh aon díon sna bróga a cheannaigh tú an lá sin. Bhí an leathar róchineálta. Dhá ndéantá mo chomhairlese, d'fhanfá uathu
Is beag an díon atá sna héadaigh seo. Múirín ar bith báistí agus tá sí le mo chraiceann. Níl bualadh an cheanneasna ann ina dhiaidh sin
Tá an-díon báistí sna cótaí sin ach go gcaillfidís thú le fuacht. An bhfeiceann tú an ceainnín réchaite sin agamsa. Ó Jackchape a cheannaigh mé é roimh an gcogadh; ar shé déag. Ba sladmhargadh ceart é
Tá sé gáifeach ach níl díon ar bith ann. An leamháinín éadaigh sin anois a bhíos ar na gearrchailí, níl a fhios agam féin cén chaoi nach gcailltear ann iad. D'fheicfeá na beithígh thríd an gcuid is mó dhe, tá sé chomh scagach sin. Nach dona an clúdadh é le hais na bhflainíní agus an cheanneasna a bhíodh orainne fadó. Siopaí atá ag déanamh iarmhais ar na mná anois
Murar chuir sé orthu ach cnámharlach, ólfaidh siad an bháisteach agus lobhfaidh siad sa bpoll. Níl díon ar bith sna barrannaí sin le hais na raithní. Is fhearr an raithneach míle uair ar pholl fhataí
Go bhféacha an tAthair Síoraí muis ar an gcábán sin leithide na hoíche anocht. Níl díon ar bith ar an mbáistigh sna cupla stráca siúd atá os a gcionn. Nach mb'fhearr dóibh na ceirteacha siúd a dheasú ina dtimpeall agus a dhul isteach i scailp eicínt nó i lúbainn claí, áit a mbeadh foscadh acu, ná a bheith ansiúd agus gan de dhídean ann ach an oiread le lorg cois na bó ar an gcnagaire
Níl díon ar bith sa talamh aoil sin. Súnn sé chuile dheoir a theagas as aer. Nár slogadh abhainn taobh thoir de Ghaillimh cupla bliain ó shin, agus dheamhan amharc a facthas uirthi níos mó. Chuaigh sí síos go dtí an Tír Fó Thoinn san áit a raibh an Ridire Leathchaoch Leathrua is dóigh
Níl díon ar bith sna láimhíní seo, théis cúig déag a thabhairt orthu … Tá baol air! Dheamhan iall leathair ag gabháil leo. Craiceann gabhair nó rud eicínt atá iontu. Ní feasach dom go bhfuil sé chomh maith sin fhéin
c.
+
Níl díon deor sna bróga seo — tá siad ag déanamh uisce as éadan. Níl deoir amuigh nach bhfuil ligthe isteach acu
"Tá mo chóta mór stróicthe agus níl i mo bhróga díon deor" (líne as amhrán)
TUILLEADH (8) ▼
Níl díon deor sna héadaigh seo — ligeann siad an bháisteach isteach; níl siad in ann tada a choinneáil amach
Sílim an teach atá aige anois nach bhfuil díon deor ann. Is beag an dochar dhó. Tá sé na cianta cairbreacha ó cuireadh aon stráca tuí air. Chuala mé an set sin a théas ag cuartaíocht ann ag rá go bhfeicfeá réalta an aeir amach thríd anois
Cheannaigh mé cóta mór — ceann báistí — thíos i nG. cupla bliain ó shin. Shín mé mo thrí phunt amach air. Dheamhan cianóg rua a fuair mé as. Chaith mé dhá uair ag margáil faoi, ach ní ligfeadh sé laglabhartha as na trí phunt é. Chroch mé liom abhaile é. Chuir mé orm lá báistí ag dul ar an bportach é. Bhí mé bog báite isteach le mo chraiceann ag teacht abhaile dhom. Rug mé air de thaghd agus rinne mé ciseach faoi mo chosa dhó
Cró concrete é agus hé brí cén sórt suaitheadh a thug sé don choncrete nó cén bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin sna ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr balla fuar go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirim. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é mar a ghníodh na daoine ariamh. Tá chuile intreacht ag teacht amach anois, ach níl ina leath ach ealaín le dallamullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid
Meánn tusa anois an mbeidh díon deoir sa bpoll fataí sin ach a dteaga tuile bháistí. Bíodh a fhios agat nach mbeidh, scáth an scráib chréafóige sin atá taobh amuigh orthu. Ní bheidh fata ag gabháil leis an bpoll sin nach mbeidh ina aoileach má fhágann tú mar sin iad
Ara bail ó Dhia ort! Níl díon deoir sna bráicíní sin nuair a bhíos drochoíche ann. Nach maith a shaothraíos na maortha agus na báirseoirí é, scáth a bhfuil dóibh: sé phunt sa mbliain. Nach gcaithfeadh fear drabhlásach aon oíche amháin é. Agus caithfidh siad a dhul amach ar an abhainn dhá mbeadh sé ag cur sceana gréasaí. Sin é a bhfuil de theálta acu — na bráicíní sin
Siad bróga an fhear oibre iad mo léan! Dheamhan an deoir féin a bheadh ort ó na glúine anuas dhá mbeadh péire acu sin agat. Is mór eatarthu féin agus na clogs bhradacha sin nach bhfuil díon deor iontu dhá mbeifeá gan a dhéanamh ach an t-urlár a shiúl. Ná bac le tada ach leis an gcois fhliuch! Tá sí in ann fear a tholgadh gan achar ar bith
Níl díon deor sa gcaipín seo ach sin é an chuma a chuir mé orm féin agus mé dhá ceannacht. Bhí mé lá báistí i nG. agus mé in mo mhaoil. Is gearr go raibh mo chloigeann ina líbín. 'Ceannóidh mé caipín,' arsa mise liom féin. Isteach liom de mhaoil mo mhainge sa gcéad tsiopa ba túisce agam. 'Leag anuas caipín agam,' adeirimse. Leag. 'Cé mhéad.' 'Trí scilleacha.' Shín mé amach aici iad. Sin é a raibh de Bhéarla ná de Ghaeilge ann, ach ní raibh mé féin anoir ar A. Dh. L. nuair a bhí mo cheann ina líbín in athuair
·
M'anam go bhfuil fear an bhóthair sách dona freisin: gurb é atá. Amuigh ansin ar lom an bhóthair agus a shluasad aige, agus dhá dteagadh sé ina dhíle, gan díon deor aige ná gair aige corraí. Ach níl siad chomh géar anois agus a bhídís roimhe seo. D'fhéadfá ráig a ligean thart anois, ach mo choinsias má bheireann siad fós féin ort, is beag is aite leo é. Chonaic mé fear acu ag teacht amach ansin thiar anuraidh …
Níl díon deor aige aon lá sa mbliain thuas ar an sliabh úd. Shílfeá sa mí-ádh go ndéanfadh sé sórt teálta eicínt dó féin le múr a ligean thairis. Tá an áit siúd chomh sceirdiúil agus go bhfeannfadh sé an fia. Ach is fearr leis seasamh ar aghaidh na riteachta ná anró ar bith a chur air fhéin. 'Sé an leadaí is mó ar a dhá chois é. Ní bhainfeadh sé aon cheart d'obair ar bith eile ach an obair atá air, agus is mór mór an t-ionadh go bhfuil sé ag seasamh léithe sin féin
2.
dídean, díol, údar (díon trócaire, díon déirce fc. díol).

Féach freisin

díon in iontrálacha eile (27)

 
de
Feoil ar maidin agus feoil tráthnóna agus feoil in am dinnéir! Diabhal mé gur shíl mé ar an gcaoi a raibh sí ag caint, gur stiallógaí feola a bhí de dhíon ar an teach aici!
 
Ní dea-bhróga iad seo atá ormsa anois. Níl díon deoir iontu.
 
deil 1
Deir tusa go bhfuil an bhróig sin ar deil, ach deirimse go bhfuil sí ar a dhonacht. An bhfeiceann tú an lasca sin? Ní bheidh díon deoir inti ach a dtaga an chéad chith bháistí
 
deis
Ní foláir duit deis a chur ar an díon thairis sin. Is maith luath a cháinfeas do chliamhain an cur atá tú a thabhairt uirthi (ar an tuí), má chastar aniar é. Tuíodóir pointeáilte é féin
 
deoir
Ná bac le bróga! Agamsa atá na bróga agus na bróga gan rath! Níl deoir amuigh nach bhfuil istigh acu. Níl díon an deoir féin iontu
 
díle 1
Tá an díle uisce in mo bhróga. Níl díon deor iontu théis mo dhá ghine bhuí a shíneadh orthu tá dhá mhí ó shin
+
Níl fear ar bith is pointeáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá diogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bunchleite isteach ná barrchleite amach inti! 'Sé a chuaigh le P. Ch. ceart. Séard a bhí a dhéanamh anois nuair a bheadh sé réidh agus na claíochaí biorraithe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach inti. Bheadh athobair air ansin ag diogáil aríst
TUILLEADH (1) ▼
Is deas teolaí an teach atá aige anois. Tá brat nua díon aige air, agus an tuí chomh diogáilte le eireoig air. Déanann sé ionú ceart lena chuid oibre, agus bíonn a shliocht air: bíonn sí slachtmhar ina dhiaidh hé brí céard a dhéanas an mhoill
 
Más ag tóraíocht an díogha atá tú, ceannaigh Kerry Blues. Déarfá nach bhfuil mórán gaisce ar na Weights, ach is fiú ór iad lena ais siúd. Dhófaidís an carbad ionat agus ní bheifeá seachtain dá gcaitheamh go mbeadh creatán ort. Níor airigh mé aon phuth casachta ariamh gur thosaigh mé dhá gcaitheamh. Ach cén neart atá ag duine air. Is díon déirce le duine cineál ar bith a fháil anois. Bím thart cheal gail scaití, agus tá anam duine orm nuair a bhím ar an gcaoi sin
+
díol 2
Ní díon trócaire go dtí an té a chaithfeas a dhul amach i mbéal na ngunnaí sin agus iad ag loscadh, agus ag broimseáil. A Dhia láidir nach suarach an éadáil éirí as do chodladh ar maidin agus na liagáin (na shells) sin ag dul faoin smut agat. B'fhearr liom aon lá amháin a dhéanamh dhíom in éindí!
TUILLEADH (10) ▼
Go bhféacha an tAthair Síoraí orthu, nach saothraithe an greim acu é. Is mór an díon trócaire iad. Fuiríocht calaidh orthu thíos ansin le seachtain agus gan a fhios acu céard is cor dá muintir sa mbaile. 'Sí beatha an ghiorria í beatha an iascaire. Má bhíonn rud de bharr fáiteall na farraige, dar fia bíonn sé ceannaithe go maith
Is mór an díon trócaire í thíos ansiúd craptha anuas ar an splaincín sin agus gan fód aici le cur ina ceann. Ba mhór an grá dia do dhuine agaibh cupla cléibhín móna a chaitheamh thíos aici, nó préachfaidh sí ag buachailleacht na cupla aithinne úd
'Sé díol na déirce é; is mór an díon déirce é; is díol déirce é (deirtear díon in áit díol go rímhinic sa bhfocal seo ach tá díol ann freisin)
Ba díon déirce liom é a fháil — ba bhuí bocht liom é a fháil; ní raibh tada agam, agus theastaigh an rud sin go géar uaim. Mura dtugtaí dhom é, is beag nach n-iarrfainn ina dhéirce é
Go dtuga an diabhal thairis é muis, gan díobháil gan dochar dúinne. Ba díon déirce leis é a fháil an chéad uair, ach anois ó tá a ghaisneas bainte aige as, agus é éirithe as an lathaigh, níl aon mheas aige air. Ar ndóigh, ar aon chor, dhíol sé an déirce ó chuaigh sé sa teach nua
Tháinig sé isteach anseo lá ag iarraidh bicycle lena dhul Gaillimh. Ba díon déirce leis a fháil. Chuaigh sé ansin agus bhris sé agus réab sé é agus d'imigh sé air gan aon ghaoith a chur ann. Thug sé chuile dhrochúsáide ba mheasa ná a chéile dhó. Agus barr ar an diabhal ar fad, níor thug sé abhaile go ceann trí seachtainí é
Sin é a bhfuil de phosta aige agus ba díon déirce leis é sin féin a fháil. Tá mise ag ceapadh nach bhfuil foghlaim ar bith air siúd. Ar ndóigh dhá mbeadh, d'éireodh rud eicínt níos fhearr leis ná a bheith as cionn bóithrí — rud atá chuile scráibín sa tír a dhéanamh
Is díon déirce liom na "Meiriceánaigh" féin a fháil nuair a chinneas chuile sholáthar eile orm. Tá neart acu thartu freisin, ach mise i mbannaí nach mise ná thusa a gheobhas iad. Coinneoidh siad sin dá nduine fhéin iad — do na daoine móra seo — póilíos, máistrí scoile, agus bossannaí bóthair. Fanadh béal na trua uathu
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil i chuile áit, agus go mba díon déirce leis bean ar bith a fháil sa deireadh, dhá mba iníon ceannaí reaigeannaí féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol brá gill air, le go mbeadh mná sna cosa in airde ina dhiaidh. Ach thug siad uileag fuath dhó hé brí cén fáth a bhí leis
Chaith sé bliain ag tóraíocht tí agus é ag cinnt air aon áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith os a chionn agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre
 
dóirt
Beannacht Dé dhuit! Ná samhlaigh a chuid bróg sin liom, muran leat corraí intinne a chur orm. Cheannaigh mé péire an lá cheana uaidh ar dheich is dhá fhichead. Ní raibh siad seachtain ar mo chois nuair a bhí an dórtadh isteach thríothu. Dheamhan focal bréige atá mé a dhéanamh leat. Luach mo dheich is dá fhichead, níl díon deor iontu. Nach in é an scrios i dtír!
 
Bheadh dóiteán ann agus dóiteán dháiríre murach an chaoi ar tapaíodh é. Bhraith duine eicínt an deatach, as an mbuntsop. Suas leis. Bhí an buntsop thrí lasadh. D'fhuagair sé ar chúnamh. Bhí an lasair déanta siar leis an mbuntsop ar fad, ach is gearr a bhí siad dhá mhúchadh ina dhiaidh sin, go lige Dia slán an cúnamh. Dhá gcaithríodh sí amach sa díon chor ar bith, loiscfeadh sí an dá theach agus an iothlainn
 
Tá sé ag cur díon ar an gcruach choirce leis an dréimire s'againn féin
 
Níl leabhar ná páipéar ná ball éadaigh faoi chaolachaí an tí nach bhfuil millte ag griúillíní súí atá anuas i chuile áit. Bhí aige brat tuí a chur ar an teach siúd. Dheamhan stráca a chuaigh air le deich mbliana. Is beag an dochar dhó a bheith faoi shúí féin scáth an aird atá aige air. Ba saoire dó an teach siúd a streachailt anuas ar fad anois, agus slinn a chur air, ná a dhul i gcleithiúnas díon agus caoi a chur air mar atá sé. Ar aon chor, caithfidh sé ceann nua as an bpíosa a chur air. Níl rata ná taobhán ag gabháil leis siúd nach bhfuil lofa
 
droim
Coinnigh daingnithe air anois agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aisti mura gceannaí sé faoina droim uait í. Má théann tú ag sceidínteacht léithe, ní bheidh a leath oiread dhá barr agat agus a bheadh lena díol faoina droim. Cuileálfaidh sé chuile fhód fliuch ag gabháil léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach anseo nuair a bheas sí gann. Beidh sí thrí lasadh faoi Fhéil Bríde seo chugainn
 
dronn
Is deas uaidh cruach choirce a dhéanamh go deimhin! Ní raibh é a ligean suas ar chruach ar bith. Breathnaigh ar an gcruach sin amuigh agus an dronn a d'fhága sé uirthi. Níl díon deoir inti
 
téigh
Cheal nach rachfá agus díon a chur ar an gcró sin amuigh shula dtitfidh sé