Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dairteachaí (27)

+
dairt
Bhí siad ag caitheamh dairteachaí ar an bportach agus is beag nar bhain siad na súile as a chéile = ar phortaigh a bhíos caitheamh dairteacha go h-iondamhail
TUILLEADH (23) ▼
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
Is deas iad do chuid dairteachaí. Nach gruadháin de chlocha atá tú a chaitheamh. Ní spóirt ar bith an tsúil a bhaint as duine.
Ní comórtas ar bith do bhuachaill óg a dhul ag caitheamh dairteachaí le malraigh nach bhfuil bliain as an gcliabhán fós — tada leis. Teigheadh sé dhá gcaitheamh len a chomhaoiseacha féin, is é is córa dhó
Níl neart ag duine a dhul an bóthar aca, nach bhfuil cluiche aca amuigh roimhe, len a dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na h-údair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orra — gan smacht gan ceannús ceann
Ó a thosuigh corr-dhairt dhá chaitheamh leis thug sé cúl duinn ar fad. Níor thaobhuigh sé an teach le tuilleadh agus ráithe. Is beag le beannú dhom a dhéanas sé anois. Ní leigfeadh sé isteach in a cheann chor ar bith nach mise a chur suas le na scurachaí a dhul ag caitheamh dairteachaí leis
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeithí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nar caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin ins an gcatmara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin annsin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh spóirt ins an áit a mbeidh sé sin
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaoghal a chaitheamh in a buil. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeochas uaithe. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon-duine atá a fhios é, ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaoidheamhla go mór a fágáil annsin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcomhnuí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rádh leat an ceann aca a thosuigheas ar an gceird sin — go bhfuil sé de bheith uirre gan eirghe as dá dtugtaí an saoghal mór di.
B'fhearr duit tosuighe ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistighe sin a fheiceas tú ins an aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Mío-Chomhairle. Fuair Mac na Mío-Chomhairle grásta idir an stioróib agus an talamh, ach é sin: mara bhfuil ag Dia níl indán grásta dhó go ndéantar dhá leith glan-eascartha dhá mhuineál idtosach
Mara bhfuil aige faoi dheire th'éis a chuid scoileannaí agus coláistí ach ag breathnú indiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaoghal. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Conndae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart, ag forcabhás ar chupla buitín faochan a chruinneochas muintir an L.
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair mar adeir an ceann eile. Meas tusa a dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid alluis ag iarraidh sean-mhóinteáin atá annsin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon-tabhairt go bráth ins an muing chaca sin
Ní raibh ann ach caitheamh dairteachaí le h-ais an chogaidh seo = ní fiú caint air (an cogadh deire 1914-1918) le h-ais an chogaidh seo; is measa go fada é an cogadh seo ná an cogadh deireannach; ní raibh goir ná gaobhar ag an gcogadh deireannach ar an gcogadh seo
Go dtugaidh Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí annsin … bhuel b'ionann agus gurbh eadh. Ach an t-achrann atá mise a rádh; bhí dhá bhaile uiliog amuigh. Ceann aca ar chaon taobh de'n alt siúd atá ins an mbóthar taebh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spalaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: 'chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfascadh tigh Gh. agus feiceál againn ar fad air
Ní raibh annsin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionnsuighidh sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thiubharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon-troid thuatach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar áirdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá asna ann. Tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
Ní raibh ann go dtí seo ach caitheamh dairteachaí nó go dteagaidh an firéad siúd ann. Tá sé cho maith do L. a sheolta a árdú go dtí padhar eicínt eile an uair sin. Chuirfeadh an firéad sin dhá chrígh Mhuire thrín a chéile. Ní raibh dhá cheann an tighe sin ariamh gan a bheith thrí lasadh — ariamh ins an saoghal
Caitheamh dairteachaí a bhí ann arbhú aréir ar ghualainn na h-oíche aréir. Ó stop! Bhí sé in a bhruighshléacht ceart. Ní bhfuair mé an oiread cuideachta ó a rugadh mé. Bhí sé seo thoir ag sáruigheacht agus ní thuigfeá focal ins an gcéad uaidh le pislíní. Ní raibh duine ins an teach nach in a éadan a bhí aréir. An C. scaithtí ag teacht leis, agus scaithtí ag cur in a aghaidh, len a splanncadh tuilleadh. "Grounds" mhór atá ag an gC.
Ní raibh ins an "bpassáil" (scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí má's fíor dó fhéin, i gcomórtas an "phassáil" a chuaidh ar a mhac-seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfuigheadh sé faoi'n a foraí (fabhraí) é, hébrí (pé'r bith) céard a "phassáil" an mac
Ní raibh a dhul isteach ins na póilíos fadó thar chaitheamh dairteachaí, i gcomórtas a dhul isteach ionnta anois. Dhá mbeadh caraidheachaí ar bith aghad an uair sin — duine ar bith adéarfadh focal ins an gcúirt duit — bhí leat. Ghlacfaí ionntu thú gan stróbh ar bith (stró > stróbh i gcomhnuí i gcaint de bharr a bheith idir-ghuthaí i gcomhnuí bunáite). Ach tá siad an-ghéar anois. Ní mór dhuit breac-fhoghluim mhór a bheith ort go nglacfaí thú. Nach ionnta atá saint ag 'chuile dhuine anois!
Tá caint an-chruadh i scéal atá ag M. C. Níl in Argóinteacht Oisín agus Phádraig ach caitheamh dairteachaí len a ais. Ní thuigfeá cuid de'n chaint siúd beag ná mór. Sean-liagáistí móra atá ag an gC.
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá innte i gcomórtas oibre. Chonnaic mise fadó an uair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtóigtheá do cheann chor ar bith, gheobhfá bóthar abhaile. Bhí siad dubh-ghéar. Chonnaic mé meitheal ar fad — cho maith le scór fear — dhá mbriseadh in éinfheacht ann aon-lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabhail fhuinn. Ní raibh siad ala an chluig féin in a seasamh, an uair a díbrigheadh abhaile iad
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dubhairt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orra anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Leigfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shoin.
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraing(eochth)aidhe anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanuidheacht' sin é deirim-se leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Bhí sé thíos annseo thíos oíche aonaigh agus braon maith ins an gcoiric aige. Má bhí féin bhealuigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionnsuigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. "Tá gabhaltas maith go leor agad" adeir sé "ach is gearr go mbí sé in a stupóig ort cheal a shaothruighthe. Breagh nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma annsin, isteach agus amach ag cothughadh an dá splainc sin. Gheobhfá bean dhá mbeadh sé de ghus ionnad fhéin í a iarraidh." Níor labhair sé ar a inghin féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a h-iarraidh. Is beag nach'r thiomain sé air í. Ach 'ar ndú mo léan ní chorróchadh cannda "gelignite" an fear thíos as an gcúinne
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
 
dall 3
Dalladh ceart é le dairteachaí ar an bportach indiu
 
díol 2
Is corónta an díol magaidh é. Níl aon-ghoir aige a dhul in áit ar bith nach mbíonn daoine ag caitheamh dairteachaí leis, nó ag cumadh dhó. Feicim go mbíonn na gasúir féin ag siocadh leis anois.
 
dris
Ara dris de chantalóir a bhí ann 'chuile lá ó rugadh é! Deile. 'Ar ndú an uair a bhí muid in a (ar) mbrighthín (bithin) óg fadó, agus muid ag caitheamh dairteachaí le chéile ar na portaigh th'éis an dinnéir, mo chroidhe ná raibh ag an diabhal go spréachfadh sé dhá mbuailtí scrath air.