—
caorán; scrath; fóideóg nach mbeadh ro-chruadh ach a bheadh tirm go h-iondamhail; dóid; fód; cnapán. (Ní thiubharfá dairt ar chnapán sneachta, muna mbainteá scraith as an talamh agus an sneachta uirre).
a.
+–
Bhuail sé dairt orm; bhuail sé de dhairt mé; chaith sé dairt liom
Bhí siad ag caitheamh dairteachaí ar an bportach agus is beag nar bhain siad na súile as a chéile = ar phortaigh a bhíos caitheamh dairteacha go h-iondamhail
TUILLEADH (17) ▼
Rinne siad dhá chomlán — an baile seo agus B. — agus thosuigh siad ag caitheamh dairteacha le chéile. Dar fiadh chuir an dream se'aghainne indiaidh a gcúil iad agus leanadar cho fada leis an sruthán iad ag caitheamh leo igcomhnuí. Badh é an cath ba mhó é a chonnaic mé ar phortaigh ariamh in mo shaoghal
Ní sheasfadh aon-duine beo thuas ann ach a dtosuigheann na dairteacha dhá gcaitheamh. Is contabhairt é go mbainfidís an tsúil amach as do cheann.
Chuaidh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'eirigh sé faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh?) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinic táiraidhm (táirm) ar bith orra go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann droch-mhúineadha. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon-dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na h-ailt. Dhonuigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáithte ins an mbínnse é. B'éigin an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola in a srúlaí: i gcruthamhnas dhuit mar adeir an fear fadó an uair is fhearr an sogradh gurb eadh is fhearr leigean dó
Tá a shúil ins an meath chéadna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann cruadh a bhí ann. Níor leig an té a chaith é ná aon-dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhúin súil Ph. d'aon-iarraidh. Chuaidh sí 'un óthrais. Chaith sé scathamh ins an aspuicil (oispidéal) léithe ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó annsin ach gur fhuaruigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirre i gcomhnuí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon-amharc aige aríst go bráth innte. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithe thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ro-réidhchúiseach an duine bocht
Má eirighim agad criogfaidh mé thú le dairt.
Bhuail sé de dhairt é agus dá n-eirigheadh sé leis ar an tsúil, dheamhan thiomanta súil a d'fhagfadh sé istigh in a cheann leis. Tá an t-urchar cruadh aige sin. Nach bhfeiceann tú an teannadh a chuireas sé le 'chuile shórt a chaitheas sé
Is deas iad do chuid dairteachaí. Nach gruadháin de chlocha atá tú a chaitheamh. Ní spóirt ar bith an tsúil a bhaint as duine.
Má thugann sé siúd dairt ar an tsúil duit, beidh cuimhne agad air
Ní comórtas ar bith do bhuachaill óg a dhul ag caitheamh dairteachaí le malraigh nach bhfuil bliain as an gcliabhán fós — tada leis. Teigheadh sé dhá gcaitheamh len a chomhaoiseacha féin, is é is córa dhó
Níl neart ag duine a dhul an bóthar aca, nach bhfuil cluiche aca amuigh roimhe, len a dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na h-údair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orra — gan smacht gan ceannús ceann
Bhí mé ag teacht anoir as an oíche cheana, agus ní fhaca tú aon-ghábh ariamh mar a ndeacha mé ann. Bhí a raibh de ghasúir uiliog ar an mbaile faoi réir faoi mo chomhair ag bóithrín na bF. agus bhí mé do mo chaidhleadh le dairteacha aca, as sin anoir go dtí an gleann. Níor caitheadh cloch na miarthóig (méaróg) liom gan "doubt". Ó a fuair mise an gó sin tharm, tiocfaidh uisce le fánaidh aríst shul (d)á fheicfear mise aríst i mbaile Bh.
Ó a thosuigh corr-dhairt dhá chaitheamh leis thug sé cúl duinn ar fad. Níor thaobhuigh sé an teach le tuilleadh agus ráithe. Is beag le beannú dhom a dhéanas sé anois. Ní leigfeadh sé isteach in a cheann chor ar bith nach mise a chur suas le na scurachaí a dhul ag caitheamh dairteachaí leis
M'anam muise ó a chuaidh sé ar chaitheamh na ndairteachaí go bhfeicfidh tú mara bhfágtar an caitheamh faoi fhéin ar fad go (gur) gearr gur ar chaitheamh na gcloch a thiocfas sé. Ní fhaca tú ó rugadh tú an té is lugha acmhuinn grinn ná é sin.
B'uathbhás iad na dairteacha a bhí ag dul amach thar an mullach agam. B'éigin dom imeacht ar mo chromadadh istigh faoi'n gclaidhe gur bhailigh mé suas an Ch. nó sciochaidís an cloigeann dom (díom). 'Chuile eallach i mbaile ach na diabhlánaigh sin. Tá marbhú duine orra
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeithí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nar caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin ins an gcatmara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin annsin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh spóirt ins an áit a mbeidh sé sin
Is dona a thaithneochadh sé leis féin dairteog a bhualadh ar an leiceann air. Mo choinsias dá mbuailthí ní i bhfad go mbeadh "leig amach mo mhullach" ann. Tá a fhios aghainn go maith cé hé
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill in a ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil, ní raibh agham féin, go raibh sé ingreim muiníl ionnam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Marach sin dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí fabhairt in a shúil a mhic ó mo chroidhe thú. Is maith an scéal gur beag é a dhicheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baoghal air
b.
+–
Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le bheith ag iarraidh an chloch sin a phléascadh le ord. Púdar a theastuigheas uaithe = obair do-dhéanta é féachaint leis an gcloich sin a phléascadh le ord
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint de'n tsean-lánamhain sin. Lá agus gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aige-san a bheith leo. Agus dar fiadh bhí "set" ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fóghnamh.
TUILLEADH (7) ▼
Dhá dteightheá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabhail do chlocha ar do cheirteachaí, ba samhaoinighe dhuit é ná a cheapadh go mbainidh tú beatha amach ar na cupla giodán breaclaighe sin. Is maith an fáiteall bruic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéanaidh muirín (muirghín) cúis orra, gan teacht isteach ar bith eile tharta tá sé fánach aca
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaoghal a chaitheamh in a buil. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeochas uaithe. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon-duine atá a fhios é, ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaoidheamhla go mór a fágáil annsin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcomhnuí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rádh leat an ceann aca a thosuigheas ar an gceird sin — go bhfuil sé de bheith uirre gan eirghe as dá dtugtaí an saoghal mór di.
Bhí sé cho maith di anois a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le síleachtáil go gcuirfidh sí an oiread de'n dallach-dubh air sin agus go bpósfadh sé í. Ní phósfaidh muise cho uain agus a bhéas grian ag dul deiseall
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuímnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuímnigh gurb é Rí na nGrást a rug buadh ar Fhiannta Fionn; Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh siar; nó ag sníomh gádrachaí de ghaineamh trágha; Ná aon anam amháin dá bhfuil in Ifreann íochtair; A thabhairt as aríst go bráth" (As Argóinteacht Oisín agus Phádraig. Ó m'athair a thóig mé é).
Is ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh dó é, a dhul ag saothrú an riasca' údan. Dheamhan fata a thiubharfas sé go bráth dó, dá gcuireadh sé a bhfuil d'aol i dtornógaí na h-Éireann air. Abruigheadh "fear na bhfataí" a rogha rud. Cé'n scil atá aige-sin ann ach an oiread liomsa, a leath-oiread sin féin! (níl aige ann)
B'fhearr duit tosuighe ag caitheamh dairteachaí anois leis an mbogha báistighe sin a fheiceas tú ins an aer ná a dhul ag cur chomhairle air sin. Is measa é sin ná Mac na Mío-Chomhairle. Fuair Mac na Mío-Chomhairle grásta idir an stioróib agus an talamh, ach é sin: mara bhfuil ag Dia níl indán grásta dhó go ndéantar dhá leith glan-eascartha dhá mhuineál idtosach
Mara bhfuil aon-cheo eile ar t'aire teirigh ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh nó leis an mbogha báistighe má's fearr leat é
+–
B'fhearr dhó a dhul síos annsin thíos ag an gcladach agus a dhul ag caitheamh dairteacha le Condae an Chláir (Árainn agus rl.) ná a bheith ar an gceird atá air. Ag réidhteach agus ag rómhar sean-chlochair annsin thiar, agus é ag ceapadh go ndéanfaidh sé bun ar na cupla acra gágach sin. Dheamhan bun muise len a loiseac
Mara bhfuil aige faoi dheire th'éis a chuid scoileannaí agus coláistí ach ag breathnú indiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaoghal. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Conndae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart, ag forcabhás ar chupla buitín faochan a chruinneochas muintir an L.
TUILLEADH (1) ▼
Is túisce a ghabhfainn ag caitheamh dairteachaí le Árainn ná a bhuailfinn faoin obair gan tabhairt sin, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair mar adeir an ceann eile. Meas tusa a dtiocfainnse do mo mheath féin agus ag cur mo chuid alluis ag iarraidh sean-mhóinteáin atá annsin suas a shaothrú — scáth chúig phunt airgid. Nach mé atá adhartha, mar adeir fear an Achréidh. Is deacair a dhul ag iarraidh maitheasa ar dhream ar bith a shíleas go mbeidh aon-tabhairt go bráth ins an muing chaca sin
c.
+–
Ní raibh ann ach caitheamh dairteachaí le h-ais an chogaidh seo = ní fiú caint air (an cogadh deire 1914-1918) le h-ais an chogaidh seo; is measa go fada é an cogadh seo ná an cogadh deireannach; ní raibh goir ná gaobhar ag an gcogadh deireannach ar an gcogadh seo
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh ins an rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha, le h-ais na gCogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleaghachaí agus le tuaightí. 'Ar ndú, dheamhan deichneabhar a bheadh marbhuighthe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh "bomb" amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoghail. Seo é deire an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos ins an Targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh ins an targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
TUILLEADH (10) ▼
Ní tada an S. a bhualadh. 'Sé is fhearr in Éirinn ceart leor, ach céard í Éirinn? Ní raibh ins an troid sin ach caitheamh dairteacha le h-ais an cheann seo: má theigheann sé le M.
Go dtugaidh Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí annsin … bhuel b'ionann agus gurbh eadh. Ach an t-achrann atá mise a rádh; bhí dhá bhaile uiliog amuigh. Ceann aca ar chaon taobh de'n alt siúd atá ins an mbóthar taebh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spalaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: 'chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfascadh tigh Gh. agus feiceál againn ar fad air
Ní raibh annsin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionnsuighidh sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thiubharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon-troid thuatach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar áirdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá asna ann. Tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
Ní raibh ann go dtí seo ach caitheamh dairteachaí nó go dteagaidh an firéad siúd ann. Tá sé cho maith do L. a sheolta a árdú go dtí padhar eicínt eile an uair sin. Chuirfeadh an firéad sin dhá chrígh Mhuire thrín a chéile. Ní raibh dhá cheann an tighe sin ariamh gan a bheith thrí lasadh — ariamh ins an saoghal
Caitheamh dairteachaí a bhí ann arbhú aréir ar ghualainn na h-oíche aréir. Ó stop! Bhí sé in a bhruighshléacht ceart. Ní bhfuair mé an oiread cuideachta ó a rugadh mé. Bhí sé seo thoir ag sáruigheacht agus ní thuigfeá focal ins an gcéad uaidh le pislíní. Ní raibh duine ins an teach nach in a éadan a bhí aréir. An C. scaithtí ag teacht leis, agus scaithtí ag cur in a aghaidh, len a splanncadh tuilleadh. "Grounds" mhór atá ag an gC.
Is deacair P. a chorruighe. D'fhéadfá a bhualadh treasna an smuit agus dheamhan drúcht ná báisteach adéarfad sé leat, ach tosuighe ag gáiridhe. Ach mo choinsias 'sdar m'anam, an uair a bhíos sé corruighe nach bhfuil beart ar bith is fhearr ná fanacht uaidh. Níl ins an gceann eile ach caitheamh dairteacha ar a ghualainn. Ní ag bagairt a bhíos sé ach ag bualadh. Speirfead sé nó sháithfead sé thú, ar ionntú an tsuip. Is fiú é a sheachaint má bhíonn aon-challóid air.
Ní raibh ins an "bpassáil" (scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí má's fíor dó fhéin, i gcomórtas an "phassáil" a chuaidh ar a mhac-seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfuigheadh sé faoi'n a foraí (fabhraí) é, hébrí (pé'r bith) céard a "phassáil" an mac
Ní raibh a dhul isteach ins na póilíos fadó thar chaitheamh dairteachaí, i gcomórtas a dhul isteach ionnta anois. Dhá mbeadh caraidheachaí ar bith aghad an uair sin — duine ar bith adéarfadh focal ins an gcúirt duit — bhí leat. Ghlacfaí ionntu thú gan stróbh ar bith (stró > stróbh i gcomhnuí i gcaint de bharr a bheith idir-ghuthaí i gcomhnuí bunáite). Ach tá siad an-ghéar anois. Ní mór dhuit breac-fhoghluim mhór a bheith ort go nglacfaí thú. Nach ionnta atá saint ag 'chuile dhuine anois!
Tá caint an-chruadh i scéal atá ag M. C. Níl in Argóinteacht Oisín agus Phádraig ach caitheamh dairteachaí len a ais. Ní thuigfeá cuid de'n chaint siúd beag ná mór. Sean-liagáistí móra atá ag an gC.
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá innte i gcomórtas oibre. Chonnaic mise fadó an uair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtóigtheá do cheann chor ar bith, gheobhfá bóthar abhaile. Bhí siad dubh-ghéar. Chonnaic mé meitheal ar fad — cho maith le scór fear — dhá mbriseadh in éinfheacht ann aon-lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabhail fhuinn. Ní raibh siad ala an chluig féin in a seasamh, an uair a díbrigheadh abhaile iad
d.
+–
Bhí sé ag baint dairteacha ag an scéal = bhí sé ag baint fóideogaí ag an scéal nó ag baint spreabannaí ag an scéal; ag tarraint an scéil anuas; ag trácht ar rudaí ar dhóigh dóibh an scéal nó an cheist a thabhairt ar chlár na h-imeartha; ag stócáil, ag téisclim, nó ag réidhteach an bhealaigh do'n scéal nó do'n cheist.
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dubhairt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orra anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Leigfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shoin.
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh sé ach ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag tabhairt leidí uaidh faoi na portaigh, ag ceapadh go dtarraing(eochth)aidhe anuas an mhóin. Is beag dá chuid cluanuidheacht' sin é deirim-se leat. Ní bheadh Rí na Méaracán suas leis
Bhí sé thíos annseo thíos oíche aonaigh agus braon maith ins an gcoiric aige. Má bhí féin bhealuigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionnsuigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. "Tá gabhaltas maith go leor agad" adeir sé "ach is gearr go mbí sé in a stupóig ort cheal a shaothruighthe. Breagh nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma annsin, isteach agus amach ag cothughadh an dá splainc sin. Gheobhfá bean dhá mbeadh sé de ghus ionnad fhéin í a iarraidh." Níor labhair sé ar a inghin féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a h-iarraidh. Is beag nach'r thiomain sé air í. Ach 'ar ndú mo léan ní chorróchadh cannda "gelignite" an fear thíos as an gcúinne
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
dairt in iontrálacha eile (3)
→
déan 1
Gheobhaidh sé a sháith mhór le déanamh feicfidh tú féin air agus an "bully" seo anoir a chur in aer. Ní chuirfidh sé in aer é, cho réidh agus a chuir sé an dream eile. Ní raibh ins na troideannaí eile sin dhó ach ag caitheamh dairteacha
→
dúradán
Chuaidh dubhradán faoi mo shúil indé agus muid ag caitheamh dairteacha ar an bportach. Airighim fúithe fós é. Tá sé an-tinn
→
dúshlán
Ní bhainfidh tú é. 'Sé do dhubhshlán é anois. Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le bheith ag féachtáil leis