Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Do-
/du/ : /dṳ/
réammír roimh aidiachta agus aidiacht bhriathra
malrait so-.
Tá réammír eile dubh- atá an-choitianta agus atá ar an aon-fhuaim le do- nó ionann agus é. Bíonn an guth i "dubh" níos fuide siar ná do- measaim. Ach is furasta a n-aithneachtáil thar a chéile ó'n mbéim chainte. Cuirim igcás do-thóigthe agus dubh-thóigthe. Is beag atá is na fuaimeannaí féin a gcuirfeadh duine cronuighe ionnta mar a dtóigtí le Gaedhilge é, ach brathfaidh aonduine go bhfuil an bhéim nó có-bhéim ar do- i do-thóigthe, agus go sciorrann sí thar "dubh-" i dubh-thóigthe go dtí an príomh-fhocal. Tá a mhacsamhail de rud le an- an (ain) i bhfocal mar an-eolas, aineolais, an-fheoil, ainfheoil (ar "an" agus ní ar "an-" atá an bhéim)
nach féidir a dhéanamh; a bhfuil sé an-deacair a dhéanamh. Is féidir do- a chur roimh aidiacht nó aidiacht-bhriathar ar bith agus baintear leas as éadan as is an gcaint mar sin. Níl annseo síos ach roint somplaí.
+
Do-bhlighte (bó do-bhlighte — ní shéimhighthear é go minic leis an bhfocal buineann féin); Portach do-bhainte é; Curach do-iomra(mha) í (nó do-iomruighthe); Móin do-thriomuighthe í; Éadach do-nighte é
Nach sib a chuir docht ann é. Tá sé do-bhogtha
TUILLEADH (31) ▼
Tá an ghlas-shnaidhm seo do-scaoilte
Níl na fataí nuadha sin do-bhruithte chor ar bith
"Tá na fataí seo do-nighte, do-bhruithte, do-churtha síos. Tá an tincéara igCorcaigh agus an pota ag leigean thríd" (as "Fáilte an Duine Dhoicheallaigh")
Tá an ithir do-spréidhte th'éis na báistighe
'Ar ndú' tá sé do-fhuinte nuair nach gcuireann tú sóidí ann
Tá an raibiléara de khettle sin do-fhiuchta
B'éigin fuath fíonnaidh a chur ar an gcích dhó sin. Bhí sé do-choiscthe. Sin é an fáth a bhfuil an spreacadh ann
Tá a chuid scríbhneóireacht do-léighte go maith
Tá an garrdha siúd féin sáthach do-bhainte
Is fear do-bhuailte é. Cá'il fear a bhárrtha mar sin? Dheamhan duine a d'fhéach é nachar chuir sé taobh na bpoll as a chionn
Tá Sasana do-bhuailte
Sin bróga do-chaithte agus an fhad agus atá siad agad
Tá sé siúd do-mharbhuighthe nuair nachar mharbhuigh a bhfuair sé d'iarrantaí céadtacha annsin siar é
Bhí an capall sin a bhí go deireannach ag P. Sh. buille do-cheansuighthe. Is beag nachar chinn air a thaithiú le na "mótarss" chor ar bith
Tinneas do-leigheasta é, mara dtapuighthear in am é
Maidir le T. níl aon-mhaith air. Tá sé do-leigheasta
Tá an doras sin do-shníomhtha a mhic ó. Beir air go bhfeicidh tú cho daingean agus atá sé
Tá an "bicycle" sin do-bhriste nuair nachar bhris sé siúd é le bliain
Chaithfeadh sé go mbadh leitir do-scríobhtha a bhí innte, má chaith sí léithe ó eadarshuth go trathnóna
Níl peacadh ar bith do-mhaithte. Ag Dia atá 'chuile shórt a mhaith míle moladh leis féin
Tá an talamh atá annsin thuas againn do-choisnighthe. D'fhéach mé len a chosaint anuiridh agus arú anuiridh. D'fháluigh mé é, bhiorruigh mé na claidheachaí, chuir mé sceacha orra, ach bhí mo shaothar in aisce agam. Bhí siad leagtha go talamh faoi cheann coicíse
Diabhal a bhfaca mé aon-uisce ariamh cho do-théighte leis sin aindeoin go bhfuil caor theine faoi
Tá an fheárnóig do-lúbtha
Talamh do-shaothruighthe críochnuighthe é
Duine do-mheallta é sin. Is deacair cluain a chur air
M'anam go bhfuil na muca féin do-dhíolta th'éis a laghad aca agus atá ann
Níl rud ar bith do-dhéanta, má tá díocas ceart ar dhuine a dhéanamh
"An rud a bhí do-dhéanta rinne Sé Féin é. D'fhulainn sé A sciúrsáil A chrochadh agus A chéasadh" (as amhrán Diadha: "trí scóir a bhí an Naomh Joseph nuair a phós sé Muire Mháthair")
Tá sé do-mhúinte ag an scoil, agus do-smachtuighthe 'san mbaile
Duine do-shásta é
Tá an fhéasóig seo orm sáthach do-bheárrtha ach dhá mbeadh an barr marbh bainte dhi agam, bheadh liom
·
Is do-chreidthe an scéal é, nach do-chreidthe, nach bhfaca sé aon-traen ariamh
Sin rud do-chreidthe muis, ach d'fhéadfadh sé a bheith amhlaidh in a dheidh sin.
·
Tá sé do-fhaighte anois ar chaoi ar bith, ach sin é an chaoi le 'chuile shórt dhá mbíonn 'san teach seo. Ní bhíonn aon-fháil air
Nuair a d'eirigh siad do-fhaighte (na tuitíní), d'eirigh seisean asta, th'éis nach ndéanfadh luach deich scilleacha 'san tseachtain lochán ar bith dhó roimhe sin
+
Duine do-chomhairleach é = ní ghlacfadh sé comhairle; ní ghéillfidh sé do chomhairle
Sin é an chaoi a mbíonn an duine do-chomhairleach igcomhnaí. Ní bheidh sé sásta mara dtugaidh sé an dubh-léim.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé sin doscúch do-chomhairleach agus tá a shliocht air. Breathnuigh indiu air!
Ó tá sé cho do-chomhairleach agus go bhfuil, a chead sin a bheith aige. A chomhairle féin do mhac dhanra. Múinfidh an saoghal é, feicfidh sé féin air
Sin é an chaoi a mbíonn an duine dona do-chomhairlighthe igcomhnaí
Nach diabhlaí an chaoi a chuir sé air fhéin faoi dheireadh thiar th'éis a bhfuair sé de dheis. Deir siad go mbíonn an duine dona do-chomhairlighthe agus an duine sonaidhe so-chomhairlighthe. M'anam go bhfuil a chomharaidheacht len a chois freisin. Is beag den cheird sin a fheicfeas tú ar mhac Sh. an tSiopa seo thuas
+
Bóithrín an-do-shiubhalta é (baintear leas as an- go minic roimhe)
Tá sé an-do-ólta (leann)
TUILLEADH (7) ▼
Iasc an-do-ithte é in a dheidh sin. Tá sé ro-láidir
Is "bicycle" an-do-thiomáilte é seo. Tá sé dubh-throm
Tá an bhó sin an-do-thóigthe
Duine an-do-thóigthe é. Dhá bhfaghadh sé fuigheall na bhfuigheall, ní bheadh slacht a chodach air
Tá na cupla mullach siúd an-do-ghlanta. Tá pláigh shalachair ionnta
Breac an-do-mharbhuighthe é
Duine an-do-shaghdtha é = is deacair a shaghdadh

Féach freisin