Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

muintir (100+)

 
daba
Ná bac le tuiscint a bheith ag muintir na háite seo a dheartháir. Ní athróidh siad go brách fhad is choinneos an government daba leo
+
dáimh
Is dual dáimhe dhó a bheith mar sin; is dual dáimhe agus muintire dhó a bheith mar sin — ní ón ngaoith a thug sé é; fáisceadh as sin é
TUILLEADH (1) ▼
Is mó an ghairm atá aici sin don té nach bhfuil gaol ná dáimh aici leis ná lena muintir féin. Ach nuair a theastós rud eicínt uaithi, ní bhíonn aon leisce uirthi an gaol a mhaíochtáil mo léan!
 
dairt
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
 
Chuir siad an dallamullóg críochnaithe air lá is gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aici siúd, agus má bhí scór punt spré aici ba é a clochneart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aici ar chuma ar bith
 
Ní bheadh lá maitheasa dhuit ag caint faoi rudaí mar sin le muintir na tíre seo. Dallaráin chearta iad. Éistfidh siad leat, beidh siad dhá ligean isteach i gcluais, agus amach sa gcluais eile. Sin é an chaoi a bhfuil siad
+
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
TUILLEADH (1) ▼
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamhchodladh mé ar feadh na hoíche aréir lena gcuid glaomaireachta. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall dúda inniu. Airíonn siad na daoine go dona. Bhí lá den tsaol muis, agus ba bheag an ghlaomaireacht a bheadh acu sna bólaí seo, ach airíonn siad a raibh ar fónamh ann imithe anois
 
dálta
Is tú atá dícheallach bail ó Dhia ort, ní hé dálta daoine eile é. Is maith luath atá tú aníos ón gcladach agus an mhuintir s'againne faoin bpluid fós. Ach ba lá corr é an lá inné.
 
Damnú síoraí air! Bleitheach eicínt aníos as Contae an Diabhail Bhuí nach dtuigfeá aon cheo den lapaireacht atá aige ach an oiread is a thuigfeá lochán lachan, ag rá nach raibh Gaeilge ar bith ag muintir na háite seo! Mura bhfuil, chí Dia muis, nach mórán slacht atá ar an nGaeilge atá aigesean!
 
dán
An rópa a chuireas muintir Árann ar adharca na mbó nuair a bhíos siad dhá cur sa mbád ar Cheann Gainimh, sin é an dán
 
de
Bhí an mhuintir taobh thiar d'abhainn ina ngamal an uair sin d'uireasa droichid. Ní raibh acu ach a dhul an chora
 
Ní hí an dea-aithne atá ag muintir na háite seo ar an gcneámhaire sin. Shlad sé iad cheana: imeacht le luach a gcuid beathach agus gan comhaireamh na sop a thabhairt dóibh ariamh. Muran sonnta é, go dtabharfadh sé é féin le taispeáint sna bólaí seo go brách aríst! Ach níl náire ar bith ann
 
deacair 2
Is deacair do mhuintir an bhaile seo móin ar bith a bheith acu agus an t-aistear portaigh atá orthu
+
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (1) ▼
Tá a fhios agamsa nár iarr tú fhéin ná do mhuintir punt ná scilling ar aon duine ariamh. Ní raibh aon chall daoibh leis. Muise diabhal ar chuir mise fhéin an deachma ariamh ar cairde ach oiread, ná cuid dhá chur
 
Bíonn deachmaíocht mhór in áit ar bith a gcaithfidh cuid de mhuintir an tí a gcuid béilíochaí a cheannacht amuigh cheal a bheith in ann a theacht abhaile chucu
 
deaide
'Siad súile do dheaide atá agat. Ó, is le muintir Ch. atá tú ag dul
 
Chonaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. Nuair a bhí sé tuairim is leath bealaigh go dtí mé, d'iontaigh sé soir aduaidh. 'Dar príosta,' arsa mise, 'is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … '
 
Chuala mé gur bhain an fear seo thuas deannach as na másaí ag an inín faoi fhanacht amuigh san oíche Dé Domhnaigh. Bhí sé roimpi ag giall an dorais chuala mé, le beilt, agus bhí chaon iarraidh aige uirthi aniar sa gcadairne léithe ar feadh uaire ina dhiaidh sin. D'fhan muintir bharr an bhaile ag éisteacht leo ar feadh i bhfad. Ní raibh tada le cloisteáil uaidh ach "do gcuirfidh mise faoi ndeara dhuit" (do — aithris ar fhear nach raibh in ann a chuid g a rá; do = go)
 
Níl múr ar bith is deannachtaí ná an múirín gréine ar ndóigh. "An múirín gréine an múirín is déine" adeir siad. Caitheann sé an bháisteach an-leatromach amach sa samhradh. Bheadh ráig dheannachtach anseo, agus dheamhan is móide deoir ar bith b'fhéidir a bheadh thiar ar an gC. Bhí mé ag teacht anuas le fána Cnoc Bh. lá. Tháinig sé ina bháistigh orm. Tabhair báisteach uirthi: ní ligfeadh sí luch as poll ná diabhal as ifreann. Chuaigh mé ag tóraíocht foscadh. Mo chreach an foscadh ansiúd. Ach mar sin féin, shúigh mé mé féin isteach in áit eicínt go liginn tharam é. Bhí mé ag breathnú síos ar mhuintir Bh. ag obair ar na portaigh i nG. na B. Leathnaigh m'amharc orm. Nuair ba déine a bhí sé ag cur san áit a raibh mise, bhí siadsan ag obair thíos ar na portaigh. Dheamhan an sileadh a chaith sé ann ach ina scaladh gréine, théis gur gearr óna chéile an dá áit. Ní fhaca mé ariamh in mo shaol sílim báisteach tí (ní) ba deannachtaí ná a chonaic mé an lá sin
+
Sin é muintir Ph. Th. Mh. déanta. An bhfaca tú an stiúir a chuireas sé air féin agus é ag inseacht rud ar bith dhuit? An stiúir chéanna a bhíodh ar Ph. Th. Mh. go ndéana Dia grásta air
TUILLEADH (3) ▼
'Siad an mhuintir thiar déanta é. D'aithneofá an truisle cheana féin ann, ainneoin nach bhfuil sé thar naoi nó deich de bhlianta. Agus ar thug tú faoi deara chomh buí bealaithe agus atá sé
'Siad Clainn nDonnchadha déanta iad clann L. sin. Faltanas mhuintir Laoi agus buille feill Chlann nDonnchadha a chuala mé ariamh. Is acu sin atá an buille feill ar chaoi ar bith. Bheadh an tsúil ar do bhois acu shula d'aireofá é
Deile céard í ach bean Achréidh déanta. Óna máthair a thug sí na bealaí sin. As an Achréidh muintir na máthar fréna chéile. Ach shílfeá go bhfuil siad chomh fada san áit seo anois agus go mbeidís taithithe ann
 
deara
Nach gránna an faisean a thug sí faoi deara di féin, a bheith ag cur banlámh dhá teanga amach faoi chuile dhuine. Tá a muintir náirithe aici. Is mór an úis í
 
dearg 2
Dearg an lampa sin, agus ná bíodh muid inár muintir Dhorchaí níos faide
 
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
 
Agus bhásaigh sé faoi dheireadh thiar! Bhí aois chapall na muintire aige sin go ndéana Dia grásta air!
 
deis
Nuair a d'éirigh an deis leat, níor thapaigh tú í. Is fadó an lá a bheifeá i gcrích dhá dtugtá aird ar do mhuintir. B'fhéidir dhá mbeadh breith ar t'aiféala anois agat go dtabharfá
 
Deiseal uileag a bhí an mhuintir s'againne ach tá cuid acu seo ciotach de bharr na gC. (C. a bhí i muintir a máthar)
+
diaidh
Tá muid ag cruinniú romhainn agus ag bailiú inár ndiaidh ó mhaidin inniu; agus 'sé a bhfuil againn fós coróin. Tá faitíos orm nach mórán gnaoi atá ag muintir na háite seo ar a (ár) gcuid spóirteannaí. Dhá dtéadh fear thart le aghaidh elections nó rud mar sin, is maith teann an spaga a bheadh tráthnóna aige.
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé sin ar fad, agus cuid mhaith leis, ach ina dhiaidh sin féin, ní drochfhear é, don té a bhfuil sé leis. An bhfeiceann tú a mhuintir féin ansin thiar, agus níl duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil teach nua ceann scláta os a chionn, gan sciúrtóig ariamh a chailleadh leis. Thabharfainnse fear maith ar fhear ar bith nach bhfágfaidh a dhuine féin ar deireadh
Chuir sé a dheirfiúr de dhroim tí. Chonaic mé í an lá a mb'éigean di féin agus dhá háilín G. síos a thabhairt orthu féin, agus scrúdfaidís thú breathnú orthu. Rinne sé sin, agus déarfá gur beag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a mbeadh baint na páirt aige lena leithide de chleas. ina dhiaidh sin agus uileag, tá daoine ann — agus cuid dá mhuintir féin freisin — adéarfadh leat nach ndearna sé leathcheart léithe
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Oíche chinn bhliana aríst go raibh muid féin agus chuile dhuine dhá(r) muintir abuil a chéile gan bascadh gan bearna, más é toil Dé agus na Maighdeana Glórmhar é! — altú bídh Oíche Nollag
 
Tabhair chuile shórt dó ach ná hiarr tada air. Ní bhfaigheadh Dia shúlach aon cheo uaidh féin. Daoithiúlacht den tsórt sin a bhain dó féin agus dá mhuintir roimhe. Ba a dhul in aghaidh dúchais dóibh é dá scaraidís le tada, ach chuile rud a bheith craptha isteach acu féin (chucu)
 
díbir
"Sagart de na Ruaircigh mé, a d'imigh sna caoirigh strae; Tháinig an ghaoth aduaidh orm, agus díbríodh ó mo mhuintir mé" (Dhá líne as amhrán nach feasach dom cén t-ainm atá air)
 
Breá nach dtéann tú agus a dhul ag díbliú air fhéin. Dheamhan a fhios agamsa céard a bhaineas dó fhéin ná dhá mhuintir. Tá sé ansin thíos agat, agus níl i bhfad le dhul agat le n-inseacht dó gur sconmhíol é má thograíonn tú. Ach ná bí do mo bhodhrúsa faoi níos faide
+
díle 1
Tá a fhios agat go maith go mba deannachtach an ráig í agus go raibh mé ag breathnú amach ar an turlach siúd agus na gasúir ag bualadh báire ann ar maidin. Tráthnóna tháinig muintir Ch. anall thar an abhainn go dtí béal an dorais sa teach a raibh mé i mbád. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan bhí sé chomh dona … Síleann tú gur ag cumadh atá mé. Dar mo choinsias muis, ní hea. Sin í lomchlár na fírinne duit, chomh maith agus dhá gcloistheá amach ó bhéal an tsagairt é. Fiafraigh de J. Mc G. é an chéad uair eile a thiocfas sé ar cuairt
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a bhuaileas ruibh na cainte é, cheapfadh duine gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bíonn sé chomh luathchainteach sin. Níl ort ach muintir Mh. a tharraingt aige. Teagann coinneal ann agus áitíonn air ag cur caoi orthu agus ag díbliú orthu. Déanann sé leitheachaí de na focla ina bhéal, bíonn an oiread sin anbhá air. Níl greann go héag ach éisteacht leis
 
Tá na ríochtaí sin dímheasctha thrína chéile ar fad. Ní túisce mór le chéile iad ná is mian leo a bheith in árachaigh a chéile aríst. Muintir an bhaile seo thiar go díreach! Ar an dá luath is a ndéanfaidh duine mórtas le duine eile, tiocfaidh duine eicínt eile ina aghaidh
 
ding
Dhá dtéadh sé ag iarraidh bhótannaí anois, ba deacair a gcoinneáil uaidh. Cine tréan iad a mhuintir. Cá'il an áit sa tír nach bhfuil ginn acu, agus iad ceannasach fréna chéile?
 
Tá an coca sin sách diogáilte anois. Níl tú ach ag cur anró ort féin dhá dhiogáil sin, arae is gearr gur ina phlaicín gabhair a bheas sé mar a bhí sé anuraidh. Ní bheadh aon mhaith dhuit ag caitheamh do theanga leis an muintir atá anseo. D'éireoidís i mullach a bhfuil d'fhéar ag M. M. T. Uí R. agus bíodh sé acu. Sin é a gcuid sleamchúise
 
Níl an deoraí féin aige ansin ach duine a fuineadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomharthaíocht lena chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann ansin thiar air, bhí claimhe den dream sin in éindí leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil ansin go maródh muintir Ch. na R. é murach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siúl ag imeacht acu. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chomaoin dóibh J. a shábháil ach oiread. Nuair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóibh, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
+
díol 2
Bhí sé ag ceapadh go raibh an-spré le fáil aici sin, agus ar ndóighnín d'fhága a muintir mar sin é nó gur bhuail siad air í. Deich bpunt a bhí aice: sin é an méid. Ní bhfuair sé ach díol a náire
TUILLEADH (2) ▼
Rugthas air san oíche Dia Luain agus gan an chruithneacht ach cruaite aige. Chaith póilí trí huaire tigh Sh. an lá sin, agus bhí a fhios ag muintir Sh. go raibh an iarraidh fuisce ar na bacáin. Nach in é do dhíol!
Go bhféacha an tAthair Síoraí orthu, nach saothraithe an greim acu é. Is mór an díon trócaire iad. Fuiríocht calaidh orthu thíos ansin le seachtain agus gan a fhios acu céard is cor dá muintir sa mbaile. 'Sí beatha an ghiorria í beatha an iascaire. Má bhíonn rud de bharr fáiteall na farraige, dar fia bíonn sé ceannaithe go maith
 
Is cuma cén lastas a thiocfas isteach faoi chaolachaí an tí seo, 'sé an drochrath a ghabhfas air. Tá muintir an tí seo ródhiomalach le tada a bheith acu
 
Ní raibh aon diomdha ariamh uirthi faoina phósadh, théis go raibh a muintir uileag ag casaoid uirthi an uair sin mar gheall air. Níl beirt inniu sa bparóiste chomh teolaí léithe
 
Bhí an mháthair ar chuma ar bith sách diomdhach de mhuintir Sh. Dh. Níor thaobhaigh sí iad ó cailleadh an iníon. Dúirt sí gur fhága siad ansin í, gan fios a chur ar an dochtúr go raibh sí ag saothrú báis
+
Bhí na C. sin agus a muintir díonmhar i ngach áit dá raibh siad. Ar ndóigh ní raibh taoisigh ar bith ar an mbaile seo fadó ach iad. Deiridís go raibh T. M. in ann duine a thabhairt ón gcroich. Bhí fear eile acu ansin thoir — C. Mór a thugaidís air — agus bhí cóiste cinn aige. Chonaic mise a inín. 'Sí a bhí pósta ag B. G. anseo thíos. Bhíodh sí ag éirí i ndiallait ard
TUILLEADH (2) ▼
Dream an-díonmhar a bhí i muintir Ph. Mh. Mh. sin. Níor chuir a mháthair sin bean bhocht ón doras ariamh agus níor eitigh sí fear bóthair ná bealaigh faoi lóistín. Nach iad a thóg na G. bheaga sin chuile lá ariamh. Meas tú murach gurb iad an mbeidís beo. Bhí sé fánach acu
Nach sonnta an mhaise dhó é a dhul ag tabhairt cine faoi chopóig ar aon duine — agus go mór mhór ar an ngearrbhodach sin thar dhuine ar bith. Sílimse nach raibh macasamhail a family sin sa tír scaitheamh. Bhí siad díonmhar deisiúil, agus is mó an mhaith a rinne siad ar chuma ar bith ná an mhímhaith … A dhiabhail nach teann é ag caint, agus gurb iad díogha chuile dhíogha a mhuintir fhéin
 
díth
Lig de do chuid díth céille, agus gabh suas abhaile. Deargdhíth céille críochnaithe dhuit, imeacht ó do mhuintir féin mar sin
 
Chaith sé ceathair nó cúig de bhlianta ag dul in éindí leis an mbean sin, agus dhiúltaigh sé í ina dhiaidh sin. Bhí an-fhaitíos ar a mhuintir go bpósfadh sé í. M'anam dhá bpósadh fhéin, nár mhiste dhó sin — go raibh sí sách maith aige
 
dligh
Níor dhligh mise tada ó mhuintir Mh. Mh. ach an carthanas. Is mó a chuir mé ann ariamh dóibh ar chuma ar bith ná a chuir mé as dóibh. Ach siúd é aríst é. Féacha gur mé a bhualadh ba mhian leo a dhéanamh lá an aonaigh: agus gan a fhios cén fáth. Ní raibh mé ag cur acu (chucu) ná uathu ach ag tabhairt mo bhealaigh liom anoir abhaile, nuair a d'ionsaigh beirt bhromairí acu mé
 
Go dtuga Dia ciall duit! Tá caint ag muintir Shasana ar chuile shórt ach ar dhlisteanas. Sin é an chloch is faide siar ar a bpaidrín ar aon nós. Bí siúráilte dhó (dhe)
+
Tá caint mhór ag Sasana ar na dliteanais atá amuigh aici ar an tír seo, ach níl caint ar bith aici gur bhain sí amach ár gcuid talúna le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin don amadán. Sea i nDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na hÉireann má thugann siad na hannuities di. Ach tá cuid acu ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh sa saol
TUILLEADH (1) ▼
An té nach n-íocfaidh a chuid dliteanais is cneámhaire é! Deile céard é. Nach gcloiseann tú ag an sagart chuile Dhomhnach é. Agus nár chuala tú in do chuid Teagasc Críostaí é: "Ár bhfiacha dlisteanacha a íoc agus a cheart féin a thabhairt do chaon neach." Má choinníonn de Valera na hannuities is le bheith ina chneámhaire dhó é. Fuair muintir na hÉireann an talamh ar chuntar go n-íocfaidís na hannuities, agus ní le muintir Shasana a d'íocfaidís iad ach oiread, ach le cuid de mhuintir na hÉireann a thug iasacht uathu go gceannófaí an talamh. Ag scrios an mhuintir s'againn féin atá muid le na hannuities a choinneáil. Do dhúshlánsa an méid sin a bhréagnú anois théis a bhfuil d'fhoghlaim ort más fíor dhuit féin
 
dlúth 1
Má tá sé gnaíúil féin, tá sé mar atá dlúth agus inneach ann. Ní fhéadfadh sé a bheith ar a athrú de chaoi agus a theacht ó mhuintir Thuathaláin. Níor lig Máire Ní Thuathaláin aon duine amach as a teach ariamh agus anó air, agus diabhal tada dhá thaise a bhí agá n-a fear L. Mh. ach oiread. Agus bhí Dia buíoch dóibh. Choinnigh sé rud leo ariamh
 
dlúth 2
Níl gnaithe agat tada a rá ina measc sin. Aon mhuintir amháin iad, muintir Ard Raithin. Tá siad sin dlúth i ngaol le chéile
 
Níl luí ar bith aige lena dhlúthmhuintir fhéin. Ag súdaireacht le strainséaraí a d'fheicfeá i gcónaí é nuair a bhíos sé as baile. Ó mhuintir a mháthar a thug sé é sin
 
dochar
Ní mór liomsa don bhrútaí caochshrónach sin a bhfaighidh sé gan dochar gan díobháil dúinne, dár gcuid ná dár muintir amuigh ná sa mbaile!
 
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo doghrainneach go leor. Measaim é. Níl gair ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saighdte iontu agus iad ruaigthe i dtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a chosaint. Roimhe seo, ní chuirfeadh sé aon araoid go deo ar bheithíoch a chasfaí ann, ach m'anam nach é sin dó anois. Tá an-lear sléibhe acu ansiúd freisin: an domhan brách. Is beag a d'aireoidís corrbhearradh a ligean le muintir L., nach bhfuil acu ach dhá spreab ar easca
 
Is doicheallaí go mór é roimh a mhuintir fhéin ná roimh an strainséara. Diabhal mé go mbíonn an-chuntanós aige don strainséara; ach duine ar bith a theagas ag brú aon smearachán gaoil air, bíodh sé sin ar a shon féin. Níl aige ach a rá chor ar bith go bhfuil an gaol ann, agus gheobhaidh sé an bóthar amach. An cuimhneach leat anuraidh an t-am ar tháinig mac J. Sh. Bh. ann …
 
dóigh 1
Ní dóigh an-mhaith a bheith i Londain faoi láthair. Tá an V2 ag teacht anuas ina ceathannaí. Níl aon dochar in áit ar bith eile i Sasana ach ansin amháin, ach cé beag a dhonacht. Is i Londain is mó atá muintir na háite seo
 
An rud is doilí le duine ná a bhás, cá bhfios dó nach é lár a leasa é. Is minic a chuala tú ariamh é. Ba in é a fhearacht ag Bríd é. Bhí a muintir ag iarraidh a cur soir tigh J. Ph., agus bhí gráin an tsaoil aici air, arae bhí sí "ag comhrá" le mac a bhí anseo thiar ag C. Ní Ch., agus séard a bhí sí féin ag iarraidh a dhéanamh éalú leis go Meiriceá. Ach fuair a muintir amach uirthi é, agus théis go leor anonn is anall chuaigh sí tigh J. Ph. Níl aon bhean sa taobh seo go Gh. inniu atá ina suí chomh te léithe. Tá deis agus talamh aici. Tá postaí ag a clann. Déarfá go raibh an t-ádh uirthi ceart. An fear a bhí sí féin ag iarraidh a phósadh, maraíodh i Meiriceá é leathbhliain théis a dhul ann dó
+
Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ónár muintir thú — sin é adéarfá nuair a d'fheicfeá fiach dubh, nó dhá gcloisteá ag screadach é
TUILLEADH (2) ▼
Ná raibh an séan ort! Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ónár muintir thú, gan dochar gan díobháil dúinne
An bhfeiceann tú an fiach dubh? Le gaoith agus le doininn uainn féin agus ónár muintir thú, agus ná raibh aon cheo dhár gcuid sinne in do bhéal
 
dol 1
Tá an coláiste in aisce aige, agus sílim go bhfaigheann sé pínneachaí beaga dhó fhéin, ach níl an oiread aige ina dhiaidh sin agus a dhíolfadh a dhola. Duine an-chríonna é, ach más ea féin, caitheann a mhuintir airgead a thabhairt dó go minic
 
domhan
Cheannaigh muintir Luimní an domhan agus a mháthair muc ar an aonach inniu
 
domlas
'Sé an fáth domsa gan aon deoir a ól: bhí mé Domhnach anseo, tá naoi nó deich de bhlianta ó shin, agus casadh ag stillhouse ar an Mh. M. mé. Bhí an iarraidh críochnaithe go díreach acu: muintir Mh. Á. D'ól mé an oiread dhó agus gur chuir mé chun domlais mé féin leis shular fhága mé an stillhouse. Anoir tigh Mh. Á. linn ansin, agus d'fhan mé ann an lá sin agus an lá ina dhiaidh, agus mé tite dallta i gcaitheamh an achair. Ní raibh mé agam féin ceart go ceann míosa. Dúirt mé liom fhéin, hé brí céard a dhéanfadh Dia liom, nach mblaisfinn d'aon deoir phoitín aríst go brách
 
doras
Bhíodh C. a bhí ansin thuas i mballa Ch. ag sirtheoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair den bhainne nuair a bhí muintir an tí ina gcodladh … Cén stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tithe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cén aireachtáil a bheadh air
+
dorcha
Tá sibh ina (bhur) muintir Dhorchaigh — teach a bheadh dorcha cheal solais. B'fhéidir gur magadh focail atá ann. Muintir Dhorchaigh — Darcys. Tomás Ó Dorchaigh (/durəxī/) srl.
TUILLEADH (5) ▼
Dar príosta tá sibh ina muintir Dhorchaigh. Shílfeá nach mbeadh leithscéal ar bith agaibh anois. Tá dalladh ola le fáil
Ina muintir Dhorchaigh atá an tír anois. Ní raibh dé sholais againn i gcaitheamh na bliana anuraidh
D'fhéadfá a rá nach teach atá ina muintir Dhorchaigh anois ach an tír uileag. A dhul ag déanamh fáideogaí a bhí againn a dhul anois. Tá neart fiógaí suas ansin
Tá siad ina muintir Dhorchaigh chuile oíche mar sin. Níl easpa ola ar bith ann, ach ní ligfeadh an chaillteacht don bhean a ceannacht. Ní chaithfidh sí cianóg ar bith nó go gcinne an saol uirthi
Tá muid ina (ár) muintir Dhorchaigh aríst. Cén smál atá ar an seanlampa seo. Tá sé múchta aríst. Dar fiagaí, chuir mé an iomadú carbide ann, ach b'fhéidir nach bhfuil an t-uisce ag dul chuige. Caithfidh tú fuiríocht liom aríst nó go ndeisí mé é
 
Tá muintir an bhaile seo ag dorchú ar a chéile uileag anois. Dhá gcastaí duine ar an mbóithrín duit míle uair sa ló, diabhal mórán le go mbeannódh sé dhuit
 
Ara tá muintir Ch. an-drabhlásach agus bhí chuile lá ariamh. Chomh luath agus a bhéarfaidís ar an scilling, bheadh sí ag dó a bpócaí go gcaithidís aríst í. Sílim nach bhfuil an líne óg atá ag éirí suas ann mórán níos fearr ná na seandaoine ach oiread. Ach céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú
 
Tá ciste ansin thuas i nG. an tSl. s'agaibhse agus é faoi dhraíocht. Níl i ndán fáil air go dteaga triúr de mhuintir Dh. — trí chol ceathar — agus gheobhaidh siadsan é
+
drámh
Cuid mhaith den drámh atá ar mhuintir na háite seo, 'sé a gciontsiocair féin é. Breá nach dtigeann siad le chéile, agus fear a chur in áit eicínt a labharfadh ar a son agus gan chuile dhuine dhá dtiocfaidh an bealach a bheith in ann a mbréagadh suas
TUILLEADH (2) ▼
Is cuma sa diabhal céard a dhéanfas tusa ar phóilí, ach is ort fhéin a bheas an drámh faoi dheireadh thiar thall. Shílfeá go raibh fuílleach údair ag S. seo thiar don phóilí rua, ach féach nach bhfuair sé comhaireamh na shop sa gcúirt ina dhiaidh sin. Aon mhuintir amháin iad muintir Ard Raithin, adeir siad
Ba mhór i gceist iad muintir Mh. scaitheamh. Ceithearnaigh a bhí iontu, ach tá siad faoi dhrámh uilig anois
 
Bhí drandal an mhagaidh ar an mbithiúnach agus é ag drantán gáirí fúm. Ní mórán a ghoill mo bhris air ar aon nós. Ach dhéanfadh muintir an bhaile sin gáire leis an olc go maith. An bhfuil dream ar bith is measa croí ná iad
 
dream
Chuaigh dream de mhuintir an tí seo chun farraige agus dream eile ag fiach an tsionnaigh
 
dris
Bhí an cine céanna — Clainn Mhac C. — ina ndris chosáin ar mhuintir an bhaile seo ariamh. Ní raibh gair acu a dhul siar nach mbeidís éirithe rompu le dual na droinne a bhualadh orthu, agus ar an gcóir chéanna dá dtéidís soir idir ord agus inneoin
 
Chuaigh mé ar cuairt ann aréir ar na drochóirí dom féin. Is gearr gur bhrúigh an teach isteach le lucht cuarta — muintir Sh. Mh. Thosaigh na cleis. Chuir L. Sh. splaincín dhearg faoi bhonnachaí N. ar an teallach. Ar an dá luath is ar theangmhaigh an teas leis an gcois ag N. d'éirigh sé ina bhruithshléacht agus rug sé ar an tlú, agus orm féin ab áil leis é a ídiú a bhí chomh saor air leis an bhfear nár rugadh. D'éirigh mé féin — ní raibh a mhalrait le déanamh agam — go dtugainn mo bheanna liom. Aniar ar an slinneán a fuair mé é. Diabhal brí é, ach tá sé sách tinn. Bhí an dream eile dhá shaighdeadh — set(muintir) S. Mh. Bhí N. i bhfiántas ceart. 'Déanfaidh mé do lá,' adeir sé. Cheap mé féin nach raibh rud ar bith ab fhearr dom a dhéanamh — ó tháinig mé chomh saor sin — ná a theacht abhaile. Sin é an bhail a chuir mo chuid cuartaíochta orm fhéin
+
droim
Bhuail sé siar, agus níor chónaigh sé de dhroim oíche nó go ndeachaigh sé chomh fada le U. A. Bhí sé ann sular éirigh aon duine. D'fhan sé timpeall na sráide nó go raibh muintir an tí ag éirí. Ba é an chéad bhall é a chonaic an deirfiúr ar an doras a oscailt di ar maidin
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sagart thiar ansin ag seanmóireacht uair. Séard adúirt sé go mba é an t-ól a chuir na hÉireannaigh ariamh dhá ndroim aon uair dhár fhiach (fhéach) siad le tada a dhéanamh. 'Ba mheasa go mór fada do mhuintir na hÉireann an druncaeireacht,' adeir sé, 'ná Sasanaigh.' Níl sí go maith. Tá a fhios ag chuile dhuine againn é sin
Is diabhlaí an báireoir é M. Bh. Tá sé an-tráthúil go deo. Chuir an cúl sin a chuir sé amach muintir an Ch. dhá ndroim uileag. Níor fhan maith ná maoin leo uaidh sin amach
+
dual 1
Go deimhin cá bhfágfadh sí an ghláiféisc! Ní ón ngaoith a thug sí í. Ba dual muintire di a bheith amhlaidh
TUILLEADH (3) ▼
Ba dual muintir an Bhaile Thiar di a bheith bladrach. Bladar ar fad iad — ba as an mBaile Thiar a máthair
Is dual muintire dhó a bheith stuacach pusach. Ní raibh ort a dhéanamh leis an athair ach do laidhricín a 'speáint mar sin dó, agus bheadh sé éirithe agat ina stoithneachán
Níor dhual duit a bheith anglánta ar chaoi ar bith. Ní hé a thug tú abhaile leat. Daoine síodúla a bhí ariamh in do mhuintir
 
dual 2
Thug muintir na háite thiar dual na droinne dhá ndeachaigh siar as seo ann. Níor fhéad aon duine acu teach na bainse a thaobhachtáil i gcaitheamh na hoíche ach sáite i bpoill agus i bprochógaí taobh amuigh
 
dubh 1
Murach an cogadh, bheadh an trá sin dubh le muintir na G. chuile Dhomhnach. Theagaidís amach ina gcuid mótars ann thar a chéile, ach níl aon ghair acu é sin a dhéanamh anois. Earra ghann iad na mótars ar an saol seo
 
dubh 3
An bhfuil aon rath ort ag dúchan (ag cur fhataí). B'fhearr dhuit cupla lá a thabhairt dom le garraí Ú. Mh. Tá an craiceann siúd in ann thú a chur ar do mhiotal. Ní ag tabhairt guth oibre ort atá mé chor ar bith, ach go bhfeicfidh mé cén gníomh atá ionat le talamh, nó an bhfuil tú chomh maith agus atá do cháil. Chuala mé ag muintir na M. nach raibh cinneadh leat ag dúchan, agus dheamhan a bhfuil daorbhasctha dhaom (dhíom) féin