Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deoruidhe
ainm-fhocal, fireann
iolraidh — deoruidhthe ach fc. díoluidhe.
1.
duine ar bith, aoinneach, mac na sceiche, mac an aoin bheo, gein.
+
Ní raibh deoruidhe ann = duine ar bith, aoinneach
An deoruidhe féin ní fhaca mé a d'aithin mé ó d'fhága mé amach an baile, go dtáinig mé ar ais aríst. Shílfeá agus a bhfuil de dhaoine aitheantais i Sasana go gcasfaí duine eicínt liom, ach dheamhan thiomanta duine
TUILLEADH (9) ▼
Ní raibh an deoruidhe féin istigh rómham. Ná dheamhan Dé ná deatach a bhí ann. D'fhan mé annsin cosamar uaire, nó go dtáinic T.
An deoruidhe féin as S. Gh. ní raibh ar an tsochraide, aindeoin go raibh sí dlighte dóib uiliog. Ní fhéadfaidís gan cloisteáil fúithe mara bhfuil an codladh céadtach orra ar fad
Ní raibh deoruidhe ar cuairt ann. Ghlac an dream seo siar fuath dhóib ar fad le goirid. Ní thaobhuigheann aon-dhuine aca chor ar bith anois é. Ach dheamhan agus móide fearr dhóib a thaobhachtáil. Mheáróchadh lucht cuart teach ar bith a mbíonn a dtathuighe
Bheitheá ag siubhal ins na criathraigh domhainne sin ó mhaidin go faoithin agus ní fheicfeá deoruidhe. Chaith mé dhá lá cheana ag fiadhach ar shliabh Fh. agus toirt fiadh ná fionnóige ní fhaca mé ar feadh an dá lá. Anois an bhfuil biseach agad!
Ní fheicfeá deoruidhe ar an mbóthar sin de shiubhal oíche. Is beag an bualadh atá chor ar bith air. Tháinig mé cheana ó Gh. go S. Fh. taca an naoi a chlog ins an oíche, agus níor casadh an deoruidhe dhom ar an bhfad sin. Is caillte an bóthar é
Ní bhfuighinn "fag" ó dheoruidhe istigh ar an mbaile. Nach bhfuil sin sáthach dona anois!
Níor scoth mé deoruidhe ó d'fhága mé seo gur sheas mé thíos ar an margadh. Ba í an mhaidin ba bhánuighthe a bhfaca mé an bóthar ariamh í
Ní fhanfadh deoruidhe de'n chlann in a bhuil — ach greadadh leo. Chreidim marach go raibh sé in a dhroch-cheann dóib go bhfanfadh
'Bhfaca tú deoruidhe ar bith ariamh is gráinne teanga ná é. Ní fhaca mise ar aon-nós
+
Níl deoruidhe an bhéil bheo de'n chine sin ins an tír anois = críostuidhe an bhéil bheo; mac na scine
Ba mhaith teann iad tamall annsin thoir. Ní raibh sé ann an té a déarfadh hata bán leo, ná a leigfeadh an faitíos dó a rádh. Agus feacha in a dheidh sin go bhfuil na préacháin ag dul thrín a gcuid fuinneog agus nach bhfuil deoruidhe an bhéil bheo aca ins an gcomhaireamh ceann indiu
TUILLEADH (7) ▼
Níl deoruidhe an bhéil bheo ag cur aon-éiliú ort marach a bhfuil de sheafóid ort féin.
Níl deoruidhe an bhéil bheo agam anois dhár thóig mé ariamh ach mé fágtha lag lúbach annseo, agus gan an teas ag breith ar an bhfuacht agam
Ní raibh a fhios ag deoruidhe an bhéil bheo go raibh an braon sin agam, mar níor chaintigh mé amach as mo bhéal air. Agus nach maith in a dheidh sin go raibh na póilíos indon breith thall orm. Níl tada ag dul uatha. Tá siad suas le 'chuile nídh
Ná bíodh a fhios ag deoruidhe an bhéil bheo anois cá'il tú ag gabhail. Má bhíonn a fhios, déanfaidhear scéala ort agus gabhfaidh sé daor ort. Fainic a gcainteochthá air le B. Sh. Sin fear gan fascadh.
Chuaidh faitíos ormsa an oíche sin. Nar leigidh Dia go ndéanfainn bréag faoi, ach chonnaic mé an rud … Céard a bhéarfadh duine in éinfheacht liom. Ní raibh ná deoruidhe an bhéil bheo
Creid mé anois nó na creid, bhuailfinn síos anois agus shuidhfinn thíos ar Bh. na T. ó oíche go maidin agus gan deoruidhe an bhéil bheo níos goire dhom ná seo, agus ní bheadh aon-scáth orm. Ní bheadh — a dhuth ná a dhath. Cé mar gheall air. Nach bhfuil Dia thíos annsin cho maith agus atá sé annseo. Nó an síleann tusa nach bhfuil.
Níl deoruidhe an bhéil bheo aige anois a dhéanfas luach na leithphighne dhó, mara ndéanaidh sé féin é. Dar príosta féachfaidh sé fear aonraic freisin freastal do 'chuile mhíle nídh.
+
Níl duine ná deoruidhe ann = duine ar bith. ('Sé "deoruidhe" focal chuingreach duine)
Níl duine ná deoruidhe ar an mbaile indiu. Is baile bánuighthe é. Tá siad ar fad greadtha soir ag an tabhairt-amach seo atá i mB. Dheamhan duine a d'fhanfadh annseo aon-Domhnach dá mbeadh a gcailleadh go deo leis. Is fada leo go dteagaidh an Domhnach go dteighidh siad ag bóthaireoireacht
TUILLEADH (3) ▼
Má theigheann duine ná deoruidhe isteach annsin anois nó go gcruadhuighidh sé sin, déanfaidh siad ciseach dhe aríst th'éis mo chuid anró. Mar sin tá mé ag cur aithne oraibh gan aon-duine a leigean in a ghoire, nó má sheasann aon-duine air fanfaidh lorg na gcos ann
Níl duine ná deoruidhe a bhaineas léithe, len a cuid airgid a fhágáil aige. Agus tá sé aice sin — saidhbhreas na saidhbhreas. Níl righeachan saoghail len a cuid saidhbhris. Siúd é aríst é mar adeir an fear ar ball: airgead caillighe dhá mhún le ballaí. Is deacair an sean-fhocal a shárú adeir siad
Má's maith leat sin a chloisteáil níor fhága an marbh láthair. Dheamhan duine ná deoruidhe a bhí ann an uair a shéaluigh sé ach mé féin. Agus seo é an chaoi a raibh sé …
2.
duine beag crannda feosuidhe; dubhradáinín dona; cranndachán; duine nó rud gan aon-bhiseach. (Ní mheasaim go bhfuil an chiall "díbirteach" nó "ionnarbthach", nó "duine a bheadh thar tír amach" anois le "deoruidhe" ins an gcaint).
+
Níl ann ach deoruidhe beag bídeach
Ab é an deoruidhe sin a bheadh ag dul ag pósadh! Ara céard sin ort. Nach bhfuil sé ag fáil bháis le truailleachas. 'Leabharsa má fhaghann sé siúd bean, gheobhaidh 'chuile dhuine í
TUILLEADH (5) ▼
T'anam ó'n Diabhal má theigheann an deoruidhe siúd ar an mbóthar, caillfear é. 'Ar ndú' ní obair bóthair atá sé siúd in araidheacht a dhéanta. Ní bheadh sé indon tada a dhéanamh ach madraí a thabhairt amach ag spaisteoireacht
Is mór an peacadh an deoruidhe beag sin de ghasúr atá ann a fheiceál thíos in éadan feamainne, agus an guróir bocht seacáilte. Cidh Dia gur mór an náire di a leigean amach leithide an lae indiu — lá a phréachfadh na gabhair
Tá deoruidhe de laogh annsin thoir agam agus ní thiocfadh aon-bhiseach faoi dá dtugainn beoir Lochlainn dó. Cé'n bhrigh ach bhí 'chuile dhuine ag rádh liom go mbadh an-údar tairbh é an tarbh sin ag T. Ph. Seadh muis. Níor tháinic aon-laogh uaidh fós ach laogh gan aon-bhiseach.
Tá deoruidhe beag de mhadadh ann. Cinnín gliobach agus claimhreach féasóige ar a bhéal, agus ní fhaca tusa in do shiubhal lae ball is francuighthe ná é. Shíl sé an chois a scealpadh agam an oíche faoi dheireadh, nó go dtug mé an bhróig isteach ar an drad dó. Is beag an ghrásta a bhí aice féin orm gur buaileadh é.
Níor tháinig aon-bhiseach ariamh air, ach in a dheoruidhe dhona mar sin. Cé'n bhrigh ach dá mbeadh aon-dreach air. Ach mo léan níl, ach in a bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhfadh sé in a dheidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus ins an mbealach ar 'chuile dhuine

Féach freisin

deoruidhe in iontrálacha eile (10)

 
Shílfeá nar dhealuigh galra an tairt fós leis. Chonnaic mé thíos aréir é agus é ag slugadh. Ní raibh duine ná deoruidhe ag coinneál chomhlódair leis, ach é ag diúgadh a phionta leis annsiúd
 
Dubhairt mé léithe a dhul agus móin a fháil ó Mh. ó bhí sí cho mór sin leis agus gur thug sí ar a bainis é, lá agus nacharbh fhiú léithe deoruidhe eile ar an mbaile a thabhairt ann. Dheamhan iomanta caorán a thug mise di. Nach raibh an ceart agam, nó nacharbh é a dhéanamh léithe é.
 
Deir siad th'éis cho scanruighthe agus a bhí sé ag airgead, gur chaith sé a chuid le déirce in a dheidh sin. 'Sé a choinnigh na F. M. siúd beo ariamh, ach nachar chuala deoruidhe an bhéil bheo uaidh é
 
deis
Nach aisteach an deis atá air. Ní mian leis duine ná deoruidhe a leigean isteach faoi chaolachaí an tighe. 'Chuile uair dhá dteigheann sé amach fáisceann sé glas ar an dorus. I bhfaitíos atá sé cheapfainn, go gcuirfí aon-chaidéis ar an mbean
 
diaidh
B'aisteach an rud é sin, nacharbh aisteach. Deir sé gur chuala sé an choisméig (coiscéim) in a dhiaidh aniar aníos ar feadh an bhóithrín uilig. Sheas sé míle uair, agus sheasadh an choisméig freisin. Chinn air duine ná deoruidhe a fheiceál luath nó mall
 
Níl an deoruidhe féin aige annsin ach duine a fuinneadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomhairthidheacht len a chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann annsin thiar air, bhí claimhe de'n dream sin in éindigh leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil annsin go marbhóchadh muintir Ch. na R. é marach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siubhal ag imeacht aca. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chumaoin dóib J. a shábháil ach oiread. An uair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóib, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
 
Sin é an faisean atá aca sin ariamh. Níl duine ná deoruidhe dhá dteigheann isteach aca nach mbíonn an doicheall chéadna aca roimhe. Cheapfá gurb é an chaoi a mbíonn siad go mb'fhearr leo nach dtaobhóchadh aonduine iad
 
Bhí dóighteán mór thart síos anuiridh agus dóigheadh muirín ar fad ann. Níor tháinig deoruidhe an bhéil bheo slán as.
 
Bhí an t-athair an-doscudhach leis an gclann. Ní raibh goir aca fanacht amuigh ó'n bpáidrín nach mbeadh bolta ar an dorus rompa aige. Ruaigfeadh sé amach ag obair iad an lá is deannachtaighe a shéidfeadh as aer. Bhí a shliocht air: d'fhága siad annsin é. Ní fhanfadh an deoruidhe féin aca ina bhuil
 
D'eirigh sé suas in a stuithneachán i lár an tighe agus thug sé dubhshlán a raibh i láthair é a chur amach. "Is dona a fríothadh sib" adeir sé "má tá faitíos ag lán tighe roimh fhear amháin." Diabhal an deoruidhe féin a chorruigh in a dheidh sin