Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déan le
1.
a.
+
Céard a rinneadh leis an tsluasaid a bhí annsin. Ní fheicim chor ar bith le seachtain í
'Séard a rinneadh leis an airgead faoi dheireadh agus faoi dheoidh, agus badh é a bhí a dhéanamh leis ó thús, tugadh do'n tsagart é, agus cead aige a rogha rud a dhéanamh leis
TUILLEADH (2) ▼
Meastú céard a rinne sé le mo rópa indé — mo ghad maoil; é a ghearradh in a dhá leith
Déan do rogha rud leis agad féin is fhearr a fhios
+
Ná déan an rud leis a rinne S. Bh. liomsa: mo léine a stróiceadh treasna mo bhrollaigh ar fad. Dheamhan focal bréige ann
Mara ndúinidh tú do smut, déanfaidh mise an rud leat a rinne C. B. leis an tincéara: do shrón a chur isteach in do chluais
TUILLEADH (10) ▼
Mara n-eirighidh tú as anois déanfaidh mé rud leat: do phus a bhriseadh
Má chloisimse an focal sin as do bhéal aríst déanfaidh mé rud leat: beidh mé ag gabhail ort cho uain agus gheobhas mé teas in do chraiceann
Déanfaidh sé rud leis go deimhin. Is beag dhá chuid gaisce é sin. Dhá gcaitheadh sé cur leis, bheadh smideannaí beaga aige, deirimse leat.
Déanfaidh mise rud leis: é a fhuagairt do'n phóilí má fheicim ag guairdeall tímpeall na h-áite níos mó é
Bhí rud a dhéanamh léithe: gan a leigean isteach annseo níos mó, má tá sí cho cabach sin
Tá rud a dhéanamh leis sin, rud a comhairleochas é, feicfidh tú féin air: gan an carr a thabhairt dhó níos mó. Déanadh sé dhá fhuireasbhaidh, mara bhfuil de mheas aige air ach sin
Tá rud le déanamh le fear ar bith a bhéas ar a cheird sin: cead óil a thabhairt dó go n-ólaidh sé an fheoirlinn deireadh. Annsin cead aige beatha a bhaint as a chrága
Bhí rud a dhéanamh leis sin: cúig nó sé de cheanna dá chuid starrógaí a chur síos in a bholg. Dhúinfeadh sin a bhéal, d'fheicfeá féin air
Abair go bhfuil rud a dhéanamh leo: an rud a rinne P. Ph le asal an tincéara an uair a rinne sé foghail air: é a chur ar thaobh cúl a chinn i gclaise, agus créafóig a chur uiliog air, le nach mbeadh aníos ach a dhá shúil
Ba dual athar dó a bheith ar an sceaimhínteacht sin. Ar chuala tú faoi'n oíche ar tháinig an triúr aca anoir ó'n S. agus iad buailte ag duine eicínt. Bhuail aon-fhear amháin an triúr dearbhráthar. Ag teacht aníos in ucht Chnocán na gC. agus fios aca nach raibh duine ar bith ann le aon-tréas a chur orra, sheas siad suas i lár an bhóthair. "'Séard a bhí le déanamh leis adeir T. "cor a chur in a mhuineál." "Agus an fíonnach a bhaint de phlaic a thóna le cic" adeir L. "Agus scian a chur ann idir builg agus barr-easnacha" adeir M." "Agus "summons" a thabhairt air ina dhiaidh sin." Ba dhin (ba shin) iad an triúr "bullies" agad. Is suarach an t-iongnadh go mbeadh mac duine aca ag imeacht as a chranna cumhachta scaithtí
+
Ní raibh le déanamh leis ach fuil a chroí a chur ar a chac, an bithiúnach bradach
Ní raibh le déanamh léithe ach a caitheamh amach ar fad
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach é a dhathú in a chuid fola
'Sé a raibh le déanamh léithe sin cead a thabhairt di a dhul a chodladh in a troscadh nuair nach bhfuil aon-mheas aice ar an rud a leagtar chuice
+
'Sé a dhéanamh leis é = sin é an gléas, an dearú, nó an cóiriú air; sin é an rud a thuill sé agus ba cheart a dhéanamh leis
'Sé a dhéanamh leis é — é a chrochadh — ná duine ar bith eile a dhéanfadh a leithide de choir. Dhá dtugtaí cead a chos dó sin, nacharbh fhurasta dhó a dhéanamh aríst
TUILLEADH (8) ▼
Cinc (cuinc) a mhuiníl a bhriseadh: badh é a dhéanamh leis é, mar is dearg-scaibhtéara críochnuighthe é
An rud adubhairt tú ar baillín faoin gceann eile, badh é a dhéanamh leis-sean freisin é. Ro-mhaith a bheadh sé aige, duine ar bith a chuaidh i gcleitheamhnas a leithide de chleas a dhéanamh ar chréatúr ar bith. Nachar bheag an tsúil le Dia a bhí aige!
Tuilleadh diabhail agus dúin (deamhain) anois aca! 'Sé a dhéanamh leo é. Tá sé ag teacht ar ais ar a méis féin anois aca. Bíonn cothromacan síne na h-uaire ann adeir siad. Má ghníonn duine an éagcóir, agróchaidh Dia air é luath nó mall
É a bhriseadh. Bhí an ceart ag an "mboss": badh é a dhéanamh leis é. Is maith an rud tamall le spóirt adeir siad. Ní raibh aon-mhaith aige-san ann mara gcaitheadh sé an lá ar fad in a chomhnaí, agus cé'n bhrigh, ach nach mba bheo é mara dteigheadh sé ag déanamh gaisce faoi
Chaith S. amach indiaidh a mhullaigh ar an tsráid é agus badh é a dhéanamh leis é freisin. Ní raibh aon-ghoir ag S. seasamh leis ní b'fhuide. Chaith sé an oíche ag ullúchan achrainn — an splíota bradach
Cuirfidh an sagart amach ó'n damhsa S. B. agus má chuireann féin, 'sé a dhéanamh leis é. Ar ndú' duine ar bith a thiocfadh isteach ar t'urlár ins an gcruth sin, nach mór dhá fhonn a bheadh ort fhéin a chaitheamh amach. 'Cheal nach mbeadh?
D'ionnsuigh mé go binn é, agus má d'ionnsuigh féin, badh é a dhéanamh leis é. Tá a fhios ag mo chroidhe, nach bhféadfainn stuaim a choinneál ar an bhfoighid, agus an sclaibéaracht a chonnaic mé air fhéin. Chuirfeadh sé tonn-taoscach ar mhadadh, chuirfeadh sin
Dubhairt mé léithe a dhul agus móin a fháil ó Mh. ó bhí sí cho mór sin leis agus gur thug sí ar a bainis é, lá agus nacharbh fhiú léithe deoruidhe eile ar an mbaile a thabhairt ann. Dheamhan iomanta caorán a thug mise di. Nach raibh an ceart agam, nó nacharbh é a dhéanamh léithe é.
+
Ní bhíonn sé drochmhúinte liomsa hébrí céard a dhéanfas sé le (bheith drochmhúinte le) duine ar bith eile = thiocfadh dhó a bheith drochmhúinte le daoine eile, ach ní bhíonn sé drochmhúinte liomsa
Ní chaithfidh sé aon-bháisteach anocht hébrí céard a dhéanfas sé len a caitheamh amáireach
TUILLEADH (11) ▼
Hébrí céard a dhéanfadh sí le bheith amuigh san ló níor cheart a fágáil amuigh san oíche go h-áirid
Níl aon-deich scilleacha agam, hébrí céard a dhéanfas mé le coróin a bheith agam
Níor dhúirt mé gur tusa a ghoid é, hébrí céard a dhéanfainn le rá go raibh tú ann len a línn
Ní cheannóidh mé aon-chapall ar chaoi ar bith hé brí céard a dhéanfas mé le bromach (a cheannacht) = b'fhéidir go gceannóinn bromach
Níl díol tighe de chlocha annsin agad hébrí céard a dhéanfas siad len a chur stór amháin
Níl mo dhóthain tobac ann amáireach hébrí céard a dhéanfas sé le mo dhóthain a bheith ann anocht
Níl sé aon-dá scór hébrí céard a dhéanfas sé le bheith deich mbliana fichead
Níor shiúil tú aon-dá mhíle hébrí céard a rinne tú le míle a shiúl. Ach tá sé cruadh aige a bheith míle féin
Ní ghabhfadh sí aon-scór hébrí céard a dhéanfadh sí le dhul ocht bpunta dhéag
Ní leagfainn láimh ar Ph. hébrí céard a dhéanfainn le T. a bhualadh
Is beag an baol atá air a bheith cho láidir leatsa hébrí céard a dhéanfas sé le bheith cho láidir le M.
b.
+
Bhí sé ag déanamh an droch-cheann len a bhean
Is fada an lá í ag déanamh droch-cheann leis an sean-fhear sin. Ní bheadh a fhios aice, cé a dhéanfadh an cleas céadna léithe fhéin fós, ná dheamhan cuid d'fhios
TUILLEADH (1) ▼
Sin í an cailín a dhéanfadh an droch-cheann leat, marach go ndeacha tú roimpe in am
+
Tá sé ag déanamh mór liom aríst; ag déanamh mórtais liom aríst = tá sé ag brughadh carthannais orm
Leig dhó anois. Nuair a imeochas an stuaic sin dhe, déanfaidh sé mór leat aríst. Fág faoi féin é. Ní fhéadfaidh sé a chaitheamh in do bhéal annsin choidhchin gur tusa a thosuigh ag brughadh air.
TUILLEADH (8) ▼
Ba ghearr briste amach iad, an t-am a ndearna siad mór le chéile aríst. Tá siad mór ó shoin. Gheobhaidh tú bainis orra lá ar bith feasta. D'eireochadh dhuit. Nach col ceathar dise thú?
Sin é a raibh de shiocair aige, scáth na cupla focal sin adubhairt na gasúir! Níor bheannuigh sé dhom i gcaitheamh ráithe. Dheamhan ar bhfearr liomsa caoi dhó, ná gan beannú. Ní dhearna mé beag ná mór leis ó shoin
Ná déan beag ná mór léithe sin, ach leig thart í. Leig thart an fear aniar agus ní baoghal duit an fear anoir, adeir siad
Dhá mbeadh fonn air déanamh mór liom, b'fhurasta dhó, ach d'aithneochadh dall gan súil nach bhfuil. Bíodh aige. Beatha do dhuine a thoil. Ní dhearna mise tada air. Má ghéill sé do bhréaga níl neart agamsa air
Ní dhéanfainn mór léithe dhá mbeadh Éire taobh léithe. Ba deas é m'fhéirín muis: scaoinn mhór fhada bhealuighthe, agus muineál corr-éisc uirre. Ba mhaith an dóigh í le t'ais ins an leabaidh maidin sheaca!
An diabhal bocht muis, is furasta a díol d'fhear a thabhairt di anois! Dhéanfadh sí mór le duine ar bith a dhéanfadh mór léithe, ach is mór m'fhaitíos go bhfuil sí ins an ngearradh dhíob. "An tslat atá sean, ní fhanann uirre aon-mheas"
Bhí mé mór léithe, ach má bhí agus go raibh, ní fheadfainn déanamh sáthach mór léithe, len a pósadh — an uair sin go h-áirid. Bhí mo dhóthain aithmhéala orm aríst faoi, ach bhí mé aisti annsin. Níl a fhios, adeir siad, cé's fhearr an luathas nó an mhoill
Ní túisce máistreas nua ann ná a dhéanas sé mór léithe. Agus ní túisce imighthe í, ná a bhíos sé ar an gceird chéadna leis an gcéad cheann eile. Cé'n bhrigh ach é thar am pósta aige. Tá inDomhnach!
·
Bhí sé ag déanamh lághaidheachta liom (fc. lághaidheachta)
Thosuigh an gadhar ag déanamh lufáire (luthgháire) liom (fc. luthgháire)
c.
·
Rinne sé bréag leat. Rinne sin. Ní raibh sé ann, beag ná mór
Ní dhéanfaidh mé aon-bhréag leat. Mé fhéin a stróic é
2.
a.
+
déanfaidh mé leis = tiocfaidh mé leis; níl sé sáthach maith ar fad, ach déanfaidh sé cúis
Thug tú coróin dom. Déanfaidh mé léithe
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac len a dhul dhá iarraidh. Tá casúr annsin. Déanfaidh mé leis
b.
·
Déan réidhteach leis an siúcra sin. Ní h-ionann anois agus an uair a raibh siúcra ann go barr-bachall
Mara ndéanaidh sib réidhteach leis an mbraon fuisce sin, ní riarfaidh sé lucht na sochraide. Níl maith ar bith agaibh-se ann, mara ndéanaidh sib flaisc

Féach freisin

le