Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dearbhráthair
/d′r′ār′/, /d′r′āhər′/, /d′r′ahər′/
ainm-fhocal, fireann
geiniúnach uathaidh: an dearbhráthra go h-iondúil, ach: an dearbhráthar scaithtí;
uimhir iolraidh: dearbhráthrachaí. (/d′r′ārəxī/). Ach geiniúnach iolraidh: clann (na) an bheirt dearbhráthar.
1.
an gaol atá ag beirt mhac leis an athair céanna nó leis an máthair chéanna le chéile: brother.
a.
+
Is dearbhráthrachaí iad
Bheadh an oiread gnaoi agam air agus a bheadh agam ar mo dhearbhráthair fhéin
TUILLEADH (2) ▼
Deirbhshiúr agus dearbhráthair iad
Sin é anois siar an bodach is dearbhráthair do'n fhear a raibh tú ag caint faoi ar ball
+
Tá siad mar a bheadh an deirbhshiúr agus an dearbhráthair ann = an carthannas céanna sin aca le chéile; platonic friendship
Tóigeadh iad mar a bheadh an deirbhshiúr agus an dearbhráthair ann
TUILLEADH (3) ▼
Clann na beirt dearbhráthar
Sin é dearbhráthair m'athar
Dearbhráthair mó mháthar, mac dearbhráthair athar dó, agus rl.
·
Dearbhráthair dlisteanach = blood-brother; ní leas-dearbhráthair
b.
+
Tá sé fuar a dhearbhráthair (a dhearbhráthair chroidhe, a dhearbhráthair mo chroidhe, a dhearbhráthair m'anama, a dhearbhráthair m'anama thú, a dhearbhráthair dílis, a dhearbhráthair na páirte, a dhearbhráthairín chroidhe, a dhearbhráthair chroidhe na páirte, a dhearbhráthair ó, a dhearbhráthair bháin agus rl.) (níl gaol i gceist ach i gcuid aca seo — a dhearbhráithrín dílis, a dhearbhráthair bháin — agus ní bhíonn ionnta sin féin amantaí)
Tabhair cead a chinn dó a dhearbhráthair mo chroidhe!
TUILLEADH (1) ▼
A dhearbhráthair ó cá mbeitheá ag dul?
2.
·
Déarfá nach dearbhráthair do Sheán Mór é ar chaoi ar bith! = ní gaol atá i gceist annseo ach méin dhaoine. Bhí sé de cháil ar Sheán Mhór a bheith fiuntach, ach ní raibh fiuntas ar bith 'san bhfear eile
+
Píopa M. Is dearbhráthair dhó an ceann seo = dhá rud a bheadh cosúil le chéile
An ceann cruachán agus an mac siúbháine: is dearbhráthrachaí iad = dhá iasc cladaigh atá cosúil le chéile
TUILLEADH (6) ▼
Dearbhráthair do'n charachán é an cimleachán
Mara púdarlach é, is dearbhráthair do cheann é = tá sé fhéin in a phúdarlach nó gar go leor dhó
Mara bacach é is dearbhráthair do bhacach é
Mara glaodhmaire é is dearbhráthair do ghlaodhmaire é
Dearbhráthair do'n chodladh an bás = tá an bás agus an codladh an-chosúil le chéile
Dearbhráthair do Thadhg Domhnall (sean-fhocal) = dhá rud a bheadh cosúil le chéile; beirt dhaoine ar aon-mhéin; mar a chéile an ballséire agus a ghiolla (fc. Tadhg)
3.
·
Leas-dearbhráthair = step-brother

Dearbhráthair in iontrálacha eile (27)

 
dáil
Bhí an fear mór indáil le dhíom agam nuair a tháinic an dearbhráthair
 
Má fhaghann sé cois ar bith isteach, mo léan géar daingneochaidh an dearbhráthair leis agus cuirfidh sé borradh agus borradh agus borradh eile faoi, nó nach féidir a chur amach
+
deis
Thug an dearbhráthair deis iascaigh as Baile Átha Cliath chuige: glionndaí, cairteannaí agus eile, ach níl a dhath ag gabhail leis anois.
TUILLEADH (1) ▼
Níl an dearbhráthair atá ins an mbaile ag ól tada léis (tar éis) an deis atá ar an gceann atá inG. = aindeoin an bhail, an riocht, an chaoi, an staid a bhfuil sé
 
Tá sé sin deiseamhail go maith, ach dheamhan mórán gaisce ar an dearbhráthair measaim. Ní fhaca mé aon-cheo aige ar aon-aonach le bliain. Údhachta na mná a chuir rath ar Sh. Marach sin, mo léan ghéar, is maith bocht a bheadh sé
 
deo
An-choisidhe go deó é, ach go deimhin má's eadh, ní hé sin do'n dearbhráthair eile é. Sáthach támhleisceamhail atá sé
 
D'imigh sí agus d'fhága sí áilín dílleachtaí ar aon-chéill in a diaidh. Go dtugaidh Dia trócaire dhá dearbhráthair! Chuaidh sé in a gcíonn, agus níor leig sé aon-lá anshógha orra, ach an oiread agus dhá mbadh iad a chlann féin iad. Go dtugaidh Dia a luach sin dó!
 
Dhá mhéad díocas muise dhá bhfuil ar Tom ag ól, tá a sheacht n-oiread díocais ar an dearbhráthair eile i ndiaidh ban. Ní fhaca tú thiar annseo é oíche na bainse. Ní raibh bean ins an teach — pósta ná scaoilte — nach raibh fastuighthe aige. Bhí S. bíodhgtha ins an gcúinne 'bhfeicfeadh sé a gcuirfeadh sé aon-araoid ar a bhean fhéin. Dá gcuireadh ba truagh dhó
 
díol 2
Bhailigh siad an phighinn bheag agus an phighinn mhór leo, agus níor fhága siad bonn bán ag an dearbhráthair. Tá sé annsiúd anois fágtha ar a thóin, agus é in a dhíol déirce. Ní tada eile é
 
Is fada an lá é sin indiaidh díoghaltas a bhaint de'n dearbhráthair faoi'n a chur amach, agus feacha féin go dtug sé an buille feill dó faoi dheireadh thiar thall
 
díth
'San am a raibh na soithigh seoil ann, chaithidís bliain ar an bhfairrge scaithtí le díth córach. Trí ráithe a chaith dearbhráthair de mo shean-athair ag dul go h-Astraoile. Phós sé mar phósfadh sé indiu, agus d'imigh sé fhéin agus a bhean an lá dár gcionn, agus rugadh páiste dhóib shul má bhí siad ar an talamh thall. Saoghluigheadh é lá nó dhá roimh "landáil" dóibh
+
Ní col-ceathracha dlisteanacha iad. Leas-chol-ceathracha iad. Nach leas-dearbhráthair agus leas-deirbhshiúr P. agus S. Sin é annsin
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé dlisteanach dó a dhul i mbéal an dearbhráthra faoi'n talamh sin. 'Sé an dearbhráthair a shaothruigh an talamh agus an teach sin ariamh, agus marach a bhfuair sé dhá easonóir, is beag an smais a bheadh ar an áit sin indiu
 
Má tá an oiread sin doichill leis an ól aige, nach breagh nach gcaithfeadh sé amach an dearbhráthair. Dheamhan oíche dhá n-eirigheann ar a shúil nach dteagann sé abhaile agus gan cois faoi. Ach is beag dhá chuid cluanuigheacht' é sin. Ní in aghaidh an óil atá sé ach crádhas croidhe atá air aon-phighinn a chaitheamh
 
dólom
Níl sé cho dólom críochnuighthe agus atá an dearbhráthair, ach dheamhan mórán le reic aige ach an oiread. Agus tá lán púirín na h-átha de mhuirín ar an duine bocht
+
"Dearbhráthair do Thadhg Domhnall" = mara chéile an cúpla; má tá duine de'n dís míádhasach, míofhortúnach, ámhuilleach, achrannach, luath-lámhach agus rl. ní taise de'n cheann eile é: tá sé féin cho dona leis an gcéad duine
TUILLEADH (5) ▼
Níl a fhios agadsa ach an oiread é, má's fíor duit féin. Ach d'eile cé'n chaoi a mbeitheá. "Dearbhráthair do Thadhg Domhnall".
Tá sé seo thuas 'chuile orlach cho bainte amach leis ag achrann. Ach céard sin orm! Nach dearbhráthair do Thadhg Domhnall
Tá ceann eile ag béal an doruis againne nach ndéanann buille maitheasa ó mhaidin go faoithin ach ag imeacht ag liúistidheacht (leoistidheacht) ins an ngarrdha ag 'chuile dhuine. Is dearbhráthair do Thadhg Domhnall mar adeireadh T.
Dearbhráthair do Thadhg Domhnall. Dheamhan tada dhá thais ag fear an bhaile se'againne. Chaithfeadh sé lá 'eil' San Seáin ó réalt go réalt, agus ní iarrfadh sé ar an bhfad sin ach ag coireadh ar a chomharsa
'Bhfeiceann tú P. Mac C. nach nglacfadh é ach an oiread. Is geall le chéile an cúpla. Dearbhráthair do Thadhg Domhnall
 
drámh
Ní eireochadh sé sin ar mhámh ná ar dhrámh go mbeadh sé an h-aon déag sa lá, nó gur imigh an dearbhráthair, ach dheamhan mochóireach ar an mbaile is fhearr ná é ó shoin
+
droim
Ní raibh aon-leathchuma faoi'n saoghal nach ndearna sí sin ar a dearbhráthair. Go fiú agus an pluid leabthan níor fhága sí aige í, an t-am ar bhásuigh an mháthair. Agus feacha anois í. Trí chéad punt curtha amach aice le dlí nach mbuachfaidh sí aon-phighinn go bráth air. Bhí sé cho maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos ins an bpoll is doimhne ins an bhfairrge leis an rud a rinne sí. Is cóir adeir siad: an rud a chruinnigheas duine ar dhruim an diabhail go n-imigheann sé ar a bholg
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ag gabhail ag pósadh 'chuile mhí ins an mbliain, ach cuireann rud eicínt dhá dhruim é i gcomhnaí, má's fíor dó féin. Anuiridh bhí sé "socruighthe" tigh Sh. L. ach níor phós sé í in a dheidh sin. Deir sé féin go dtáinic scéala as Ameriocá aige na laetheanta céadna gur bhásuigh dearbhráthair leis ann. Is tráthamhail go mbíonn rud eicínt len a chur dhá bhuille igcomhnaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: thob ann agus thob as aige, agus faitíos air 'nuair a theigheas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sáthach maith. Dheamhan duine a chonnaic mé ariamh ar an ealadhain sin, nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — ins an deireadh. 'Sé dioghaltas Dé é
 
dún
'Nuair a bhí a h-áilín sin ar aon-chéill agus í ag iarraidh a dtógáil le strapadóireacht, mo choinsias 's dar m'anam ba mhaith léithe aice an dearbhráthair sin le brughadh air. Ach ar an dá luath agus ar dhaingnigh sí isteach ins an saoghal roint níor fhan meas ar bith aice ar an dearbhráthair ná ar a bhean. Tá sí cho dúinte in a éadan anois, agus a bheadh sí in éadan an duine is fuide amach uaithe ins an tír. Is gránna an chaoi é sin — nach gránna — do dheirbhshiúr agus do dhearbhráthair
 
Bhí an dearbhráthair in athchur an anama agus é féin ag dul síos agus suas annsin 'chuile lá, thar mhuintir an bhaile, agus ní chainteochadh sé air, ar bhás an domhain. Thug sé cead báis dhó le na chuid dúnáruis, ins an deire, gan dochtúr ná sagart a fháil. Bhí an phúcaidheacht chéadna air ag an gcuisle (coiste). Ní raibh smid le baint as le pionsúr, ach é ag mungailt faoin a fhiacla. Is maith a chuaidh sé as nach istigh faoi "mhurder" a bhí sé. Dhá mbeadh féin, ba bheag an scéal é. Chaith an sagart dhá uair in a éadan, ach má chaith féin sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air amhdachtáil ar bith a bhaint as.
 
Níl sé baoghal air cho mór le rádh leis an dearbhráthair anois. Tá an dearbhráthair an-cheannasach de'n domhan