Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Domhnall, Domhnaillín
ainm-fhocla dílse
baintear leas as "Domhnaillín" in a ainm-fhocal coitianta, fc. domhnaillín
1.
ainmneacha daoine.
+
"Dearbhráthair do Thadhg Domhnall" = mara chéile an cúpla; má tá duine de'n dís míádhasach, míofhortúnach, ámhuilleach, achrannach, luath-lámhach agus rl. ní taise de'n cheann eile é: tá sé féin cho dona leis an gcéad duine
Níl a fhios agadsa ach an oiread é, má's fíor duit féin. Ach d'eile cé'n chaoi a mbeitheá. "Dearbhráthair do Thadhg Domhnall".
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé seo thuas 'chuile orlach cho bainte amach leis ag achrann. Ach céard sin orm! Nach dearbhráthair do Thadhg Domhnall
Tá ceann eile ag béal an doruis againne nach ndéanann buille maitheasa ó mhaidin go faoithin ach ag imeacht ag liúistidheacht (leoistidheacht) ins an ngarrdha ag 'chuile dhuine. Is dearbhráthair do Thadhg Domhnall mar adeireadh T.
Dearbhráthair do Thadhg Domhnall. Dheamhan tada dhá thais ag fear an bhaile se'againne. Chaithfeadh sé lá 'eil' San Seáin ó réalt go réalt, agus ní iarrfadh sé ar an bhfad sin ach ag coireadh ar a chomharsa
'Bhfeiceann tú P. Mac C. nach nglacfadh é ach an oiread. Is geall le chéile an cúpla. Dearbhráthair do Thadhg Domhnall
+
"Tá dhá Dhomhnall i gCúige Uladh" = tá beirt de'n ainm nó de'n tsloinne chéadna i láthair; nó tá beirt atá ins an gcás céadna
Ní leatsa atá mé ag caint beag ná mór. Nach feasach duit go bhfuil dhá Dhomhnall i gCúige Uladh
TUILLEADH (4) ▼
Shíl mé gur liom fhéin a bhí tú ach chreidim go bhfuil dhá Dhomhnall i gCúige Uladh
Má's ag caint ar Shiúinéara na Tamhnaighe é, nach bhfuil dhá Dhomhnall i gCúige Uladh. Cheal nach bhfuil beirt shiúinéaraí ar an Tamhnaigh. Nach bhfuil mac Sh. Uí Mh. ina shiúinéara freisin — nó 'bhfuil
Cé na rámhailltí atá ort? Cé'n chaoi a mbeadh T. Ó F. pósta? … ach huga leat. Tá tú agam. Tá dhá Dhomhnall i gCúige Uladh. T. Ó F. atá ar mhac Ph. freisin, agus tá sé pósta
Tá dhá Dhomhnall i gCúige Uladh, arsa tusa. 'Ar ndú mo léan, is fear Gaillimheach é mac Sh. freisin, cho maith leis an té a bhfuil an cháil mhór air
+
"Pébrí (pé'r bith) cé a ólfas é, 'sé Domhnall a íocfas é" = mise (nó duine áirid) a bhéas siar leis an téiléaracht i gcomhnaí, pé'r bith cé a dhéanfas an rud, nó a ghlaodhfas an deoch, nó a mbeidh brabach an scéil aige
Rinne duine eicínt clann léithe ach ar Sh. bocht a leagadh é. "Hébrí cé 'ólfas é, 'sé Domhnall a íocfas é" adeireadh S., agus é ag fuasaoid an scéil le 'chuile dhuine
TUILLEADH (2) ▼
D'ith a raibh aca ann fré chéile é. Cé'n cuireadh a d'iarr siad siúd. Thug siad fhéin cuireadh dhá chéile. Chuir sé poll maith in mo phóca-sa ar aon-chor, an uair a bhí an phighinn bheag agus an phighinn mhór íoctha amach agam. "Is cuma cé a ólfas é, 'sé Domhnall a íocfas é" arsa tusa
Diúltaigheamuide dhó. Ní fhéadfainn a rádh leisce na bréige indiu ná an lá sin, ab é a rinne é, aindeoin go raibh sé leagtha air. Ach chuaidh sé go daor ormsa ar aon-nús (nós). "Hébrí cé a ólfas é, 'sé Domhnall a íocfas é" mar adeir an fear fadó
·
"Triúr cloinne Dhomhnaill óig a chuaidh 'na coille maidin cheo; an crann nar bhain siad thugadar leo iad; agus an crann a bhain d'fhágadar in a ndiaidh iad" (Tomhais: préacháin a bhí ag tligean a gcuid cleiteachaí i gcoill)
Máthair Thaidhg agus sean-mháthair Dhomhnaill. Cé'n gaol a bhí ag Tadhg le Domhnall? (Cineál tomhaise)
+
Tá sé in a "Dhomhnall na Gréine" agad = scéal a thosóchadh slachtar agus a gcuirfí cor gráiscínteachta ann. Amhrán gráiscínteachta é Domhnall na Gréine. Tosuigheann sé mar seo: "Domhnall ar meisce agus a bhean ag ól fuisce, agus na páistí ag géimneach; Fear an díthcéille … "
Níor chomhnuigh tú as a dheireadh go ndearna tú Domhnall na Gréine dhó (dhe). Níor mhinic an scéal slachtar agad ach an oiread leis an bhfear ar ball
TUILLEADH (1) ▼
Ó a rinne tú Domhnall na Gréine anois dó (de), oibrigh ort agus déan "Cailín an Staicín Eorna" dhó. Críochnóchaidh sin faoi shlacht é. Is diabhlaí an tóir a bhí ar an ngráiscínteacht ariamh féin agad
2.
·
Domhnall dubh : ainm eile a thugas daoine ar na bhfiach dubh.

Féach freisin

Domhnall in iontrálacha eile (2)

 
Dearbhráthair do Thadhg Domhnall (sean-fhocal) = dhá rud a bheadh cosúil le chéile; beirt dhaoine ar aon-mhéin; mar a chéile an ballséire agus a ghiolla (fc. Tadhg)
 
Le scéal fada a dhéanamh gearr, chuaidh an costas uilig ormsa. Pé'r bith cé a ólfas é, 'sé Domhnall a íocfas é, arsa tusa