1.
ainmneacha daoine.
+–
"Deartháir do Thadhg Dónall" — mar a chéile an cúpla; má tá duine den dís mí-ásach, mífhortúnach, ábhailleach, achrannach, luathlámhach srl., ní taise den cheann eile é: tá sé féin chomh dona leis an gcéad duine
Níl a fhios agatsa ach an oiread é, más fíor duit féin. Ach deile cén chaoi a mbeifeá. Deartháir do Thadhg Dónall
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé seo thuas chuile orlach chomh bainte amach leis ag achrann. Ach céard sin orm! Nach deartháir do Thadhg Dónall
Tá ceann eile ag béal an dorais againne nach ndéanann buille maitheasa ó mhaidin go faoithin ach ag imeacht ag liúistíocht (leoistíocht) sa ngarraí ag chuile dhuine. Is deartháir do Thadhg Dónall mar adeireadh T.
Deartháir do Thadhg Dónall. Dheamhan tada dhá thais ag fear an bhaile s'againne. Chaithfeadh sé Lá Fhéile San Seáin ó réalt go réalt, agus ní iarrfadh sé ar an bhfad sin ach ag coiriú ar a chomharsa
An bhfeiceann tú P. Mac C. nach nglacfadh é ach an oiread. Is geall le chéile an cúpla. Deartháir do Thadhg Dónall
+–
"Tá dhá Dhónall i gCúige Uladh" — tá beirt den ainm nó den tsloinne chéanna i láthair; nó tá beirt atá sa gcás céanna
Ní leatsa atá mé ag caint beag ná mór. Nach feasach duit go bhfuil dhá Dhónall i gCúige Uladh
TUILLEADH (4) ▼
Shíl mé gur liom fhéin a bhí tú ach chreidim go bhfuil dhá Dhónall i gCúige Uladh
Más ag caint ar Shiúinéara na Tamhnaí é, nach bhfuil dhá Dhónall i gCúige Uladh. Cheal nach bhfuil beirt shiúinéaraí ar an Tamhnaigh. Nach bhfuil mac Sh. Uí Mh. ina shiúinéara freisin — nó an bhfuil
Cé na rámhailltí atá ort? Cén chaoi a mbeadh T. Ó F. pósta? … ach huga leat. Tá tú agam. Tá dhá Dhónall i gCúige Uladh. T. Ó F. atá ar mhac Ph. freisin, agus tá sé pósta
Tá dhá Dhónall i gCúige Uladh, arsa tusa. Ar ndóigh mo léan, is fear Gaillmheach é mac Sh. freisin, chomh maith leis an té a bhfuil an cháil mhór air
+–
"Pébrí (pé ar bith) cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é" — mise (nó duine áirid) a bheas siar leis an téiléireacht i gcónaí, pé ar bith cé a dhéanfas an rud, nó a ghlaofas an deoch, nó a mbeidh brabach an scéil aige
Rinne duine eicínt clann léithe ach ar Sh. bocht a leagadh é. 'Hé brí cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é,' adeireadh S. agus é ag fuasaoid an scéil le chuile dhuine
TUILLEADH (2) ▼
D'ith a raibh acu ann fré chéile é. Cén cuireadh a d'iarr siad siúd. Thug siad fhéin cuireadh dhá chéile. Chuir sé poll maith in mo phócasa ar aon chor nuair a bhí an phínn bheag agus an phínn mhór íoctha amach agam. 'Is cuma cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é,' arsa tusa
Diúltaí muide dhó. Ní fhéadfainn a rá leisce na bréige, inniu ná an lá sin, ab é a rinne é, ainneoin go raibh sé leagtha air. Ach chuaigh sé go daor ormsa ar aon nós. 'Hé brí cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é,' mar adeir an fear fadó
·
"Triúr clainne Dhónaill óig a chuaigh chun na coille maidin cheo; an crann nár bhain siad thugadar leo iad; agus an crann a bhain, d'fhágadar ina ndiaidh iad" (Tomhais: préacháin a bhí ag teilgean a gcuid cleiteachaí i gcoill)
Máthair Thaidhg agus seanmháthair Dhónaill. Cén gaol a bhí ag Tadhg le Dónall? (Cineál tomhaise)
+–
Tá sé ina "Dhónall na Gréine" agat — scéal a thosódh slachtmhar agus a gcuirfí cor gráiscínteachta ann. Amhrán gráiscínteachta é Dónall na Gréine. Tosaíonn sé mar seo: "Dónall ar meisce agus a bhean ag ól fuisce, agus na páistí ag géimneach; Fear an díth céille … "
Níor chónaigh tú as a dheireadh go ndearna tú Dónall na Gréine dhó (dhe). Níor mhinic an scéal slachtmhar agat ach an oiread leis an bhfear ar ball
TUILLEADH (1) ▼
Ó rinne tú Dónall na Gréine anois dó (de), oibrigh ort agus déan Cailín an Staicín Eorna dhó. Críochnóidh sin faoi shlacht é. Is diabhlaí an tóir a bhí ar an ngráiscínteacht ariamh féin agat
2.
·
Dónall dubh — ainm eile a thugas daoine ar na bhfiach dubh
Féach freisin
Dónall in iontrálacha eile (5)
→
dáimh
Deirimse leatsa nach bhfuil gaol ná dáimh acu le chéile. Tá dhá Dhónall i gCúige Uladh. Ní hé an duine céanna atá muid a rá chor ar bith
Deartháir do Thadhg Dónall (seanfhocal) — dhá rud a bheadh cosúil le chéile; beirt dhaoine ar aon mhéin; mar a chéile an ball séire agus a ghiolla (fc. Tadhg)
→
díle 1
Sin seanscéal ón Díle: An Síogaí Rua Ó Dónaill. Is minic a chuala mé ag P. Mh. Mh. é — go ndéana Dia maith ar a anam. Ní fhaca tusa ariamh é. Ba bhreá uaidh scéal a inseacht, agus cén bhrí ach chuirfeadh sé na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
→
téigh ar
Le scéal fada a dhéanamh gearr, chuaigh an costas uilig ormsa. Pé ar bith cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é, arsa tusa
"Chuala mé ag dul tharam é, ag fear as an Aird Mhóir, gur heitíodh Seoirse Cartúr faoi inín Dhónaill Phóil" (as lúibín)