Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dónaillín (donaillín?)
arcadán; aircín; dúradáinín dona; rud dona ar bith; rud nach n-ólfadh a lacht; beithíoch gan mórán bisigh; tugtar go háirid é ar bhanbh nach mbeadh aon tsine ar an gcráin dó, agus a thógfaí le bainne.
+
'Nach seafóideach a shíleas tú mé a bheith,'arsa mise le fear an Achréidh, 'ag ceapadh go gceannóinn an dónaillín sin uait. Nuair a thiocfas mise 'na mhargaidh, ní bhím ag iarraidh banbh ar bith, ach údar'
Bhí cráin anseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aici ar an ál. Dheamhan a raibh uirthi ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosaigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-éireodh sé, arae bhí sé ina aircín dona. Ach scinn sé amach sa deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé ina pheata againn. Dónaillín a thugadh muid air
TUILLEADH (2) ▼
Tá aon bhanbh déag le cur amach againn. Coinneoidh muid féin (an) dónaillín
Chonaic mise banbh is fiche ar ál ag cráin a bhí ag Ph. Ní dónaillín a bhí ann, ach trí nó ceathair de dhónaillíní. Ní cuimhneach liom anois cé mhéad sine a bhí ar an gcráin. Dar fia, sílim gur mhair siad ar fad
+
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil dónaillín istigh faoin gcloich. Ní fiú duit a dhul ag fiachadh air. Níl sprúille ar bith éisc air sin. Triáil na clocha sin. B'fhéidir go gcasfaí iascán fúthu (dónaillín: portán beag bídeach sa gcás seo. Is minic a tugtar ar phortáin ríbheag é)
Tá dónaillín de lao agam thuas anseo agus dheamhan rath ná biseach faoi. Ní cheal muise nach bhfuil sé ag fáil a dhíol aire. Tá cosán dearg déanta agam chuige maidin is tráthnóna ag tindeáil air, ach bhí sé chomh maith dhom a bheith in mo chónaí
TUILLEADH (1) ▼
Bhí uan meirbh againn anseo an bhliain cheana, agus níor ól sé aon deoir dhá lacht ariamh ach léar (de réir) mar a choinníodh muid bainne leis istigh ar an teallach. Dar príosta d'itheadh, agus sweets agus siúcra agus chaon tsórt as cúl do ghlaice. Bhí sé ina dhónaillín dhona go ceann fada. Ach rinne sé a bhiseach uileag d'aon iarraidh amháin sa deireadh. Dhá laghad meas dá raibh againn air, ba é an chaora ab fhearr ag gabháil liom é an t-am ar dhíol mé é
+
'Sé an dónaillín de dhuine é – dúradáinín dona, gan brí gan éifeacht, gan aon bhiseach faoi
Ag dul ag pósadh! Lig de do chuid cumadóireachta anois. Meas tú an ngéillfidh mise do do chuid bréaga. Cé a thabharfadh bean don dónaillín siúd. Dá gcuireadh sé slat ar Éirinn, ní bhfaigheadh sé bean
TUILLEADH (2) ▼
Is dona an dónaillín é siúd, théis go bhfuil an chuid eile acu ina bhforránaigh láidre. Ab iúd é croitheadh an tsacáin … B'fhurasta a aithinte
Ab é an dónaillín de mhac sin aige a bhí ag cothú achrainn. Loirg an diabhail dó! Dhá bhfeicinn fear ar fónamh ag iarraidh troda diabhal a n-abróinn tada, ach dúradáinín dona mar é siúd agus go gcuirfeá don Domhan Thoir de shéideoig é. Dhá liginn amach an lao beag sin a rugadh dhom arú inné, diabhal mé go dtabharfadh sé mian a chroí dhó — go dtabharfadh sin

Féach freisin

dónaillín in iontrálacha eile (1)

 
donán
Dónaillín de dhonáinín de mhac atá ag T. S. ansin thoir a fhóbair cíorthuaifeal a dhéanamh den aonach inniu ag iarraidh achrainn; nuair nach mbéarfadh duine eicínt ar an arc salach agus a bháthadh i bpionta pórtair. Ach chreidim go mba mhór an carghas le aon duine pionta breá pórtair a chur amú leis