Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Domhnaillín (Donaillín?)
arcadán; aircín; dubhradáinín dona; rud dona ar bith; rud nach n-ólfadh a lacht; beithidheach gan mórán bisigh; tugtar go h-áirid é ar bhanbh nach mbeadh aon-tsine ar an gcráin dó, agus a thóigfí le bainne.
+
"Nach seafóideach a shíleas tú mé a bheith" arsa mise le fear an Achréidh, "ag ceapadh go gceannóchainn an Domhnaillín sin uait. 'Nuair a thiocfas mise 'na mhargaidh, ní bhím ag iarraidh banbh ar bith, ach údar"
Bhí cráin annseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aice ar an ál. Dheamhan a raibh uirre ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosuigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-eireochadh sé, arae bhí sé in a aircín dona. Ach sceinn sé amach ins an deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé in a pheata againn. Domhnaillín a thugadh muid air
TUILLEADH (2) ▼
Tá aon-bhanbh déag le cur amach againn. Coinneochaidh muid féin (an) Domhnaillín
Chonnaic mise banbh agus fiche ar ál ag cráin a bhí ag Ph. Ní Domhnaillín a bhí ann, ach trí nó ceathair de Dhomhnaillíní. Ní cuimhneach liom anois, cé mhéad sine a bhí ar an gcráin. Dar fiadh sílim gur mhair siad ar fad
+
'Bhfeiceann tú an áit a bhfuil Domhnaillín istigh faoi'n gcloich. Ní fiú duit a dhul ag fiachadh air. Níl spriúille ar bith éisc air sin. Tríáil na clocha sin. B'fhéidir go gcasfaí iascán fútha (Domhnaillín = portán beag bídeach, ins an gcás seo. Is minic a tugtar ar phortáin rí-bheag é)
Tá Domhnaillín de laogh agam thuas annseo, agus dheamhan rath ná biseach faoi. Ní cheal muise nach bhfuil sé ag fáil a dhíol aire. Tá casán dearg déanta agam chuige maidin agus trathnóna ag "tindáil" air, ach bhí sé cho maith dhom a bheith in mo chomhnaí
TUILLEADH (1) ▼
Bhí uan meirbh againn annseo an bhliain cheana, agus níor ól sé aon-deoir dhá lacht ariamh, ach léar (de réir) mar a choinnigheadh muid bainne leis istigh ar an teallach. Dar príosta d'itheadh, agus "sweets" agus siúicre agus 'chaon tsórt as cúl do ghlaice. Bhí sé in a Dhomhnaillín dhona go ceann fada. Ach rinne sé a bhiseach uiliog d'aon-iarraidh amháin ins an deireadh. Dhá laghad meas dá raibh againn air, badh é an chaora ab fhearr ag gabhail liom é an t-am ar dhíol mé é
+
'Sé'n Domhnaillín de dhuine é = dubhradáinín dona, gan brigh gan éifeacht, gan aon-bhiseach faoi
Ag dul ag pósadh! Leig de do chuid cumadóireacht' anois. Meastú an ngéillfidh mise do do chuid bréaga. Cé 'thiubharfadh bean de'n Domhnaillín siúd. Dá gcuireadh sé slat ar Éirinn, ní bhfuigheadh sé bean
TUILLEADH (2) ▼
Is dona an Domhnaillín é siúd, th'éis go bhfuil an chuid eile aca in a bhforránaigh láidre. Ab shiúd é craitheadh an tsacáin … B'fhurasta 'aithinte
Ab é an Domhnaillín de mhac sin aige a bhí ag cothú achrainn. Luirg an diabhail dó! Dhá bhfeicinn fear ar foghnamh ag iarraidh troda diabhal a n-abróchainn tada, ach dubhradáinín dona mar é siúd, agus go gcuirfeá do'n domhan Shoir de shéideoig é. Dhá leiginn amach an laogh beag sin a rugadh dhom arbhú indé diabhal mé go dtiubharfadh sé mian a chroidhe dhó — go dtiubharfadh sin

Féach freisin

Domhnaillín in iontrálacha eile (1)

 
donán
Domhnaillín de dhonáinín de mhac atá ag T. S. annsin thoir a fhobair cíor-thuaifeall a dhéanamh de'n aonach inniu ag iarraidh achrainn; nuair nach mbéarfadh duine eicínt ar an arc salach agus a bháthadh i bpionta pórtair. Ach chreidim go mba mhór an carghas le aonduine pionta breá pórtair a chur amú leis