Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Dónaillín (11)

+
'Nach seafóideach a shíleas tú mé a bheith,'arsa mise le fear an Achréidh, 'ag ceapadh go gceannóinn an dónaillín sin uait. Nuair a thiocfas mise 'na mhargaidh, ní bhím ag iarraidh banbh ar bith, ach údar'
TUILLEADH (9) ▼
Bhí cráin anseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aici ar an ál. Dheamhan a raibh uirthi ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosaigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-éireodh sé, arae bhí sé ina aircín dona. Ach scinn sé amach sa deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé ina pheata againn. Dónaillín a thugadh muid air
Tá aon bhanbh déag le cur amach againn. Coinneoidh muid féin (an) dónaillín
Chonaic mise banbh is fiche ar ál ag cráin a bhí ag Ph. Ní dónaillín a bhí ann, ach trí nó ceathair de dhónaillíní. Ní cuimhneach liom anois cé mhéad sine a bhí ar an gcráin. Dar fia, sílim gur mhair siad ar fad
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil dónaillín istigh faoin gcloich. Ní fiú duit a dhul ag fiachadh air. Níl sprúille ar bith éisc air sin. Triáil na clocha sin. B'fhéidir go gcasfaí iascán fúthu (dónaillín: portán beag bídeach sa gcás seo. Is minic a tugtar ar phortáin ríbheag é)
Tá dónaillín de lao agam thuas anseo agus dheamhan rath ná biseach faoi. Ní cheal muise nach bhfuil sé ag fáil a dhíol aire. Tá cosán dearg déanta agam chuige maidin is tráthnóna ag tindeáil air, ach bhí sé chomh maith dhom a bheith in mo chónaí
'Sé an dónaillín de dhuine é – dúradáinín dona, gan brí gan éifeacht, gan aon bhiseach faoi
Ag dul ag pósadh! Lig de do chuid cumadóireachta anois. Meas tú an ngéillfidh mise do do chuid bréaga. Cé a thabharfadh bean don dónaillín siúd. Dá gcuireadh sé slat ar Éirinn, ní bhfaigheadh sé bean
Is dona an dónaillín é siúd, théis go bhfuil an chuid eile acu ina bhforránaigh láidre. Ab iúd é croitheadh an tsacáin … B'fhurasta a aithinte
Ab é an dónaillín de mhac sin aige a bhí ag cothú achrainn. Loirg an diabhail dó! Dhá bhfeicinn fear ar fónamh ag iarraidh troda diabhal a n-abróinn tada, ach dúradáinín dona mar é siúd agus go gcuirfeá don Domhan Thoir de shéideoig é. Dhá liginn amach an lao beag sin a rugadh dhom arú inné, diabhal mé go dtabharfadh sé mian a chroí dhó — go dtabharfadh sin
 
donán
Dónaillín de dhonáinín de mhac atá ag T. S. ansin thoir a fhóbair cíorthuaifeal a dhéanamh den aonach inniu ag iarraidh achrainn; nuair nach mbéarfadh duine eicínt ar an arc salach agus a bháthadh i bpionta pórtair. Ach chreidim go mba mhór an carghas le aon duine pionta breá pórtair a chur amú leis