Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deiseamhail
aidiacht.
láidir nó tréan indeis; slighe airgid a bheith agad; cuid mhaith talmhana, beithidheach, áirgí nó eile a bheith agad; deis airgid a bheith agad; thú a bheith in do shuidhe go te; thú a bheith teann in airgead.
+
Tá sé sin deiseamhail go maith, ach dheamhan mórán gaisce ar an dearbhráthair measaim. Ní fhaca mé aon-cheo aige ar aon-aonach le bliain. Údhachta na mná a chuir rath ar Sh. Marach sin, mo léan ghéar, is maith bocht a bheadh sé
Is deacair dhó a bheith deiseamhail agus a bhfuil de dhola air. 'Ar ndú' a dhearbhráthair m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé 'chuile ré soluis
TUILLEADH (6) ▼
Deirimse leatsa hé brí céard adéarfas tusa gur deiseamhla go mór an baile a bhfuil tú istigh ann ná aon-bhaile eile ar an gceathramhadh. Breathnaigh ar an mbaile sin thoir. Nach bhfuil maith an bhaile uiliog ag an L. Agus an dá bhaile seo taobh thiar dhíot, céard atá ionnta ach breaclachaí agus clochair agus diomallachaí. Níl an baile seo giorruighthe tada, agus dheamhan a bhfuil de chailleadh ar an talamh atá ann léar (de réir) mar atá talamh ins an tír seo.
Tá sé thar a bheith deiseamhail a mhic ó. Nach bhfuil dath gach bó ar cnoc aige. Tá agus airgead tirm. Agus ní chaithfeadh sé sciúrtóig in a dheidh sin, le teann crádhas croidhe, dá mbeadh sé in éindigh leat as seo go Breatain.
Dhá mbeadh sé cho deiseamhail agus go mbeadh gacha le acra aige le T. Mh. Ó. C., ní thiubharfainn m'inghin dó, agus an cleas túatach a rinne sé féin cheana. Níl mise a iarraidh de chliamhain ach fear gnaoidheamhail eicínt a mbeidh caitheamh agus fáil aige. Is fearr sin ná scaibhtéara a mbeidhfear ag casadh a chuid cionnta leis is 'chuile áit dhá dtiocfaidh sé
Cé'n mhaith ins an tubaiste d'fhear a bheith deiseamhail, má bhaineann sé an craiceann dó féin ag saothrú na deise. Is beag an tsamhaoine d'aonduine é féin a chur síos ins an talamh fiche bliain roimh an ám. Ba mhaith le cuid againn sásamh eicínt a bhaint as an saoghal an fhad agus a bheadh muid ann. Is iomdha lá ins an reillic orainn mar adeir an ceann eile
Mara bhfuil sé deiseamhail muis, tá sé féin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile, tá sin. Nach bhfuil díol duine uasail de chulaith éadaigh air agus an bhfeiceann tú an mótar atá aige. 'Bhfuil a mhacsamhail ins an tír?
Dhá mbeadh 'chuile dhuine cho deiseamhail le chéile, ní bheadh fear mór ná fear beag ann, agus bheadh an saoghal ar deil. Ach níl sé mar sin, ná ní bheidh sé mar sin go lá an Luain

Deiseamhail in iontrálacha eile (6)

 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleághadh air sin, sceach a raibh geis uirre thiar ingarrdha an Ch. a bhaint. Bhí na "daoine maithe" — diúltaigheamuide dhóib — fúithe. An uair a tharraing sé an tuagh, tháinic an guth go dtí é: "ná buail" adeir sé. Ach bhí S. cho dórainneach, cho dubhshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí 'chuile údragáil. Ó'n lá sin amach bhí an díleághadh air: leághadh chubhar na h-abhann ar a raibh aige. Dar fiadh bhí an fear sin deiseamhail, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá agus gur thosuigh an saoghal ag dul in aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nar báitheadh nó nar bascadh nó nar cailleadh. Ó a bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lugha faoi'n domhan, agus scaithtí ní call dóib tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le sean-bhó bhuidhe ins an deire. Chonnaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhó-san sin. Ba mhaith bocht an fear é indeireadh a shaoghail, agus beo bocht a bhí a chlann in a dhiaidh nó gur dhealuigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeacha an sceach dó. Ara bhí sé cho do-chomhairleach leis an saoghal. "A chomhairle féin do mhac dhanra" arsa tusa "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith, ar aon-chor, a dhul thar theasbánadh, agus fuair seisean an teasbánadh — go ndéanaidh Dia grásta air!
 
díol 2
Ní raibh sé ariamh gan díol a fhreastail, dhá chruaidheaichte dhá dtiocfadh an saoghal. Ach ní fhaca mé ariamh an-deiseamhail é
 
Nach sonnda an mhaise dhó é a dhul ag tabhairt cine faoi chopóig ar aonduine — agus go mór-mhór ar an ngearrbhodach sin thar dhuine ar bith. Sílimse nach raibh macsamhail a "family" sin ins an tír scathamh. Bhí siad díonmhar deiseamhail, agus is mó an mhaith a rinne siad ar chuma ar bith ná an mhí-mhaith … A dhiabhail nach teann é ag caint, agus gurb iad díogha 'chuile dhíogha a mhuintir fhéin
 
dol 1
Tá siad deiseamhail, ach m'anam má tá fhéin go bhfuil an t-an-dola ar an teach siúd. 'Ar ndú, ní teach é ach beairic. Cé'n chaoi ar dheisigh siad é? Is maith an poll i gcéad punt a chuirfeadh a bhfuil de throscán i seomra amháin ann. Diabhal bréag!
 
Fuair a n-athair sin bás agus d'fhága sé 'chuile dhuine de'n chloinn in a ndóthain. Ach scaip cuid aca é le drabhlás. Cuid eile a rinne bun. 'Sé P. féin is fhearr a chruthuigh. Tá sé sin anois 'chuile orlach cho deiseamhail agus a bhí an t-athair an lá ab fhearr é. Má tá féin is maith an aghaidh air é
 
dréim
Is beag fear ar an aonach atá indon a dhul ag dréim leis siúd anois, tá sé cho deiseamhail sin, agus tá forránach de mhac aige, bail agus beannú air, agus níl aon-fhear ar an aonach indon a dhul ag dréim leis le dornaí