Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dol, dola
ainm-fhocal, fireann
iolraidh = dolaí
Fuaim -o i "bog", "col" agus rl. Deirtear dol agus dola agus, i gcéill a 4 dolaí (dolaidh?)
1.
iarraidh, geábh, baitse (batch).
a.
+
Thógadar dola bradáin arbhú aréir. Chaitheadar ar an abhainn ó oíche go maidin. Níl poll ná linn ná giodán láibe ó Ch. na gC. go dtí D. na mB. nachar shaghd siad. Deirimse leat go ndearna siad sladadh agus sladadh spleádhach freisin, ach thapuigh siad an oíche cheart — an oíche a mbeadh an bheirt is dainséaraighe de na maora ó bhaile. Tuilleadh diabhail ag bradáin muis, mara bhfuair siad garbh anois le coicís é. Is iomdha dola tóigthe ag W. imbliana
Mharbhuigh muid dol mór éisc ins an gcurrach anuiridh: faidhtíní. Bhí muid dhá gcur tharainn cho tréan in Éirinn agus a bhí muid indon freastal dóib. Ní fhaca mé a leithide de sceanadh orra in mo shaoghal ariamh agus a bhí an lá céadna. Cé'n bhrígh ach ní raibh deich gcurrach ar meath ó fhágfas tú seo go dteighidh tú go C.
TUILLEADH (3) ▼
Is diabhlaí an dola éisc a d'eirigh le fear an phosta indé. Bhí suas le trí chéad aige, agus gan é amuigh thar chupla uair an chluig. Chaith muid an lá arbhú indé ar fad amuigh agus dheamhan a shúil a bhí againn, i gcruthamhnas duit go mbíonn ádh éisc ar dhaoine thar a chéile.
Bhí suas le deich gcinn aca ann in a smístí mín marbh, ach go raibh a gcuid fola ólta. Ba gheall le dol éisc as eangach iad. Is diabhlaí an t-ár a ghníos an easóig féin
Dhá n-eiríodh sí de na h-éanachaí bhéarfadh sí dola eile uibheachaí (cearc) = líne nó sraith eile
·
Níl an uair briste fós. Níl mórán cosamhlacht claochmú ar an aer sin ó thuaidh. Dola eile sneachta atá air cho siúráilte agus atá cluais ar do cheann = níl an claochmú ar fáil fós (ó shioc go báisteach). Tá tuairt eile shneachta air
·
Bhí an t-óganach seo thoir ag rádh liom go mbeadh an-dol máistirí scoile ag teacht amach imbliana. Beidh a mhac féin réidh an samhradh seo sílim. Cé'n ghnatha atá ag teacht amach aca, agus gan aon-scoil len a n-aghaidh. Nach bhfeiceann tú an bheirt seo thuas atá réidh le trí bliana, agus é ag cínnt orra aon-scoil a fháil fós
Beidh sé ins an gcéad dola eile dochtúirí a gheobhas dindiúirí. Tá sé in am sin aige. Dheamhan lá le mo chuimhne nach bhfuil sé ag dul ag an Árd-scoil sin, agus iad ag rádh 'chuile lá gur gearr uaidh a bheith in a dhochtúr
·
Teagann dola leabhar chuige 'chuile sheachtain hébrí céard a dhéanas sé leo. Dhá mbeadh sé cho maith le Haraístatail, ní fhéadfadh sé an méid siúd leabhar a léigheamh. Is diabhaltaí go deo an tóir atá aige ar leabhra agus ar pháipéir. 'Sé an chéad-duine dhá chine é a raibh focal scoláireacht' in a phluic
Sin é anois an dola leitreachaí a fuair tú inniu. Tiocfaidh dola eile anois amáireach ó dhuine eicínt eile chugad = glac
·
Tá sé buailte anois arae ní fhéadann sé an poitín a fháil ach in a dholaí beaga. Níl sé ann. Marach sin bheadh sé in a ridire faoi seo. Feicfidh tú fhéin air gur b'shiúd é atá deas ar a dhíol, agus nach mbéarfar air ach oiread.
·
Tá dolaí móra airgid aige. Meastú cá'il sé dhá fháil. Níl a fhios agam nach bhfuil ciste aige in áit eicínt: bheadh ciall in a leithide thar agus daoine eile nach bhfuil ciste ná stór aca
Is áibhéil an dola airgid é sin. Dhá bhfaghainnse an méid sin, chuirfinn ól go h-aer
b.
·
Tá sé ag fáil dola mór anois, cupla céad punt nó gar dhó = suim airgid ag teacht chuige. Amanntaí cialluigheann sé tuarastal nó teacht isteach
Tá dola mór dó, ach tá dola air freisin = tá go leor airgid ag teacht isteach dó, ach tá rudaí ag glaodhach nó ag teacht treasna air freisin
+
Ara níl sógh ná sásamh air ar an gcaoi sin dhá tharraint in a dholaí beaga i bhfad ó chéile. B'fhearr liomsa gan a bheith ag sceidínteacht leis chor ar bith ach a tharraint in éindigh, agus an fhad agus a rachadh sé teigheadh sé annsin, mara seasadh sé ach seachtain
Mara bhfaghann sé é ach in a dholaí beaga fhéin, tá páighe sheasta dó, agus is mór is fiú dhó é sin. Bíonn sé gearr scaithtí is dóigh, ach cuireann cupla seachtain go dtín a dhóthain é in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Fuair sé an t-airgead sin uiliog in aon-dol amháin, 'chuile phighinn dhe. Ba bhreagh an tsuím airgid é mar sin in éindigh. Bheadh sásamh air
c.
sraith nó gála nó sos.
+
Tá dola "poor-rates" len íoc agam anois, agus gan fhios agam ó Dhia anuas cá bhfaighidh mé é. Tá leisce orm scaradh leis an nglaicín mhóna atá annsin thiar agam, nó go n-árduighidh sí romhainn amach. Maidir le beithidhigh, is fear gan faghaltas atá in a gcleitheamhnas anois
Bail ó Dhia ort, níor íoc mé an chéad-dola féin fós imbliana, ní hé amháin an dara dola a íoc. 'Sé an cíos céadna an chloch is faide siar ar mo pháidrín. Cuiridís an sirriam agam má's breagh leo, agus cuiridís as an tseilbh mé. Is beag sin agam. Maidir len a mbuachfai[dh] duine ar bith ar thalamh ins an saoghal atá ann, 'sé cuid an bheagáin é
TUILLEADH (2) ▼
Tiocfaidh éiliú ar airgead an tighe ins an gcéad-dol eile cíosa a bhéas len íoc agad. Ná bíodh faitíos ort go bhfailleochaidh siad siúd in a ngnatha. Ní fhailleochaidh muis. Má bhíonn dearmad ar bith orra, ní dearmad uatha é ar aon-chor
Caithfidh sé rud eicínt agad ins an gcéad-dol eile a gheobhas sé de'n udhachta. Ní féidir nó caithfidh.
2.
tuairt, iarracht, féachaint, traoiáil amháin.
+
Tugaim corr-dhol dhó de réir mo láimhe léar (de réir) mar a fhaghaim ionbhadh air. Is iomdha dola éisc a d'eireochadh liom marach go bhfuil mo chuid eangachaí roistthe ar fad, agus ní féidir scair eangaighe a fháil anois
Bhain sé corr-dhol asta (as na bradáin) anuiridh, ach ní mheasaim gur bhuail sé fútha chor ar bith i mbliana. B'annamh leis arsa tusa, ach déarfainn go bhfuil a dhóthain fáighte aige de'n fhíor-uisce. Tá sé ag fuasaoid scoilteachaí agus is beag an dochar dhó
TUILLEADH (4) ▼
Dola amháin de na h-eangachaí atá aca sin (ag na Francaigh) agus chíorfaidís cupla míle fairrge leo. Is furasta aithinte é. Thréig an t-iasc an cuan ar fad ó a thaithigh siad sin ann. 'Ar ndú' níl aon-fheithideach beo dhá gcastar ins na h-eangachaí sin nach bhfuil criogtha cho maith leis an iasc
Bhí an líon ag an dream sin as Gaillimh a bhí ag saghdadh na h-abhann anuiridh. Chuala mé gur thug siad dhá chéad bradán leo d'aon-dola amháin. Nach beag an rath atá ar do lucht aitheantais, nach mbuailfeadh amach oíche eicínt agus an cleas céadna a dhéanamh. Ba chuma dóib cé'n chaoi a dtiocfadh an bhliain in a dhiaidh
Meastú an dtiubharfaidh tú aon-dola as na runnaigh seo atá isteach. Chuala mé go bhfuil siad in a mbáirí le cloich
Déanann siad dol leis sin scaithtí ach corr-uair é. Tá an t-áirdeall ro-ghéar ann, agus deir siad go bhfuil na maora atá annsin armáilte ar fad. Nach h-olc an ceart ach an oiread le scéal go mbeadh aon-bhaint ag aonduine thar a chéile de'n abhainn. Nach hé Dia a chuir an t-iasc ann, agus ní dhéanfadh Sé oirille ar dhuine thar a chéile
·
Chuaigh sí síos tigh T. K. inGaillimh agus thóig sí dola uaidh nachar íoc sí ariamh = lastas earraí a fháil ar cáirde; aon-lá amháin nó d'aon-iarraidh amháin a rinneadh an margadh agus fríodh na h-earraí
3.
airgead ag dul amach, íocaidheacht, díolaidheacht, rud a bheadh ag glaodhach ort nó ag teacht treasna ort.
+
Tá dola mór air = caitheann sé go leor a chur amach. Tá an-chaitheamh airgid air
Tá siad deiseamhail, ach m'anam má tá fhéin go bhfuil an t-an-dola ar an teach siúd. 'Ar ndú, ní teach é ach beairic. Cé'n chaoi ar dheisigh siad é? Is maith an poll i gcéad punt a chuirfeadh a bhfuil de throscán i seomra amháin ann. Diabhal bréag!
TUILLEADH (3) ▼
Níl léigheamh ar bith ar a bhfuil de dhola air sin in a dheidh sin. Tá carr agus "lorry" aige ar an mbóthar agus péire capall, agus tá cíos trom agus rates ar an áit sin. Diabhal a fhios agam féin dá bhfanadh sé mar a bhí sé, nach mb'fhearr na gnaithí a dhéanfadh sé. As na tighthe beaga a theightear ins na tighthe móra adeir siad, ach diabhal a bhfuil na tighthe móra gan a ndonacht féin freisin
Pé'r bith cé'n t-airgead atá sé a dhéanamh ná nach bhfuil, tá sé báithte i bhfiacha. Is furasta a rádh go bhfuil sé ag saothrú an oiread seo céadta punt. Ach cá'il a bhfuil de chéadta de dhola air. Tá seisear cloinne aige ag dul ag coláistí, agus measann tusa nach gcoisnigheann siad sin airgead, idir éadach, leabhra agus luach na scoile. Bí siúráilte go gcoisnigheann
Níl aon-tSatharn dhá n-eirigheann ar a súil nach mbíonn seifte aice, agus teagann 'chuile leithphighinn di abhaile cé's moite de bheagán a chuireas sí amach ar tae [is] siúcra ("groceries"). Nach dtiocfadh céad mine ráithe uirre, agus í gan sac gan mac gan muirín. Níl aon-dola uirre ar fiú trácht air
+
An bhfuil an oiread agad agus a dhíolfadh do dhola = a d'íocfadh do bhealach
Tá an coláiste in aisce aige, agus sílim go bhfaghann sé pighneachaí beaga dhó fhéin, ach níl an oiread aige in a dheidh sin agus a dhíolfadh a dhola. Duine an-chríonna é, ach má's eadh féin caitheann a mhuintir airgead a thabhairt dó go minic
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé in ainm agus an oiread seo céadta punt a bheith ag teacht isteach dó, agus in a dheidh sin agus uiliog, is minic a chonnaic mé é agus gan an oiread aige agus a dhíolfadh a dhola. Diabhal é muis. I gceann a beith caithmheach dhó, bhí dola mór air
+
Má tá sé ag teacht isteach féin, tá an dola ann dhá réir. Níl a fhios ag aonduine cá luigheann an bhróig ar an duine eile
Tá a fhios ag 'chuile dhuine céard é do shlí ach níl a fhios ag mórán céard é do dhola. Sin é an buille (leath-fhocal é) = tá a fhios ag 'chuile dhuine céard atá ag teacht isteach duit ach níl a fhios ag aonduine céard a bhíos ort a chaitheamh aríst; ní bhreathnuigheann daoine ach ar do shlí agus ní chuimnigheann siad gur call duit tada a chaitheamh, aindeoin scaithtí nach mbeadh díol do fhreastail agad
TUILLEADH (3) ▼
Tá a fhios ag 'chuile dhuine aca céard é dola an chinn eile má's fíor dóib féin
Seo é aríst é. Comhairfidh sib é sin go maith ach ní chomhairfidh sib an méid a chuirim amach leath cho maith. Tá a fhios ag 'chuile dhuine céard é mo shlí ach ní bhreathnuigheann aon-dhuine ar mo dhola
Bíonn a dhola cho mór amanntaí, agus nach mbíonn an teas ag breith ar an bhfuacht aige
·
Tá an ceart agad ins an méid sin, ach cá'r fhága tú an dul-amach (fc. amach). Ní beag dhó é sin ach oiread
4.
díth, díoghbháil, mairg, clóic: ní h-eolas dom an chiall seo a bheith ach in Oir-Thuaiscirt Chondae na Gaillimhe: ceanntar Ghleann na Madadh agus an taobh sin. Bhí an chiall céadna ag an dream ar chuala mé aca é leis, agus atá leis ins an mBunnán Buidhe: "ní dhearna sé díth na dolaidh ins an tír"
+
Cé'n dolaí atá ort? = díth, mairg, clóic agus rl.
Bíonn a fhios ag 'chuile dhuine aca dola(í) an duine bhoicht, ach is beag áird a bhíos aca air, ach a bhfaghann siad iad féin istigh (ins an Dáil, in a dteachtaí Dála)
TUILLEADH (2) ▼
Má ghníonn sé dolaí íocfaidh sé ann. Ní cóir a leigint leis. Ro-fhada atá na daoine ag éisteacht leis
Dhéanfadh sé dola dhá bhfaghadh sé cead a chinn, ach ní bhfuair

Féach freisin

dola

Dol in iontrálacha eile (13)

 
'Ar ndú bail ó Dhia ort, agus an tslí atá agad, níor ceart go mbeadh aon-chall duit an deachma a chur ar cáirde, ní hé sin do dhaoine dona mar mo leithide-sa é. Ach chreidim go bhfuil dola mór ort mar sin féin. Ní fhéadfaidh tusa a theacht le fataí tura mar a fhéadfas muide
 
Is doiligh do na siopaí tada a dhéanamh mar má tá an deagh-dhíolaidhe ann, tá triúr in a aghaidh sin atá in a ndroch-dhíoluidhthe. Dheamhan neart a bhíos ag fear an tsiopa air. Tá a chuid dola féin air, agus caithfidh sé an saoghal a righeachan cho maith le duine
 
déan 1
Is fear é atá ag fáil rud le déanamh ar an saoghal seo agus a mhuirín a thógáil. Is beag an t-iongnadh sin. Tá dola mór air, agus gan thairis sin de ghaisce ar a bhfuil de shlí aige
 
Dhíol sé dioscán mór turkeys i mbliana, agus má dhíol féin, dheamhan mórán a bhí dhá mbarr aige déarfainn. Bhí an-dola air dhá mbeathú.
+
deis
Tá an dola air, ach tá an deis air freisin (feiliméara an Achréidh) = caitheann sé a dhul faoi chostas idtaobh a chuid talúna; tá cíos agus rátaí troma air agus rl. ach tá deis airgid aige freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá dola feamainn dearg istigh adeir tú. Is tú atá ar do dheis aice anois. Measaim nach mbeidh aon-duine le dhul in a béal ort. Tá 'chuile dhuine ro-chruadhógach le na fataí
 
Is deacair dhó a bheith deiseamhail agus a bhfuil de dhola air. 'Ar ndú' a dhearbhráthair m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé 'chuile ré soluis
 
díol 2
Th'éis a raibh de theacht isteach aige, bhí a sheacht sáith le déanamh aige agus díol a fhreastail a bheith aige. Ar ndú bhí dola mór air lena raibh de mhuirghín aige
+
Tá siad ag dolaidheacht thíos annseo le cupla lá. Thóg siad dola mór trathnóna indé. Má mhaireann dóib is gearr go mbeidh na chúig chéad bradán tóigthe aca. Sin é a bhfuil siad in ainm agus a thógáil de réir an mhargaidh, ach 'ar ndú' mo chreach, is beag áird a bhéas ar an margadh sin
TUILLEADH (2) ▼
Chuaidh siad siar oíche ag dolaidheacht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo aca. Níl a fhios cé'n dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … 'Ar ndú' dhá mbeirtí orra gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrádh iad. Bheadh ciall in a leithidí seach agus an dream atá thart annseo nach leigfeadh an faitíos dóib breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolruighthe
Bhuail muid amach ag dolaidheacht le líon scríbe. Bhí an-áirdeall ag na maora ar an abhainn an t-am céadna ach dhá fheabhas dhá raibh siad ar a maidí, thug muid as cionn leathchéad uatha. Níor dhroch-dhol ar bith é aon-uair an chluig amháin
 
draoi
Marbhuigheadh an draoi breacach díob ar an abhainn i mbliana. Ní raibh an fear a raibh sí aige in ainm agus thar cheithre chéad a thógáil, ach mo léan géar, thóg sé an méid sin ar dhá dhola; agus chaith sé an bhliain ag tógáil in a dhiaidh sin
 
Má tá dola fhéin ort ag ceannacht bran agus beatha anois dóibh tiúrfaidh siad isteach dúbailte dhuit é, lá an aonaigh feicfidh tú féin air = tá costas anois ort dhá mbeathú, ach beidh a dhá oiread bantáiste agad dhá bharr