fuaraíocht
—ainmfhocal, baineann
—fuaraíocht, fuartas, fuaireadas, fuaireacht: ainmneacha teibí. Tá fuaraíocht agus fuaireacht baineann. Baintear leas astu thrína chéile ach go háirid fuaraíocht.
—
a.
a bheith fuar.
+–
Is diabhlaí an fhuaraíocht atá ann na laethanta seo — an fuacht atá ann; is diabhlaí fuar é na laethantaí seo
Fuaraíocht uilig anois é. Tá barr sneachta ar an aimsir seo
TUILLEADH (1) ▼
An airíonn tú an fhuaraíocht? Ach is beag an bheann atá agatsa air bail ó Dhia ort. Tá brabach ort (.i. saill; thú a bheith ramhar)
b.
cur fuar ar nós sneachta, sioc srl.
+–
Tá fuaraíocht eicínt ar an ngaoith aduaidh seo — cruas; drochaimsir; sioc nó sneachta
Fuaraíocht shneachta atá air agus na géabha fiáine sin a bheith ag dul ó dheas. Is furasta a aithinte é. De dhroim sneachta atá na soinneáin ghéara seo ag éirí
TUILLEADH (2) ▼
Fuaraíocht atá ar an ngaoith ghreamannach seo. Tá sé dhá cothú rófhada. Gabhfaidh sé ar shioc cheapfainn. Ag tolgadh seaca atá na lionscaí sin sa spéir.
Má théann sé ar fhuaraíocht sheaca anois gheobhaidh na fataí garbh é, agus gan iad in iarracht ar bith againne fós. Dheamhan clúdaithe de bhláth bliana againn ach poll amháin. Agus gan ansin fhéin ach taibhse
fuaraíocht in iontrálacha eile (7)
→
biathú
Ní thaitníonn an biathú sneachta seo liom — hob ann agus hob as aige. Dhá gcaitheadh sé tuairt bhreá in éindí dhe, bhainfeadh sé an fhuaraíocht as an aimsir.
Is olc an cur é an flichshneachta sin. Ag tolgadh tuairt shneachta atá sé: sin é an méid. Faraor nach gcaitheann sé scráib bhreá dhó agus éirí as, agus gan a bheith ag sceidínteacht leis mar seo. Bhainfeadh sé an fhuaraíocht seo as an aimsir
→
dubh-ana
Tá an ghrian ag ardú sa spéir aríst, ach má tá féin, níl aon aithne ar an lá go bhfuil aon tsíneadh air fós. Ar ndóigh sí dubh-ana na bliana í agus is beag an mhaith cén síneadh a thiocfas air go n-éirí sé as an bhfuaraíocht agus as an doininn seo. Is uafás é le cupla lá
Tá tú ar loirg na dubhchosaí! 'Speánfaidh mise dhuit anois í … Ní hin í go háirid. Sin sceamhachaí fia. Tá sí anseo thíos sna huláin. Bíonn an-tóir ag na strainséaraí uirthi. Ardaíonn siad glac di leo i gcónaí nuair a bhíos siad anseo … An bhfeiceann tú anois í? Sin í anois an dubhchosach. Cheal nach mbíonn sí amuigh agaibhse chor ar bith? … Tá an iomarca fuaraíochta san aer amuigh ansin, agus na daoine ródhoriarach! Tá míneadas agus mánlacht i muintir Árann nach bhfuil sna slóchtaithe!
→
duifean
Tá acmhainn aige ar fhuacht agus ar dhuifean. Ar ndóigh, dhá bhfaigheadh fear eile an fhuaraíocht a fuair sé sin, is fadó an lá a bhí a chnaipe déanta
→
dóigh 1
Sílim go mba mhaith an dóigh do dhuine trí nó ceathair de bhoscaí móna a tharlú anuas chuig an teach a fhad is atá an aimsir seasta mar seo. Ní fheicfidh tú seachtain ó inniu go mbeidh airde sneachta ar an talamh, agus ní bheidh sé inrásta ag tada a dhul 'na phortaigh ansin. Tuairt shneachta a thiocfas as an bhfuaraíocht seo