Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuaraíocht
Ainmfhocal; Buineann.
Fuaraíocht: Fuartas: Fuaireadas: Fuaireacht: Ainmneacha Teibí. Tá "fuaraíocht" agus "fuaireacht" buineann. Baintear leas asta thrín a chéile ach go háirid "fuaraíocht".
a.
a bheith fuar.
+
Is diabhlaí an fhuaraíocht atá ann na laethanta seo = an fuacht atá ann; is diabhlaí fuar é na laethantaí seo
Fuaraíocht uilig anois é. Tá barr sneachta ar an aimsir seo
TUILLEADH (1) ▼
An airíonn tú an fhuaraíocht? Ach is beag an bheann atá agadsa air bail ó Dhia ort. Tá brabach ort (.i. saill; thú a bheith reamhar)
b.
cur fuar ar nós sneachta, sioc agus rl.
+
Tá fuaraíocht eicínt ar an ngaoith adtuaidh seo = cruas; droch-aimsir; sioc nó sneachta
Fuaraíocht shneachta atá air agus na géabha fíáine sin a bheith ag dul ó dheas. Is furasta aithinte é. De dhruim sneachta atá na sinneáin ghéara seo ag eirí
TUILLEADH (2) ▼
Fuaraíocht atá ar an ngaoith ghreamannach seo. Tá sé dhá cothú ro-fhada. Gabhfaidh sé ar shioc cheapfainn. Ag tolgadh seaca atá na lionnscaí sin san spéir.
Má theigheann sé ar fhuaraíocht sheaca anois gheobhaidh na fataí garbh é, agus gan iad in iarracht ar bith againne fós. Dheamhan clúdaithe de bhláth bliana againn ach poll amháin. Agus gan annsin fhéin ach taibhse

Féach freisin

Fuaraíocht in iontrálacha eile (4)

 
Is olc an cur é an flithshneachta sin. Ag tolgadh tuairt shneachta atá sé: sin é an méid. Faraor nach gcaitheann sé scráib bhreá dhó, agus eirí as, agus gan a bheith ag sceidínteacht leis mar seo. Bhainfeadh sé an fhuaraíocht seo as an aimsir
 
Tá an ghrian ag árdú san spéir aríst ach má tá féin níl aon-aithne ar an lá go bhfuil aon-tsíneadh air fós. 'Ar ndú' sí dubhanna na bliana í, agus is beag an mhaith cén síneadh a thiocfas air go n-eirí sé as an bhfuaraíocht agus as an doininn seo. Is uafás é le cupla lá
 
Tá tú ar luirg na dubhchosaí! 'Sbainfidh mise dhuit anois í … Ní shin í go h-áirid. Sin sceamhachaí fia. Tá sí annseo thíos sna h-uláin. Bíonn an-tóir ag na strainséaraí uirre. Árdaíonn siad glac di leo i gcomhnaí nuair a bhíos siad annseo … An bhfeiceann tú anois í? Sin í anois an dubhchosach. Cheal nach mbíonn sí amuigh agaibhse chor ar bith? … Tá an iomarca fuaraíochta san aer amuigh annsin, agus na daoine ro-dhoraerach! Tá míneadas agus mánlacht i muintir Árann nach bhfuil sna slóchtaithe!
 
Tá acmhuinn aige ar fhuacht agus ar dhuifean. 'Ar ndú, dhá bhfaghadh fear eile an fhuaraíocht a fuair sé sin is fadó an lá a bhí a chnaipe déanta