Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dearcadóir
ainm-fhocal, fireann
uimhir iolraidh: dearcadóirí.
duine a mbíonn comhairle áirid aige as cionn rudaí nó a bhfuil air a bheith isan áirdeall ar dhaoine eile .i. cigirí scol (dearcadóirí a thugadh na seandaoine orra), an fear a theagas timpeall ag breathnú indiaidh na "saoistí" a mbíonn méithealannaí aca ag déanamh bóthair (supervisors), an póilí imbearaic a bhfuil cúram air daoine a fhaire agus spiadóireacht a dhéanamh agus rl.
+
Chreidim go raibh an dearcadóir agaibh indiu is an scoil. Ar thug sé mórán buillí do'n mháistir?
Bhí an dearcadóir thiar indiu ag an gcoiléar aca. Feicfidh tú clocha dhá réabadh anois
TUILLEADH (1) ▼
Sin é 'ar ndú' an dearcadóir atá 'san mbeairic. Is beag a leigfeas sé sin thairis deirimse leat. Tá sé ag dul thart i gcomhnaí agus na cluasa biorruighthe aige ag iarraidh fáirnéise

Dearcadóir in iontrálacha eile (1)

 
Má's ag dul thart an bóthar féin a bhéas sé, bíonn deimheas air fea'int a gcloisfeadh sé focal ar bith ag ceann bóithrín nó áit de'n tsórt sin. Agus siubhlann sé cho mion cho réidh, agus go sílfeá gur ag iarraidh éalú ar dhuine a bheadh sé. 'Ar ndú, d'eireochadh dhó: 'sé'n dearcadóir atá 'san mbeairic anois é