Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dreóilín
ainm-fhocal buineann
tuiseal geineamhnach: an/na dreoilín.
uimhir iolraidh: dreoilíní
éan beag atá taithighthe is gach uile ghiodán de'n tír (wren). (fc. cuisle, ceirt na n-easbaí, agus deachma freisin).
a.
+
"Dreoilín, dreóilín Rí na n-Éan: i dTír Oileáin a marbhuigheadh an t-éan; Lá Fheil Stiopháin a marbhuigheadh é; is mór do mhuirghín agus is beag thú fhéin; Dreóilín, dreóilín, Rí na n-Éan" (an rann adeireas lucht an dreoilín ar a gcuid stucaireachta lá Fheil' Stiopháin)
Níl muid ag tabhairt gubh ar bith ar lucht an dreóilín. Feicfidh tú féin air gur gearr go mbeidh trí nó ceathair de dhreamannaí aca isteach agad idir chlár agus chuinneog
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh tú ag dul thart leis an dreoilín chor ar bith imbliana?
+
'Ar ndú' ní raibh aige siúd i dhá phionta ach mún dreoilín i lár na fairrge. Ba ghearr ar a dhúdán siúd dhá phintín ghágacha
Go bhféachaidh an t-Athair Siorraí orainn a mhuirnín, níl 'sna cupla scillingín "dole" sin ach mún dreoilín i lár na fairrge. Is gearr le dhul ar lán tighe iad
TUILLEADH (1) ▼
Ní mún dreoilín i lár na fairrge é dhá fhata a leagan aige sin = níl ann ach sugh salmhain i mbéal buláin; níl ann ach cuid an bheagáin
+
Ní itheann sé an oiread le dreoilín = ní itheann sé tada; is beag a dhíol; níl sé mór-thráthach
Go deimhin muise, ní raibh call ar bith di an méid a d'itheadh sí sin a thaidhbhsiú. Ní raibh sí ag ithe an oiread le dreoilín
TUILLEADH (1) ▼
É sin ag caint ar dhaoine a leagan! Ní leagfadh sé dreoilín, ní áirighim a mhalrait
b.
duine beag gágach suarach.
+
Céard a chas an dreoilín sin annseo
Ní thiocfaidh aon-bhiseach ar an dreóilín de mhac sin aige choidhchin thar mar atá air. Diabhal mé nuair a bhí sé sin in a ghasúr go sílfeá go mbadh an-údar fir é
TUILLEADH (1) ▼
Ó muise a dhreoilín is beag é t'fhoghail-sa ar aon-chor (fc. dreólán) = níl tú indon faice a dhéanamh

Féach freisin

Dreóilín in iontrálacha eile (2)

 
de
Níl dóthain dreóilín de phlúr san teach
 
Tugtar dreoilín eicínt aca i gcomhnuí do'n deachma … Tuige nach bhfaca tú aon-dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easbaí. Caithfidh tú a bheith ag tóruidheacht agus ag síor-thóruidheacht go bhfaghaidh tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag innte. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóruigheacht' dhuit chor ar bith, scaithtí. Bíonn neadrachaí dreóilín thar a chéile ann blianta. Scaithtí eile ní fheicfeá ceann ar bith … An uair a gheobhas tú an nead, níl agad le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharbhú agus a gcuid fola a chur ar shean-cheirt. Caithfidh tú fuil as 'chaon cheann aca a chur uirre. Mara gcuiridh ní bheidh aon-mhaith dhuit ann. Breith ar an sean-cheann annsin — an Rí — agus deirtear í a thabhairt do'n deachma. Ach is cuma cé'n ceann de na trí cinn déag a thiubharfá do'n deachma ins an gcás sin. Bíonn muirghín mhór ar an dreoilín. "Is mór mo mhuirghín: is beag mé féin" adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta annsin, le ceirt na n-easbaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoi'n dreoilín a tugadh do'n deachma. 'Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cunntas faoi cheirt na n-easbaí a fuair mé ó m'athair)