Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cuisle (11)

 
dáil
"A Pheigí Bhán suigh i ndáil liom: is tú cuisle geal mo chléibh" (As Mná Deasa Locha Riach)
 
damba
Ní comhla ar bith a theastaíos thíos ansin ach damba a dhéanamh trasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nár mhór é mar atá an lagpholl atá ansiúd thuas agamsa: stanna a chur ann ar an gcaoi céanna. Iontaíonn sé an brúisc uisce ar fad soir sa lagpholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos ansin, níl ann ach díth céille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad
 
Ní raibh sé inrásta acu an bealach a rith meireach an deibhil a tháinig. B'fhada a chaith siad ag maraíocht anonn is anall i mbéal na trá sul má d'fhéad siad a n-aghaidh a thabhairt isteach. Má bhíonn lonnadh ar bith le tír, is olc an bealach í an chuisle sin aníos. Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhúinn muid a chur soir ar an bhfearsaid, agus dhá gcuirtí, bhí ar gcuid bádóireacht ar iarraidh
 
Chuaigh cuisle (coiste) dháréag air
 
Bhí díogarnach anála ann agus a chuisle ag bualadh ar éigean. 'Sé a raibh ann go bhféadfá a rá go raibh sé díbheo. Cuireadh fios ar an sagart ar an toirt, ach má cuireadh féin, níor rug sé beo air. Chuir sé an ola air mar sin fhéin. Ba mhór an scéal é — buachaill breá mar é. Dúradh ag an gcuisle féin é. Thug an cróinéara an-character air
 
dóigh 1
An-dóigh ballach í Carraig Mh. ar an taoille seo. Nach bhfuil sé ag tuile isteach i mbéal na cuisle. Gabh síos agus caith cupla urchar uirthi, agus fan ann nó go ndíbrí an taoille tuile thú. Cuirfidh mé mo sheanhata leat go n-éireoidh ballach nó bromóg leat
 
Tá scair eangaí curtha againn siar sa gcuisle. Ní raibh a shúil inti ar maidin, ach facthas dom go bhfaca mé driúillíní ar an uisce in aice a droma inniu. Caithfidh muid a tógáil anocht
 
Maraíodh an duine bocht sin chomh droimnochta agus a mharófaí coinín nó giorria. Beannacht Dé dhuit. Ní raibh aon cheo dhá chiontsiocair fhéin lena bhás ach an oiread liomsa. Ó fiafraigh thusa den dream a bhí ag an gcuisle é (coiste dháréag). Sin iad atá in ann a inseacht duit. Ach plúchadh an scéal ina dhiaidh sin le neart caraideacha. Sin é an duine bocht i gcónaí. Chuile shórt ag luí ar an lagar agus an lagar ar an talamh
 
Deir na seandaoine go mbeadh fad agus leithead an mhaide giúsaí gan aon drúcht ar maidin. Théidís amach nuair a bhíodh an ghrian ag éirí agus d'aithnídís ar an toirt cá mbeadh carcair, mar bhíodh cuisle gan aon drúcht ann. Tá an chomharthaíocht lena chois. Fuair mé féin agus M. dhá mhaide ansin thuas sna riascaigh maidin agus muid ag fiach
 
Rinne sé dubhní air féin, sábhála Dia sinn. Ach tá mé ag ceapadh go raibh daol eicínt air sa gceann. Chuaigh cuisle (cuisne, coiste) air, agus shílfeá nach mó ná sásta a bhí an sagart go gcuirfí sa reilig é
 
Bhí an deartháir in achar an anama agus é féin ag dul síos agus suas ansin chuile lá thar mhuintir an bhaile, agus ní chainteodh sé air ar bhás an domhain. Thug sé cead báis dhó lena chuid dúnárais sa deireadh, gan dochtúr ná sagart a fháil. Bhí an phúcaíocht chéanna air ag an gcuisle (coiste). Ní raibh smid le baint as le pionsúr, ach é ag mungailt faoina fhiacla. Is maith a chuaigh sé as nach istigh faoi mhurder a bhí sé. Dhá mbeadh féin, ba bheag an scéal é. Chaith an sagart dhá uair ina éadan, ach má chaith féin, sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air amhdachtáil ar bith a bhaint as