—
taghd, fearg, contráilteacht, gruaim, do-shástacht, anacracht; mí-shuaimhneas, cuthach, buile, ag cur a chosa uaidh (uait agus rl.), stainc, stuaic.
+–
Tá dod air = taghd, fearg, stainc nó mí-shuaimhneas
Shílfeá go bhfuil dod uirre seo istigh anocht. Má tá féin is minic léithe
TUILLEADH (8) ▼
Is furasta dod a chur air. An rud is fánaighe ar bith feicfidh tú ag gabhail ins na fraghachaí é
Is suarach an t-iongnadh dod a theacht air, agus aos óg an dá bhaile ag rith indiaidh na h-inghine air tímpeall na h-iothlann. Nach shin e a dhíol údar doid a dhuine sin.
Is beag de'n dod sin a bheadh ag imeacht leis dhá bhfaghadh sé a dhíol tobac, ach tá easbaidh an tobac indon dod a chur ar dhuine ar bith
Is beag an dod a bheadh uirre dá bhfeicead sí fear an tseaicéid ghuirm ag teacht aniar an t-árd. Deirimse leat gur maith geal-gháireach a bheadh sí annsin
M'anam muise nach dochar ar bith eisean — gur mó an dod an bhean go fada. Sin í atá go h-olc dá mbaintí aisti é, agus gan é a bhaint aisti chor ar bith scaithtí.
Tháinic dod air, ach ba ghearr a mhair sé an uair a cheartuigh mé mo scéal dó. Sin é an sórt duine é. Tá sé dubh-thobann.
'Sé an dod céadna i gcomhnuí aice é. Ní mórán tsiocair atá uaithe. Tá guibín beag gangaideach uirre annsiúd ag tabhairt aire do'n splainc, faitíos a ngoidfí uaithe í
Cá'id' ó thosuigh an dod beag sin dá bhualadh. Dar mo choinsias teagann daolanna móra ann le goirid
+–
Tá sí le dod = tá dod uirre. (Is coitiannta "tá sí le dod" ná "tá dod uirre")
Tá sí seo thuas le dod aríst shílfeá. Easbaidh an bhraoinín chruaidh atá uirre measaim
TUILLEADH (8) ▼
Bhí a chapall le dod thiar annseo. Sin ropaire ceart atá aige. Neart bóthair agus bata nar mhór di siúd (capall a bheith le dod = í a bheith ag stealladh)
Aon-chapall a fheiceas tusa le dod mar sin, níl le déanamh léithe ach a cuibhriú istigh agus neart ocrais agus rúscadha a thabhairt di. Suaimneochaidh sin í
Is gearr (geall) le capall a bheadh le dod í, cé's múite (moite) nach bhfuil sí ag stealladh. Ach ní le cuíbheamhlacht nach bhfuil sí dhá dhéanamh sin féin
Tá an bhó ag dul le dod = ag gabhail le buile; ag cur a cosa uaithe
Thosuigh an bhó ag gabhail le dod, agus ní bhlighfinn deoir bhainne uaithe marach gur fháisc mé buarach uirre
Bhí an capall sin an-tsásta i dtosach ach bíonn sí ag gabhail le dod le goirid anuas, má chloiseann sí torann ar bith. An meaisín buailte a chuir an bhail sin uirre. Bhain sé geit aisti lá annsin thuas ar an mbóithrín
Má thosuigheann an raibiléara de chapall siúd ag gabhail le dod, meastú ab é an sramacháinín siúd atá indon a cheannsú. Ní cheannsóchadh muis, ná uan a bheadh th’éis a bhreithe
Thosuigh sí ag gabhail le dod annseo aréir, an uair nach leigfí siar amach ag céilidhe í. Ba dheas an tabhairt a bhí sí ag iarraidh a chur uirre féin — sé mhíle bealaigh — agus ag teacht abhaile annsin le goirm na gcoileach