→
buille
ógánach (15)
→
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) annseo le bliain. Dar fiadh tá! Meastú nachar scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé leigean eicínt orra. Sé atá i riocht
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin is chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bhéas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
→
fáideog
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin (gasúr) aréir, bhí sé ag snámh le fáideógaí fuara. Bhí siad ag tuitim as a chrioslaigh in a gcuasnógaí, de bhárr a bheith dhá ionnfairt fhéin san bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaithneóidís liom chor ar bith
→
comaoin
Well ní ag amhdú an uilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo línn-sa aríst go bráth, diabhal mise ann go leagfa mé air. Ba bheag an náire a bhí air, a's a ndearna mé de chumaoin dó, narbh fhiú leis a thoidheacht chuig sochraide m'athar.
→
adhartha
Ógánach adharthaí a bhí ann, a's bhí buachuill báire ar bith indon imeartas air, nó 'mbeadh aige a mhealladh uaidh.
→
buan
'A ógánaigh óig an chúil chlannaigh; Nach ró-dheas mar leaga(nn)s tú an tsúil; Má bhíonn tú go buan fré do Dhaidí; Bí cinnte gur agham a bheidheas tú' (sliocht as "Neilí")
→
airigh
Maidir leis a' tamall de lá a thug mé dhuitse, leis a' bhféar, níor airigh mé agam ná uaim é, agus ní hé atá mé a chású chor a' bith, ach ar thug mé do'n ógánach seo thíos agus nar chúitigh sé liom (comhar oibre atá i gceist ann).
→
fosaí
Chuir mé an t-ógánach seo ag fosaíocht ag an gcladach inniu, ach go deimhin agus go dearfa is olc an fosaí é. Leig sé na beithigh aniar thar an gclaidhe san gcoirce, agus é féin ag rith indiaidh coiníní. Go deimhin theastódh na claidheachaí siúd a bhiorú. Dhá mbeidís bioruithe ní iarrfaí a ghnatha air
→
iompair
Sé'n cás céadna a bheith leis nó leigint dó, mar a chéile a iomchróchas an t-ógánach sin é féin i gcomhnuidhe = 'sé'n chás amháin comhairle a chuir air, nó gan a chur ní athrócha sé béasa go deo. (ógánach: ní chialluigheann an focal seo scurach óg sa gcainnt i gcomhnuidhe. Fearacht mar atá sa leagan réamh-ráidhte, bíonn aithis i gceist. Tiubharfaí "ógánach" dhá réir sin ar shean-dhuine, ar asal, nó ar bheithidheach ar bith nach dtaithneochadh leat)
→
drandal
Bíonn dranndal an gháire ar an ógánach sin i gcomhnuí. Ba chóra dhó go mór muise a dhul ag magadh faoi'n athair. Dheamhan údar gáire ins an tír go dtí é, agus a "mhusteaisín" bheag scáinte mar bheadh ribeadhachaí luchan ann, agus béilín mar bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaghas sé amadán len éisteacht leis ag baint fogha agus easbaidh as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-innseochainnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon-araoid orm, ach ní chuirfidh.
→
déan 1
Is bean i dteannta anois í. Gheobhaidh sí fuighleach le déanamh agus aon-fhear a fháil choidhchin ó 'chaith an "t-ógánach" seo thoir i gcártaí í, aindeoin an fhad agus a bhí sé ag tabhairt chomhluadair di. Tá na fiacla curtha go maith anois aice. Ba cheart di a bheith go h-árd ins na déaga agus fiche
→
dúch
Deir siad nuair a bhíos bric eile ar a thí gurb shin é an uair a dtosuigheann an láimhíneach sin ag cur dubhaigh uaidh. Ní fhágann sé míor meacan de'n fhairrge ina thimpeall nach mbíonn faoi dhubhach aige. Ní léar do'n iasc eile annsin é. Bhí mé fhéin agus máistir scoile a bhí annseo thuas ar "leave" tigh J. amuigh ar meath an bhliain cheana. Ná raibh ann mara mbuaileann ceann aca é. "Caith amach é i dtigh diabhail" adeirimse "ní eallach ar bith é sin le bheith dhá bhuachailleacht sa gcurrach". Diabhal caitheamh! Ag déanamh iongantais de na dathannaí a bhí air a bhí sé. "Oibrigh ort a bhuachaill" arsa mise i m'intinn féin "ní móide go mbeitheá cho dathamhail ar ball". Ach níor bhac mé níos mó leis. Tháinic muid isteach sa gCaladh annsin thíos. "An bhfuil tú ag brath air an t-ógánach seo a thabhairt leat" adeirim féin, agus theann mé siar scaithín ar an tráigh. "Caithfidh tú treabhadh nó tiomáilt a dhéanamh, mar tá cúram orm an churrach a chur suas". Ní raibh fios na faillighe aige. Beireann mo dhuine bocht ar an láimhíneach, agus ní leis an láimhíneach ab fhaillighe é; scaoil sé scuaid as agus bhí an tráigh faoi dhubhach aige suas go dtí an leicín shleamhain údaidh sa meath-dhúrlinn. Níor thaobhuigh mo dhuine na currachaí uaidh sin amach