Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ógánach (16)

 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
 
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin i chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bheas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
 
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin aréir (gasúr), bhí sé ag snámh le fáideogaí fuara. Bhí siad ag titim as a chrioslaigh ina gcuasnógaí, de bharr a bheith dhá únfairt fhéin sa bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaitneoidís liom chor ar bith
 
Well ní ag amhdú an oilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo linnse aríst go brách, diabhal mise ann go leagfaidh mé air. Ba bheag an náire a bhí air agus a ndearna mé de chomaoin dó, nárbh fhiú leis a theacht chuig sochraide m'athar.
 
breá
Dheamhan a athrú a bhí ariamh ann ach an t-ógánach breá seo thíos.
 
Ógánach adhartha a bhí ann agus bhí buachaill báire ar bith in ann imeartas air nó a mbeadh aige a mhealladh uaidh.
 
buan
"A ógánaigh óig an chúil chlannaigh; Nach ródheas mar leaganns tú an tsúil; Má bhíonn tú go buan fré do Dhaidí; Bí cinnte gur agam a bheas tú" (sliocht as Neilí)
 
buille
Bhí liom, murach an chaoi ar chuir an t-ógánach sin as mo bhuille mé (fc. ógánach)
 
aird 2
Má thugann tú airde air an ógánach sin, ní thabharfaidh tú airde ar do leas.
 
airigh
Maidir leis an tamall de lá a thug mé dhuitse leis an bhféar, níor airigh mé agam ná uaim é, agus ní hé atá mé a chásamh chor ar bith ach ar thug mé don ógánach seo thíos agus nár chúitigh sé liom (comhar oibre atá i gceist ann)
 
fosaí
Chuir mé an t-ógánach seo ag fosaíocht ag an gcladach inniu ach go deimhin agus go dearfa, is olc an fosaí é. Lig sé na beithígh aniar thar an gclaí sa gcoirce agus é féin ag rith i ndiaidh coiníní. Go deimhin theastódh na claíochaí siúd a bhiorú. Dhá mbeidís bioraithe, ní iarrfaí a ghnaithe air
 
'Sé an cás céanna a bheith leis nó ligint dó, mar a chéile a iomprós an t-ógánach sin é féin i gcónaí — is aon chás amháin comhairle a chur air nó gan a chur, ní athróidh sé béasa go deo (ógánach: ní chiallaíonn an focal seo scorach óg sa gcaint i gcónaí. Fearacht mar atá sa leagan réamhráite, bíonn aithis i gceist. Tabharfaí "ógánach" dhá réir sin ar sheandhuine, ar asal, nó ar bheithíoch ar bith nach dtaitneodh leat)
 
dol 1
Bhí an t-ógánach seo thoir ag rá liom go mbeadh an-dol máistrí scoile ag teacht amach i mbliana. Beidh a mhac féin réidh an samhradh seo sílim. Cén ghnaithe atá ag teacht amach acu, agus gan aon scoil lena n-aghaidh. Nach bhfeiceann tú an bheirt seo thuas atá réidh le trí bliana, agus é ag cinnt orthu aon scoil a fháil fós
 
Bíonn drandal an gháire ar an ógánach sin i gcónaí. Ba chóra dhó go mór muise, a dhul ag magadh faoin athair. Dheamhan údar gáire sa tír go dtí é, agus a mhuisteaisín bheag scáinte mar a bheadh ribiúchaí luchan ann, agus béilín mar a bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaigheas sé amadán le n-éisteacht leis ag baint fogha is easpa as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-inseoinnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon araoid orm, ach ní chuirfidh
 
déan 1
Is bean i dteannta anois í. Gheobhaidh sí fuílleach le déanamh agus aon fhear a fháil choíchin ó chaith an "t-ógánach" seo thoir i gcártaí í, ainneoin an fhad is a bhí sé ag tabhairt chomhluadair di. Tá na fiacla curtha go maith anois aici. Ba cheart di a bheith go hard sna déaga is fiche
 
dúch
Deir siad nuair a bhíos bric eile ar a thí gurb in é an uair a dtosaíonn an láimhíneach sin ag cur dúigh uaidh. Ní fhágann sé míor meacan den fharraige ina thimpeall nach mbíonn faoi dhúch aige. Ní léir don iasc eile ansin é. Bhí mé fhéin agus máistir scoile a bhí anseo thuas ar leave tigh J. amuigh ar meath an bhliain cheana. Ná raibh ann mura mbuaileann ceann acu é. 'Caith amach é i dtigh diabhail,' adeirimse, 'ní eallach ar bith é sin le bheith dhá bhuachailleacht sa gcurach.' Diabhal caitheamh! Ag déanamh iontais de na dathannaí a bhí air a bhí sé. 'Oibrigh ort a bhuachaill,' arsa mise i m'intinn féin, 'ní móide go mbeifeá chomh dathúil ar ball.' Ach níor bhac mé níos mó leis. Tháinig muid isteach sa gcaladh ansin thíos. 'An bhfuil tú ag brath ar an t-ógánach seo a thabhairt leat,' adeirim féin, agus theann mé siar scaithín ar an trá. 'Caithfidh tú treabhadh nó tiomáilt a dhéanamh, mar tá cúram orm an churach a chur suas.' Ní raibh fios na faillí aige. Beireann mo dhuine bocht ar an láimhíneach, agus ní leis an láimhíneach ab fhaillí é; scaoil sé scuaid as agus bhí an trá faoi dhúch aige suas go dtí an leicín shleamhain údaí sa meathdhuirling. Níor thaobhaigh mo dhuine na curachaí uaidh sin amach