→
amuigh
Amuigh aige (50+)
→
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
→
fáinneog
Bhí maingíní agus bagáistí aige is chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneóig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé in a dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirghe.
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí ro-choimhightheach. 'Bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mara n-eirighe sé as a' mbáisti(gh) is gearr gur dubhachan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairbhshion seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta, mhoirteamhail.
Bheadh fhios ag aon-duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosamhlacht le na chois! Cé eile a mbeadh fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, a's gur indé roimhe sin a chuir mé ann é?
+
→
bealach
Tá'n mhóin amuigh uileag, ar bhealach a' chairr aige.
TUILLEADH (1) ▼
'San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon-ghoir ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireannach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, a's b'fhéidir tuighe srathar a bhualadh air, in aice sin.
→
beart
Ní thiubhrad sé le rádh, go gclisfeadh sé faoi'n mbeart féir, aindeoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iomchur.
→
críoch
'Séard a bhí le deanamh le na leithide sin, a chuirfeadh bean ó chrích a's ó rath, breith air a's bró-mhuilinn a chur faoi na mhuineál, a's é 'chaitheamh amuigh ar a' bhfeath mhóir. Bheadh sé sáthach maith aige, a's ro-mhaith — an bitheamhnach.
→
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh, le fuisce a's bladaireacht, a's dheamhan a chos nach ndeacha in éindigh leis. Dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfad sé, ach caithfe an dithcéille féin a bheith ann, arsa tusa.
→
buail ar
Is furasta dhó cois a bhualadh ar mhuinntir na h-áite seo, mar tá airgead amuigh aige ar 'chuile gheinealach sa tír.
→
aire
Níl duine ná deoruidhe (níl duine ó Dhia anuas, mac an éin bheo, críostuidhe an éin bheo, críostuidhe an bhéil beo, geinealach a' bhéil beo, mac a' pheata, mac mioscais etc) aige anois, le aire a thabhairt do'n teach, agus ní fhéadfa sé fhéin freastal do'n áit istigh agus do'n áit amuigh (ní fhéadfa sé 'bheith istigh a's amuigh)
+
→
amuigh
Níl aon cheo istigh nach bhfuil amuigh, nuair a bheidheas aon-deoir caithte aige = innsigheann sé a mbíonn in a bholg nuair a bhíos aon-deoir ólta aige (féach istigh).
TUILLEADH (32) ▼
Tá sé sásta anois, ach an méid sin a bheith amuigh aige = ráidhte.
Bhí a theanga bheag amuigh aige, leis a' tart.
Dhá bhfaghadh sé isteach a bhfuil d'airgead amuigh aige, bheadh sé in a ridire = dhá n-íoctaoi leis, a bhfuil len íoc ag daoine leis, bheadh sé an-tsaidhbhir (féach ridire).
Caitheadh sé sneachta ar lorg a bhfuil amuigh aige annsin siar = ní fheicfe sé aon-phighinn go bráthach, dhá bhfuil le n-íoc leis, ag muínntir na h-áite sin siar.
Má tá airgead amuigh aige ar sin, baineadh sé a shúil de.
D'fhéadfadh sé fuireann nuadh a chuir isteach, le na bhfuil amuigh aige, ach droch-sheans go bhfeicfe sé mórán go bráthach dhe (féach "fuireann").
Tá cuid mhaith amuigh aige, nach bhfeicfe sé go sleibhe.
Má tá rud amuigh aige, ar a' saoghal seo, déanfa sé dhá uireasbha = ní íocfaidhear leis é; níl na daoine indon a gcuid fiacha a íoc.
Ní ormsa is mó atá rud amuigh aige.
Mara mbeadh amuigh aige, ach a bhfuil amuigh aige orainne, ní bheadh mórán ughdair clamhsáin aige.
Tá cuid mhaith amuigh aige, de bharr mine, (plúir), nach bhfuil na daoine indon 'íoc.
Cuirfe sé próiseannaí amach go goirid faoi na bhfuil amuigh aige (próiseannaí = processes)
Bainfe sé 'chuile phighinn ariamh dhá bhfuil amuigh aige, amach, má chuireann sé próiseannaí amach.
Tá'n t-áirleacan caithte anois aige, mara n-íoca sé 'bhfuil amuigh ag an mbeainnc air.
Is fada an méid sin amuigh aige — nuair a buailfidhe duine, déarfaidhe seo le na chur igcéill go mbadh mhaith an aghaidh a bhuailte é, nó go raibh an bualadh tuillte aige.
Tuille ghéar do'n diabhal aige. Is fada an méid sin amuigh aige = is fada a theastuigh an méid sin buailte nó guaime uaidh.
Is maith [a] rinne tú é, greadadh maith a thabhairt dó, ó fuair tú faoi do neart é, mar is fada an méid sin amuigh aige fhéin.
Níl truaighe 'bith agamsa do Ph. mar is fada an bualadh sin amuigh aige — is fada sin.
Deir tú leis adubhairt liom, go dtiubhradh sé go dtí lá Samhna dhom le na bhfuil amuigh orm aige a íoc.
Is beag atá istigh ná amuigh aige anois, nach bhfuil a' droch-bhail curtha aige air.
Níl bonn bán aige anois. Tá a raibh istigh a's amuigh aige, caithte leis a' dlighe sin = troscán, airgead, talamh, eallach etc.
Níor fhága siad luach na cianóige istigh ná amuigh aige, nar itheadar nó nar chrapadar leo(b).
Ní íocfa a bhfuil istigh a's amuigh aige, a chuid fiacha.
B'éigin dó a raibh istigh a's amuigh aige a dhíol amach, mar bhí an beainnc a' teacht anuas air.
Is maith 'chuaidh sé as nach mb'éigin dó, a raibh istigh a's amuigh aige a dhíol amach.
Tá a chois (a láimh, a ghualainn, a ordóig etc) amuigh aige = curtha as áit; níl sé chomh dona le briseadh.
Tá a shlinneán amuigh aige.
Má's amuigh atá sí nó nach h-eadh, níl aon-ghoir aige a mheadhchan a leigean uirre fós.
Tá a lúth amuigh aige, ag obair (tá a thóin amuigh ag obair)
Beidh a lúth amuigh, shul (dh)á bheidheas an garraidhe siúd thuas curtha aige.
Tá a sceadamán amuigh aige, ag obair (sceadamán = muinéal)
Is mó a d'fheilfeadh néal chodlata dhom, ná damh(n)sa — fear a bhfuil a sceadamán amuigh aige, a' deanamh bóthair le seachtmhain.
+
Bhí leota dhá theanga amuigh aige fúithi = le fonóid uirre, le droch-mheas uirre.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh a theanga amuigh ag an bhfiach dubh, d'fheicfeá an cochall faoi'n muineál aige 'na dheidh sin.