Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ridire (29)

 
Fraiseach mar sin a níos sé i gcónaí má dhíolann sé gamhain ná muic. Dhá mbeadh sé ina ridire, ní sheasfadh airgead leis
 
A dheartháir mo chroí thú, tá cantáil ar a chuid scéalta anois. Dheamhan lá san aer nach dtagann duine eicínt de lucht na Gaeilge sin thiar chuige ag piocadh as. Tá sé ina ridire acub le tobac agus airgead.
 
Tá cóineas móna ann, ach níl dadaidh eile ann. Ach céard sin orm! Nach bhfuil siad ina ridirí ag bradáin! Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile!
 
cuntas
Is ridire é chuile fhear go dtí lá an chuntais — bíonn sé de cháil ar chuile dhuine go mbíonn saibhreas aige go dtí lá na díolaíochta
+
bocht 1
Ní mórán somhaoine dóibhsean a seanathair a bheith ina ridire caorach agus gan iad fhéin ach beo bocht, ní dhá roinnt leob é.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá airgead tirim fhéin leagtha thairis aige, nach bocht dó sin! Dá mbeinnse ag saothrú cheithre phunt sa tseachtain, measaim go mbeinn in mo ridire
 
amuigh
Dhá bhfaigheadh sé isteach a bhfuil d'airgead amuigh aige, bheadh sé ina ridire — dhá n-íoctaí leis a bhfuil le n-íoc ag daoine leis, bheadh sé an-tsaibhir (fc. ridire)
 
Tá sé ina ridire ó ligeadh amach an dole seo. Tá os cionn coróin is punt sa tseachtain ag teacht isteach aige.
 
Tá mé faoi ardchíos le seacht mbliana ag Ridire an Gháire Dhuibh
 
M'anam dhá mbeadh maith i bhfiacha gur gearr go mbeadh cuid de na daoine ina ridirí. Is mór a thug muid uainn ariamh nach bhfeicfidh muid aon amharc go brách air. Ach is fhearr seanfhiacha ná seanfhala. Ní maith leis an bhfear cneasta go mbeadh aon duine in ann aon cheo a mhaíochtáil choíchin air. Ach maidir leis an gcneámhaire …
 
Cuirfidh an ridire comhairleach an ordóig faoin gcúlfhiacail thuas sa teach anois agus gabhfaidh siad ar phlean eicínt eile — mar dhóigh dhe, go ndéanfadh sé fios
 
abair
Abair é! Duine ar bith a bhfuil muirín anois air, tá sé ina ridire
 
daoire
B'éigean dom a fhágáil in mo dhiaidh lena dhaoireacht. Ní mó ná dá mba ridire mé go mbuailfinn faoina cheannacht
 
daor 1
Nach daor a lean an sagart é faoin bpósadh: deich bpunt. Ach is beag a aireos sé é. Tá sé siúd ina ridire
 
deis
Is furasta dhó sin titim i ndeis, agus gan aon tsiopa eile fhoisceacht dhá mhíle dhó le luach leithphínne a chur as dó. Ní bheidh achar ar bith go mbeidh sé ina ridire má mhaireann dó. Diabhal achar
 
Go leá an diabhal agat iad nach n-éisteann leo uair eicínt. Is diachta ghéar nár fhan tú thoir acu ar fad agus an moladh atá agat orthu. Diabhal aithne ort nach ridirí iad, dhá dtarraingt anuas chuile nóiméad
 
diaidh
Is minic ariamh a ghlan fear leis i ndiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon lá den ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta ina dhiaidh sin agus é ina ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuiríodh sé sa mbaile i gcónaí
 
Dheamhan gráinne tobac a thug mé dhó, ná cuid de ghráinne. Ní cheal muise nach raibh dilleoireacht aige liom dhá iarraidh. Dhá mbeifeá in do ridire, ní sheasfá leo ag iarraidh tobac
 
An-charr í, ach dhiomlódh sí a bhfuil de phetrol in Éirinn. Is beag le chúig mhíle dhéag ar an ngalún atá sí in ann a dhéanamh scaití. Scriosfadh sí thú mura mbeifeá in do ridire, agus sin caoi nach bhfuil mise, ní ag ceasacht ar Dhia é. Dhá mbeinn, ní ag forcamhás ar an gcarr sin a bheinn
 
Cuirim faoi dhraíocht agus faoi mhórdhiomdha na bliana thú gan an darna béilí a ithe ar aon bhord ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba go bhfaighe tú amach domsa cén fáth nach ndearna Ridire an Gháire Dhuibh aon gháire le seacht mbliana ( … go dtuga tú chugam an Each Chaol Donn, an Claidheamh Solais srl.)— gnáthsheoraí i seanscéalta le tuairisc a thabhairt ar chur na ngeasa
 
An lá ar phós sé isteach sa bpreabáinín talúna sin, déarfá nárbh fhiú do sheacht mallacht é, agus go raibh sé ag cur a shaoil le fán le dhul ag plé leis. Breathnaigh inniu air. Cá'il an preabáinín talúna. Tá sé ina fheilm agus é féin ina ridire. Is deacair an seanfhocal a shárú. Níl a fhios nach mar is dona is fearr agus is doilí a rá nach ea
 
dol 1
Tá sé buailte anois, arae ní fhéadann sé an poitín a fháil ach ina dholaí beaga. Níl sé ann. Murach sin bheadh sé ina ridire faoi seo. Feicfidh tú fhéin air gurb iúd é atá deas ar a dhíol, agus nach mbéarfar air ach oiread
 
draoi
Thug sé sin an draoi airgid as Sasana. D'éireodh dhó agus é sé bliana ann. Duine ar bith a chaith aon achar i Sasana roimh an income tax, tháinig sé abhaile ina ridire. Féacha mac C. a bhí in ann feilm thalúna a cheannacht lena raibh aige dhá bharr
 
Cén chall atá dhuit duailín a fhágáil uirthi má tá tú ag dul dá brandáil. Dá mba fear maith thú, bheadh aithne chinn agat ar do chuid caorach. Tá faitíos orm nach mbeidh tú in do ridire caorach go deo ach an oiread liom féin. Ní bheidh ná in do mhaor féin
 
Cuirfidh sé sin duifean muis ar dhaoine má chloiseann siad é sin. Na ridirí airgid seo, bhí déidín tite acu faitíos go mbuailfí Sasana sa gcogadh, ach mura mbeidh aon mhaith le airgead Shasana anois, béarfaidh siad searrach nó rud eicínt!
 
Is ridire caorach é, ach tá sé cinnte dubh is dubh air aon bhean a fháil ina dhiaidh sin. Níl aon tsaint ag bean ar bith a dhul amach ar thamhnóig chomh haistreánach, chomh díbeartha leis an áit siúd. Cén bhrí dhá mbeadh cupla teach ann, ach níl teach ná áras níos gaire dhó ná F., agus tá sin cheithre mhíle uaidh, má tá sé taobh leis. Cá'il an bhean a bhuailfeadh faoi áit den tsórt sin. Bhí an saol ann agus dhéanfadh, ach ní anois é
 
díon 1
Níl díon ar bith sa talamh aoil sin. Súnn sé chuile dheoir a theagas as aer. Nár slogadh abhainn taobh thoir de Ghaillimh cupla bliain ó shin, agus dheamhan amharc a facthas uirthi níos mó. Chuaigh sí síos go dtí an Tír Fó Thoinn san áit a raibh an Ridire Leathchaoch Leathrua is dóigh
 
dúil
Is deas í do dhúil muis — dúil i dtae. I nDomhnach, tá faitíos orm gur dúil gan fáil agat í mura bhfuil tú féin in ann aon tsoláthar a dhéanamh. Dheamhan gráinne tae a gheofá anseo anois dhá mbeifeá in do ridire. Cion cupán amháin sa tseachtain: sin é an méid
 
Chuir an Ridire (Ridire an Gháire Dhuibh) an dúradán dubh a bhí ar íochtar a phutóige le seacht mbliana aníos, agus rinne sé gáire an uair sin a cloiseadh sa Domhan Thoir