→
buille
An buille réidh (8)
→
comaoin
B'fhearr dhuit gan a bheith buailteach, nó gheobha tú an té a thiubhras cumaoin do láimhe dhuit as a dheire. Níl buille ar bith chomh maith leis a' mbuille réidh.
+
→
buille
Leig mé leis a' buille sin, ach ní thiocfa an chéad bhuille eile leis chomh réidh = bainfe mé díoghaltas amach, má thugann sé aon-bhuille aríst dom.
TUILLEADH (2) ▼
Is fearr dhuit an buille réidh = is fearr dhuit an suaimneas ná'n t-achrann.
Tá sé chomh maith dhaoib an slaimín féir sin thiar a bhaint as a bhuille indiu, ó thárla sibh réidh go dtí é.
→
dochar
Tá foghail mhór déanta ort, agus ní hé a d'fheil duit a dhuine bhoicht, ach níl rud ar bith is fhearr duit anois ná an buille réidh. An uair is mó an dochar 'seadh is fhearr an fhoighid
Hébrí céard a dhéanfas tú ná bí doicheallach leis. Cuir fáilte roimhe agus iarr isteach é, agus tairg cupán tae dhó. Annsin innis dó a bhfuil le rádh agad, go mín mánla gan focal arannta ar bith. Ar a bhfaca tú ariamh ná teirigh 'un droch-mhúineadha leis mara gcinnidh ort. 'Sé'n buille réidh an buille is fhearr
→
dúbail
Diabhal buille dhá bhfuighidh mise nach dtiúrfaidh mé dúbalta ar ais uaim. Ní mise an ribín réidh le dhul ag pléidh liom, ní mé sin
→
dúshlán
Is beag a bhéarfadh orm a dhubhshlán a thabhairt marach leisce a dhul ins an gceann sin leis. Dheamhan loiceadh ar bith agam uaidh má theigheann sé ar achrann, ach níl buille ar bith a chinnfeadh ar an mbuille réidh.