Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Ar bheidhil (15)

+
Tá sé ar bheidhil a bheith réidh = tá sé ionann's réidh anois.
TUILLEADH (12) ▼
Tá an garruidhe coirce ar bheidhil a bheith bainte aige anois. Tiubharfa an lá indiu congnamh maith air, má sheasann sé tirm.
Tá an mhóin ar bheidhil a bheith cruachta aige. Is ait a chruthuigh sé a's é leis fhéin, gan duine ná deoruidhe a' chongnamh dhó i gcaith(eamh) na bliadhna.
Tá muid ar bheidhil a bheith anois (an t-earrach a bheith curtha). Dhá bhfaghadh muid cupla lá eile, bheadh iarracht maith againn air.
Tá'n lucht fheamuinne ar bheidhil a bheith ídighthe. Ní mórán leis a' gcúilín thiar a thiubharfas sí léithe. Is beag a' dreabhlás í feamuinn Chonamara sin in a dhiaidh sin (lucht feamuinne a ceannuigheadh as Conamara, a's bhí sí ionann's ídighthe).
Tá na sean-fhataí ar bheidhil a bheith caithte againn, faoi dheire. Ach shíl mé, nach mbainfeadh muid leath chomh fada asta(b).
Tá sé ar bheidhil a bheith in a dhochtúr anois, ach níl a chuid dinndiúirí amach a's amach fós aige. Má's leis aon-rath a dheanamh go deo, tá sé in am aige feasta.
Tá'n foghmhar ar bheidhil a bheith craptha anois agham. Dhá mbeadh na cupla lúscáinín féir atá imbarr an bhaile tárluighthe isteach, d'fhéadfainn a dhul a' baint na bhfataí.
Tá sé ar bheidhil a ghnaithí = tá sé as cionn a chuid oibre; tá iarracht maith aige ar a' gceann-oibre atá sé a dhéanamh nó tá sé indáil le réidh aige.
Nach hé a bhíonns ar bheidhil a ghnaithí i gcomhnuidhe, ach is dhó is fusa, ó fhéadann sé fir fánaighe 'íoc.
Má tá tú ionann's réidh leis a' gcoirce, tá tú ar bheidhil do ghnaithí.
Bheinn ar bheidhil mo ghnaithí anois, dhá mbeadh na cupla boirdín ithreach atá sa ngarruidhe sin thiar spréidhte agam.
Is mór is fiú do dhuine bheith ar bheidhil a ghnaithe.
 
Tá an madadh sin drilleach ar fad ó a thosuigh an cuthach sin — na "fits" — ag tidheacht air. Is gearr uaidh ruaig eile dhíob muise. Aithneochaidh tú air é, nuair a bhéas siad ar bheidhil a theacht air. Bíonn sé ag imeacht drilleach ar fud na sráide gan comhnaí a dhéanamh in áit ar bith. Bíonn na súile an-ghlórach aige freisin
 
druid 2
Doirt amach ó'n gclaidhe sin. Tá sé ar bheidhil tuitim