→
buille
Buille marbh (19)
→
foláir
Níorbh fhuláir dó cho láidir agus a bhí sé. Dar fiadh dhá n-airíodh an ceann eile buille marbh ar bith ann, thapódh sé é. Is buachaillín cruadh é an fear eile fhéin
→
calm
Má sheasann sé in a chalm mharbh mar seo i bhfad eile, caithfe sib a dhul ar na buillí = a dhul ag iomramh.
+
→
buille
Níor leig sé aon-bhuille marbh in a chuid oibre ó mhaidin = tá sé ar aon-táirm amháin ag obair ó mhaidin; thug sé aire dhá chuid oibre.
TUILLEADH (12) ▼
'Siúd é an ceann céadna nach leigfe aon-bhuille marbh in a ghna(ithe), ach ar a tháirm i gcomhnuidhe.
Is cruadh an cás é, má leigeann sé siúd, aon-bhuille marbh in a chuid oibre.
Leig sé buille marbh 'san iomradh = chlaochmuigh sé beagán 'san iomramh.
Ní mór dhuit coinneál uirre (bád), a's gan aon-bhuille marbh a scaoileadh 'san iomramh.
Níor fhéad mé aon-bhuille marbh a leigean in mo chuid oibre indiu, arae bhí féar leigthe amach agham, a's dheamhan a rabh fhios agham, cé'n puinnte a dtiocfadh an múr.
Níl goir agaibh aon-bhuille marbh a leigean ionnaibh fhéin aríst, go mbí an t-Earrach curtha.
Ní fhéadann fear na h-áite seo aon-bhuille marbh a leigean in a chuid oibre aon-uair. Ní túisce obair críochnuighthe ná 'bheidheas cruadhóg eicínt eile a' breith air.
Is mór is fiú dhuit an ceann-oibre sin a bheith críochnuighthe agad, arae is féidir leat do scíth a leigean anois, a's corr-bhuille marbh a leigean in do chuid oibre go dtaga Earrach aríst.
Thú fhéin a bheidheas síos leis, má leigeann tú aon-bhuille marbh in do ghnaithe.
D'fhága sé buille marbh sa súgán = ball bog nó giota nar chuir sé a dhíol fuinnimh ann, a's a bhí fabhtach dhá bharr sin.
Ní raibh aon-bhuille marbh ionnam ó mhaidin deirimse leat = níor fhága mé tada in mo chomhnuidhe ionnam fhéin, ach ag obair liom ar mo thairm; bhí chuile bhall a' gabhail liom ar díocas, nó ar a miotal.
Níor fhága an t-ualach sin aon-bhuille marbh ionnamsa = badh é mo shean-eire é.
→
abair
Dar mo choinsias, d'fhéadfá a rádh nach bhfuil sé sin ag leigean aon-bhuille marbh in a chuid oibre
→
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
→
droim
Bheadh sé déanta gan stró agad de dhruim lae dhá dtoisightheá ar mhochóirí agus gan aon-bhuille marbh a leigean in do chuid saothair go dtí taca árd-trathnóna. Cuirfidh mise geall leat go bhféadfaidh tú an gort a fhágáil roimh an sé a chlog.
→
duán
Dheamhan a raibh frídín an dubháin i bhfastós ann chor ar bith, ach choinnigh sé in a dheidh sin é. Níor mhór dhuit sracadh a thabhairt faoi ar an bpuinte nó bheadh sé uait. D'imigh dhá bhromóig ormsa indiu le buille marbh