→
téigh
Chuaigh sé (50+)
+
→
faitíos
Chuaigh an faitíos cráite air cheana. Tá sé ag dul chun dánaíocht aríst muis
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh sé chun faitiais air = tháinig faitíos air
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
Chuaigh an faitíos go smior ann an oíche sin, agus níor scar sé leis ó shoin
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
+
→
fearacht
M'anam nach hé fearacht cheana é, má bheirimse ort ann aríst, nach ngabhfaidh sé cho saor leat agus a chuaigh sé an uair dheireadh = leig mé uaim réidh go leór thú an uair cheana, ach ní hamhlaidh a bhéas sé aríst
TUILLEADH (2) ▼
Níl sé siúd t'fhearacht fhéin chor ar bith. Chuaigh fír na maitheasa annsiúd, agus tá a shliocht air: ní fhágfaidh sé a ghnaithí ar lár
Chuaigh sé amach go doras fearacht's dhá mbeadh rún aige a bhualadh, ach d'fhill sé aríst
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
+
→
focal
M'anam muise gur thug sé cneamhaire air idtosach, ach nuair a ceisníodh faoi é, chuaigh sé ar ghabhail an fhocail. Ba mhian leis a rádh annsin, nach raibh sé ach ag magadh, agus nach raibh sé ag samhailt cneamhaireacht 'ar bith leis
TUILLEADH (2) ▼
Dhá seasadh sé seo thíos ar a fhocal, chaithfinn J. san gcúirt. Dúirt sé seo thíos liom gur dhúirt J. leis fhéin … ach ní mhionnódh sé in a dheidh sin é. Chuaigh sé siar san gcaint
Chuaigh sé thar a fhocal = chuaigh sé siar in a fhocal
→
fothair
Sách rite a chuaigh sé liom a dhul an fhad sin fhéin, ní áirím dhá mhíle eile a chur orm fhéin. Bhí tuitim feóir ionam leis an tuirse. Ní fearrde mé é, go ceann fada aríst
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? "Blastannaí" a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mara ndeachaidh amach ach ceann
→
framsóg
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithi ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach hí an marcach í!
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
→
fág
Chuaigh sé isteach san mbeainc ag iarraidh airgid, adeir tú. Sin é a fhágas bocht é = cruthaíonn sin go bhfuil sé bocht
→
fáinneog
D'árduigh sé an fháinneóig agus chuaigh sé ag plé léithe ar feadh scathamh, ach chinn air a cur i dtiúin
→
fána
Bhí sé thuas ag deasú an tsimléir agus thuit sé anuas le fánaidh an tí. Nach maith a chuaigh sé as?
→
failc
Luigh mé isteach i bhfailc na tuime, agus chuaigh sé tharm amach gan mé a fheiceál. Diabhal mé go raibh sé ag síorádh leis féin
→
feacht
Chuaigh mé chuige faoi dhó cheana, ach ní bhfuair mé san mbaile é. B'fhéidir go mbeadh sé rómham an feacht seo.
→
feoil
Chuaigh triúr dreáthar ar aimsir ag fear. Thug sé cead do chaon duine aca a rogha feóla a thógáil. Thóig duine aca muicfheoil, an ceann eile mairtfheóil, agus an tríomhadh dreáthair caoirfheóil. I gceann na bliana, d'fhiafruigh sé d'fhear na muicfheóla céard a bhí sé indon a dhéanamh. "Dhéanfainn mo chac ar éigin" adeir sé. "Shiúilfinn ar an gclaidhe is corraí san tír tá mé cho croidhiúil sin", adeir fear an caoirfheóla. "Tharraingeóinn crann as a lúdrachaí" adeir fear na mairtfheóla. Ba shin é an buachaill! Níl spreacadh ar bith san muicfheóil
→
fiachadh
Mara raibh aige le dhul ag fiachadh air, ach an donáinín sin, is gann a chuaigh an saol air. M'anam muise má thugann an donáinín 'un cúirte é, gur daor a íocfas sé an buille sin. Tuilleadh diabhail agus deamhain aige! Ba bheag an scéal é, dhá n-íocadh féin
→
fiannaí
Chuala mé P. Gh. ag rádh go raibh a athair agus sean-fhear eicínt eile ag siúl amach as Gaillimh oíche. Thosaigh a athair ar an scéal i mbéal B. na T. D'ól siad pionnta i mB.; péire ag an S.; ceann tigh Bh.; tigh Ph.; tigh J; tigh W. Uí Fh. Níor tháinig iadadh air ar an bhfad sin ach ag innseacht an scéil! "An bhfuil aon-bhaol ort fós", adeir an fear eile leis ag bóthar Ch. "Níl" adeir sé. "Gabhfaidh muid an timpeall mar sin Bóthar an T. agus síos D. Fh." adeir an ceann eile. Chuaigh. Ag Bóithrín Ch. a bhí siad ag scaradh ó chéile. "Ceadh nach bhfuil sé gar dhá bheith críochnuithe feasta", adeir an fear a bhí in éindigh leis. "Níl mé ach cur éadain air" adeir sé. "Tá triúr de na fathachaí marbh, agus bhí seachtar ann". Ba shin é an Fiannaí!
Chuaigh sé amach an lá sin ag fiach agus ag fionnscaradh: "a sheabhac ar a bhois, a ghadhar len a chois, agus a chapall breá donn dhá iompar"
Thug sé foighdeán faoi agus chuir sé anuas d'aon-iarraidh amháin é. Is maith a chuaigh sé as nach ndearnadh dhá leith dhá cheann ar an mbóthar
→
foireann
Nuair a cailleadh an mháthair, d'árduigh an cliamhain an foireann leis ar fad. Ní raibh oiread agus priocach de láighe aige seo nuair a chuaigh sé isteach ann. Ba é an chéad-mhaith ab éigin dó a dhéanamh, a dhul agus foireann nua a fháil: céachta agus cliath fhursta agus sluaiste agus 'chaon tsórt.
+
→
fonn
Dar príosta muise cuid den dream a chuaigh siar annsin inniu ag tarraint na gclocha sin ag an sagart, ní dhá ndeóin a chuaigh siad ann. Ach bhí cuid eile aca agus fonn mór orra. Sin é an chaoi a mbíonn sé: bíonn fonn le fonn, agus fonn le mí-fhonn
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé ann agus é ar bheagán fonn (ar bheagán dhá fhonn a dhul ann)
+
→
fraigh
Chomh luath agus a caintíodh ar an áit thoir chuaigh sé sna fraghachaí. Shílfeá a mhic ó go leagfadh sé an teach go talamh. Siúd é an diabhal atá drochmhúinte.
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sé ro-cheacharach ar bharr na haille agus thuit sé le frogh
→
fuagair
Chuaigh mise suas aige cheana ag fuagairt foghlach dó, agus mhaithfeá dó Dhia gan a bheith ag éisteacht leis, leis an bhfeannadh a thug sé dhom
→
furú
Chuaigh sé soir agus forú faoi. M'anam muise go n-airíonn sé síol nua eicínt thoir agus an oiread sin forú a bheith air. Is beag an forú a bheadh air, mo léan, ag dul amach ag án a gharraí
+
→
faillí
Ní raibh tada idtosach air, ach droch-shlaghdán, agus leigeadh i bhfaillí é gan fios a chur ar an dochtúr, agus chuaigh sé in ainsil air
TUILLEADH (1) ▼
H-iarradh isteach é, agus 'ar ndóinín, níor leis ab fhaillí é: chuaigh sé isteach. D'airigh sé an fuisce istigh = ní dhearna sé faillí ar bith faoin a dhul isteach
→
farc
Fuair mé clár breá le tír annsin i mbliana, ach bhí sé farcha uilig go léireach ag na giúirinneachaí. Shíl mé go raibh agam, nuair a bhain mé an chéad bhrat dhe, ach cho luath agus a chuaigh mé dhá thligean, bhí a fhios agam gurb éadail gan tairbhe é
+
→
feall 1
Dheamhan feáll go deó ach mar rinne sé. Tharraing sé an t-achrann, agus annsin chuaigh sé a chúnamh don dream eile, agus é in a n-aghaidh roimhe sin mar dhóigh dhe
TUILLEADH (1) ▼
Le feáll a dhéanamh a chuaigh sé ann chor ar bith
→
fiach 1
"D'eirigh Tadhg aréir agus chuaigh sé ag fiach ar ghirriachaí. D'eirigh Máire Ní Éithir agus lean sí é sna bonnaíochaí" (focla le fonn "Thaidhg an Ghrádh")
→
fiata
D'eirigh mé leis an lá maidin an lá cheana, agus chuaigh mé suas inGarraí Th. Bhí sé breacha le coiníní ag ithe geamhair. Airíonn siad an geamhar óg siúd fiata = séimh, gan a bheith bríomhar
+
→
foighid
Chuaigh ar an bhfoighid ag an bhfearg orm nuair a chonnaic mé céard a rinne sé
TUILLEADH (2) ▼
Cén neart a bhí aige air. Chuaigh an fhoighid ó stuaim air, agus bhuail sé snaidhm ar an sean-fhear. Ní raibh rún ar bith aige é a mharú, ach mharuigh in a dheidh sin
Ní bheadh foighid ná fuireach air nó go bpósadh sé. Is dona a chuaigh an pósadh dhó muise, an duine bocht. Chuir an bhean ag caitheamh na miotán é