Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Fáisceadh (34)

 
Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
 
As a' mbrochán a fuinneadh a's a fáisceadh thú a chleiteacháin.
 
As a' mboichteanacht a fuinneadh a's a fáisceadh a' bhrothtuinn sin, fré chéile.
 
anó
As an anshógh a fáisceadh a leath sin = ní bhfuaireadar ariamh ná a muínntear rompa(b) ach ocras agus ángar.
 
fill
Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh, nó gur tharraing sé "summonsachaí"
+
fuin
As an ngadaíocht a fuineadh agus a fáisceadh é (deirtear fuinneadh amanntaí freisin); as an ngadaíocht a fuineadh é (nó … a fáisceadh é: "fuin" nó "fáisc" ar a aghaidh fhéin, ach is minice an dá rud le chéile, sin nó "fáisc" amháin) = ba í an ghadaíocht an chéad bhiadh san sliogán dó; ba dual dó an ghadaíocht i dtaobh athar agus máthar; gaduithe uilig a bhí timpeall air in a óige
TUILLEADH (3) ▼
Brugh agus ding uirre: ag rádh nachar ith sí aon-bháirneach ariamh, agus gurb as báirnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aice. Is íontas nach bhfuil siad ag fás uirre féin
As fianaíocht agus as amhráin a fuineadh agus a fáisceadh é. Thug sé leis iad ó chuile thaobh. Ní raibh aon-rianóir le fáil ab fhearr ná a athair, agus maidir le muintir a mháthair chuirfidís na cuacha a chodladh ag gabhail fhuinn
As leisce agus as spreallaireacht a fuineadh agus a fáisceadh é fhéin agus chuile dhuine dhá dhream. Ní leigfeadh an leisce dhá mháthair an luaith a chorraí den teallach, ní leigfeadh sin
+
Deir sí gur bhain sé as a hainm í. M'anam go sílim go bhfuil rún aice fáisceadh air, agus airgead a bhaint dó
TUILLEADH (1) ▼
Níor fáisceadh air ceart gur thosuigh sé ag caint faoin gcogadh = gabhadh dian san tsáraíocht air annsin
+
fáisc
Fáisceadh idir an mótar agus an claidhe mé
TUILLEADH (9) ▼
Bain fáisceadh aisti; tabhair fáisceadh di = breith ar chailín
An té a thiúrfadh fáisceadh di sin, sin é an fáscadh a ghabhfadh daor air. Chuirfeadh sí i bpríosún é go lobhadh a chnámha
Nar chuire Dia an rath air fhéin ná ar a chuid floscaí, agus gurb as an mbochtaineacht a fáisceadh é fhéin agus a bhfuil ar an mbaile = bhí a mhuinntir agus a shinsir, agus an áit a rugadh agus ar tóigeadh é bocht
As an sliabh a fáisceadh í. Is furasta aithinte é ar na hamhógaí atá aice
As an gcladach a fáisceadh mé. Ba é an chéad-bhiadh san sliogán agam é
As gliomachaí a fuineadh agus a fáisceadh an ceann céanna. Nach gliomadóirí uilig a bhí in a mhuinntir?
Má theagann strainséara ar bith 'un tí ann, ní dhéanann sé ach fáisceadh amach san scioból nó go n-imighe sé
Tá sé in am againn a bheith ag fáisceadh linn = ag imeacht
Tá sé cho maith dhom fáisceadh (dul) in éindigh leis
+
An bhfuil fáisceadh faoi ar bith istigh agad? = tearacán (taracán); rópa faoi bholg capaill nó asail nuair a bheadh srathair, nó carr orra. Bheadh sé fáiscthe faoin mbolg ó leathtaobh na srathrach nó ó leathlaidhe an chairr go dtí an leathtaobh eile
TUILLEADH (3) ▼
Sin é atá dearmadach. Níor chuimhnigh sé fáisceadh faoi ar bith a chur isteach inniu, agus ar an dá luath agus a ndeacha an t-asal suas in ucht an aird, seo siar an tsrathair, na cléibh agus a raibh ann ar a thóin
Mara gcuire tú fáisceadh faoi isteach beidh an carr ag dul siar ar a sháil chuile phuinnte. Céard a choinneós aniar é?
Bhris an fáisceadh faoi orm, agus ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an "bord" a choinneál amach díom nó gur leag mé ar an ngarraí é. Dhá mba in Árd Ch. an U. a chlisfeadh sé, bhí mé in mo chleith.
 
deara
Ná tabhair faoi deara duit féin a bheith ag fáisceadh cóta mór ort féin chuile phuínte mar sin. Is olc an faisean é. Ní bheidh acmhuinn ar bith agad ar an bhfuacht ar an gcaoi sin. Beidh tú in do bhoigleachán chríochnuighthe
 
Níl aon-chall do bhean ar bith a bheith cho deangmháilte agus atá sise. Cé'n éadáil í ach an oiread le duine ar bith eile. As na faochain a fáisceadh í cho maith linn ar fad. Ach do dhubhshlán sin a shamhlú léithe in a dheidh sin!
 
dol 2
Cuir dhá dhol den rópa tosaigh sin ar an stuaicín, agus fáisc an "chruib" (mhóna) go maith faoin a druim. Ní móide go mbeadh aon-chall dom a fáisceadh aríst nó go dteighinn Gaillimh
 
droim
Ní raibh fáisceadh-faoi ar bith istigh againn, agus bhí an leac ro-éadtrom faoin a druim (druim an chapaill), agus b'éigin do dhuine againn suidhe amuigh chun tosaigh uirre (ar an leic) leis an gcarr a choinneál ó'n a dhul siar ar a sháil = ní raibh a dóthain meadhchain ins an leic amach idtosach an chairr, in aice le druim an chapaill
 
dual 1
Chaithfeadh sé a bheith mar sin ná duine ar bith eile a tóigeadh istigh ar aon-bhaile leis. As an scaibhtéaracht a fuineadh agus a fáisceadh iad sin ariamh. M'anam muise nachar fhága seisean aon-dual ná aon-tslis di in a dhiaidh ach an oiread le ceachtar aca
 
dual 2
Is dona a snadhmadh adhmad an tighe seo. Níor fáisceadh na duail ceart. Dhá bhfáiscthí, ní bheadh an oiread gíoscáin aca
 
Níl an deoruidhe féin aige annsin ach duine a fuinneadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomhairthidheacht len a chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann annsin thiar air, bhí claimhe de'n dream sin in éindigh leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil annsin go marbhóchadh muintir Ch. na R. é marach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siubhal ag imeacht aca. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chumaoin dóib J. a shábháil ach oiread. An uair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóib, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
 
díol 1
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíob mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'eirigh suas. Cuid de'n dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mboichteanacht, cho luath agus a eirigheas siad as an lathach chor ar bith, ní leigfidh siad orra féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iad-san, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthannach agus nach ndúinfidh siad a súile ar aonduine, bocht ná saibhir
 
Fear ar bith nach bhfuil aon-bhuille oibre aige, ní bheadh beart ar bith ab fhearr dó ná fáisceadh suas go Baile Átha Cliath agus a dhul ar ghadaidheacht ann. Níl a fhios céard atá daoine a bhalú ann le goid. Bíonn na páipéir fré chéile faoi laetheantaí