→
abair
ag rádh (50+)
Nach tú atá ainfhiosach a dhul ag rádh rud den tsórt sin i láthair comhluadair agus gan fiús "i gcead e (don) chomhlódar" a rádh
→
farúch
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.
→
fios
Ní fhéadfadh aonduine é sin a rádh ach an té a mbeadh fios aige. Caithfeamuid foighid a bheith againn. Is maith an scéalaí í an aimsir.
+
→
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rádh. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé druimeáil. Sé a theastuigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an focal le rádh agam é, ach sén fhírinne é. Ní raibh easbaidh scilling ná punt orm ón lá ar phós mé mo bhean
M'anam muise gur thug sé cneamhaire air idtosach, ach nuair a ceisníodh faoi é, chuaigh sé ar ghabhail an fhocail. Ba mhian leis a rádh annsin, nach raibh sé ach ag magadh, agus nach raibh sé ag samhailt cneamhaireacht 'ar bith leis
+
→
fánach
Siúd áit nach bhfuil ag duine ar bith a dhul nó go gcinne air. Shílfeá gur cac agus salachar duine aca faoi rádh's go ngabhfaidh sé ag iarraidh na cupla scillingín "dole" sin orra … Ionntóidh cléireach anall chugad go fánach, agus an tsíorraíocht caithe agad ag fanacht. "'Ar ndú' ní ag iarraidh "dole" atá fear luath láidir mar thusa" adéarfas sé de ghlan-Bhéarla … Go bhfoire Dia ort fhéin agus ar do "bhail ó Dhia"! Níl "aon-bhail ó Dhia" annsiúd
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach adúirt sé go dtiocfadh. Shílfeá gur mhó an bhrath a bhí aige a rádh nach dtiocfadh
→
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
→
cadhail
D'fhéadfá 'rádh go raibh muid idteannta. Muid dhár gcaidhleadh le piléir a's le "shell"annaí, a's gan dul ar ar n-aghaidh, ná ar ar gcúl aghainn! A's gan-fhios cé'n puinnte a bpléascfadh ceann aca(b) sin, a's a ndéanfadh sé smiodairíní de chéad againn in éindigh.
→
carcair
Bhí carcair mhór de shean-fhear thiar ag a' dorus iadhta, a's é gnúsacht aniar as, in áit nach raibh sé 'faghail cead aon-amhrán a rádh. Badh é an droch-pheata é, leabharsa!
+
→
ceas
'Cheannuigh mé cupla ronnach do Sh', adeir sí 'tá ceas aige air fhéin leis a' bhfeoil, a's tá sé gránuighthe uirre. Ní mór dhó malrait bídh a fhaghail'. Shanntuigh mé fhéin a rádh léithe, go mbadh gearr ó ba mhaith leis aige na ronnachaí fhéin, ach scaoil mé tharm é. Bhí sé chomh maith dhom
TUILLEADH (1) ▼
Chloisinn m'athair a' rádh nach n-itheadh T. Ch. a bhí annsin thiar, ach dhá cheann de ló, ach nach n-eirigheadh sé ó'n gciseoig nó ó'n mbord, go mbíodh dhá phíopa tobac caithte ag chuile dhuine eile. Sin é an buachaill a chuireadh an ceas air fhéin!
→
cinnire
Chuala mé sagart a bhí annsin thoir a' rádh, nach bhféadfadh Dia fhéin; dhá mhéad 'power' dhá bhfuil aige, duine a shlánú, mara dtogruigheadh an duine fhéin é. D'orduigh cinnire fhéin congnamh.
+
→
coirigh
Coireocha sé go maith ar T. Mh. le 'chuile dhuine eile, ach is beag a' luath aige aon-cheo a rádh suas le na bhéal. In a leaba sin, a' brughadh air a bhío(nn)s sé.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n brochán dóirtighthe aríst. 'Sé'n chaoi 'bhfuil fhios agamsa é, arae bhí M. ar cuairt againn aréir, a's chaith sé scathamh maith a' coireamhaint ar Sh. N., a's a' rádh gur scrataidhe gan mhaith a bhí ann. Sin é d'innseochadh dhuit nach bhfuil siad mór le chéile.
→
comaoin
Chuaidh sé sáthach gar dhomsa a rádh leis, nar chumaoin dó, a dhul i gcleitheamhnas S. a chaitheamh amach. Ba mhaith leis aige é, nuair a bhí an chruadhóg air.
→
cora
Is fada aríst go gcuire an nathuigheadóir sin aon-charra chainnte ormsa, a's a laghad sásamh, a's fuair sé anois. Dhá bhféadadh sé sin dóigh a dheanamh de dhuine, 'sé a mbeadh uaidh é, ach níl acmhúinn aige fhéin ar thada a rádh leis.
+
→
cóipís
Marach a bhfuil de chóipís aige, dheamhan locht a' bith a bheadh air, ach mhearóchadh sé thú amanntaí. Cé'n bhrigh ach dheamhan acmhúinn aige fhéin tada a rádh leis — níl sin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní thaithneochadh a chuid cóipíse sin chor a' bith liom. Tá'n iomarca le rádh a's le déanamh ar fad ag a' gceann céadna.
→
cóisir
Tá an-chóisir cailíní ag ceann a' bhóthair ann indiu. Agus níl uathab ach 'buailim ort' a rádh. Beidh siad chugad ar sheol na braiche.
→
abhaile
Ní fheadfa tú a rádh chor a' bith go dtáinic a' bhoichteanas abhaile liomsa, ní hé sin duitse, nach raibh ariamh, ach ag iarraidh a bheith 'cur stuaim ar a' nganntan. Ach is leitheadaighe a labhr(ochth)á anois a fhlaisceach, ná'n té a chleacht fuighleach.
+
→
baile
Dheamhan baile aige, anois, ach baile dona = is suarach le rádh an teach nó'n áit chomhnuidhe nó'n talamh atá aige anois; nó duine a bheadh a' gabhail thart ar aimsir, a's a' baint scathamh amach is chuile áit.
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfeiceann tú B. annsin thoir, a's is gearr ó bhaile é, a's dheamhan a mbeadh fhios ag an aos óg céard a bheitheá 'rádh dhá dtosu(ghth)eá a' Gaedhilgeoireacht leo(b). = níl sé ibhfad as an áit seo.
→
bealaigh
D'fhéadfá teanga bealuighthe a thabhairt uirre. Ní dhéanfa sí staic air, mar dhéanfad sí ar dhuine eile, nuair a bheadh rud le rádh aige.
→
beann
B'fhearr dhuit a' t-aidhbheirseoir a tharraingt ort ná é, má tá indán’s nach bhfuil beann aige ort, ach má tá, d’fhéadfá do rogha rud a rádh leis, a's ní chuirfeadh sé éiliughadh ná araoid ort.
→
beart
Ní thiubhrad sé le rádh, go gclisfeadh sé faoi'n mbeart féir, aindeoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iomchur.
→
cúl
Ná bac leis, má's ar chúla téarmaí atá sé a' gabhail leis. Nar bhreagh slachtmhar do dhuine pé'r bith céard a bheadh le rádh aige a rádh as comhair a' tsaoghail, a's gan a bheith ar a' gceird sin.
→
beo 1
'Ní sheo í an fheoil ab fhearr linn dá mbeadh neart air. Ach céard tá le rádh aghainn, ach 'go méaduighe dia feoil bheo a's daoine slána [againn]', a's go bhfága Dia a chuid fhéin ag 'chuile chréatúr'. (B'éigean an mhuc a bhíothas 'ithe a mharbhú, arae facthas go raibh tinneas na muc a' teacht uirre).
+
→
bocht 2
Ní raibh aon-cheo le rádh ag aon-duine leis. Bhí 'chuile dhuine, idir bhocht a's nocht buidheach dó, a's dar a shon nach mbeadh, arae ba bheag an ollóid an duine bocht.
TUILLEADH (1) ▼
'Tá sé ag (d)ul ar an iasc' adeir sí 'mar tá sé gránuighthe ar a' bhfeoil'. InDomhnach shanntuigh mé fhéin a rádh léithe, go mbadh bhuidhe bocht leis, an ruainne éisc fhéin a fheiceál ar a chiseoig tamall.
Cé'n ghar dhuit a bheith a' cur do chuid cainnte amudha le na bodhránaigh sin, a's gan aon-'scil' acu sa rud atá tú 'rádh, ach an oiread's dhá mbadh Laidin a bheadh ar siubhal aghad.
+
→
bollaire
Níl neart ag a' mbollaire blaiseadh de dheoir a' bith, nach bhfuil a sheacht ndíol le rádh aige.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an díle cainnte ar a' mbollaire. Is mór atá sé crúthachtáil a's freastal chor a' bith, dhá mbíonn le rádh aige.
→
brogús
Níl gna(ithe) ag aon duine 'seadh ná ní h-eadh' a rádh le na brogúis sin, mar níl acmhúinn grínn a' bith aca(b).
+
→
bruach
Chuala mé m'athair a' rádh go raibh siad ag iascach lá annsin amuigh ar a' meath mhóir, a's go raibh colmóirí aca(b) tráthnóna bruach ar bhruach leis a' seas deire — bád iomartha bhí aca(b). Nach diabhluidhe an cúl a thug a' t-iasc do'n chaoláire ó shoin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheobhfá anois ann.
TUILLEADH (1) ▼
Bail ó Dhia ar do thrí scóir. Tá an t-am atá mise a' rádh ar bhruach céid fhéin — an t-am a mbídis ag obair ar thuistiún sa ló ar a' mbóthar sin thuas.
Óra a dhearbhráthair mo chroidhe thú, bhí an cladach 'na bhruigh-shléacht aige indiu, a' gabhail le cuthach faoi fheamuinn dearg, a's a rádh gur tóigeadh a roínn fhéin
+
→
buail ar
Dheamhan a bhfuil call dó a rádh léithe anois, thar 'buailim ort', a's beidh sí leis na sála aige, ar sheol na braiche. Is cumasach a' bhuadh a bhíos ag cuid de na daoine.
TUILLEADH (1) ▼
Níl ag a' bputach seo thíos a rádh leis, ach 'buailim ort', a's mise imbannaí, go mbeidh an ceann atá annseo, greadtha leis in éindigh leis, le ámhuilleacht a' bith a dhéanamh, a mheabhróchas sé dhó.
Má tá sé buailte suas as na cosa, dheamhan bualadh suas ar a theanga muis = tá neart le rádh aige.
+
→
buille
Má theigheann tú dhó, mar tá mise a rádh leat, gheobha tú buille spleádhach air. Má thosuigheann sé a' gabhail le buile, abair nach raibh aon-neart agad air, a's nach raibh tú ag iarraidh a ghortú.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhéadfá 'rádh gur mór an buille na sicíní uileag 'imtheacht, ach ní anois 'aireochas muid iad, ach amach annseo, nuair nach mbeidh ubh ná eirín againn le n-ithe ná le díol.
→
aire
Tá mo theanga caithte agam, a' rádh leis aire a thabhairt dó fhéin agus 'sé'n mhaith amháin dom é — níl a dhath áird 'aige orm.