Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

aircín (6)

 
borr
Bhí dhá oiread borradh faoi'n gcuid eile a's tá faoi'n aircín sin, a's shílfeá nach leath-chuma 'bith 'rinneadh air, ach an oiread le ceachtar acu.
 
Ní raibh ann ach aircín beag, ar feadh i bhfad, ach rinne sé buinneán annsin d'aon-iarraidh = duine a mhéadaigh d'aon-iarraidh.
 
fás 2
Fás! M'anam go bhfuil deireadh a chuid fáis déanta. In a aircín mar sin a bhéas sé choíchin.
 
féith- 2
Tá sé ag fanacht féith-bheag go leór. Ní bheidh ann ach aircín sílim = buille beag; gan méadú
 
de
Aircín de dhíolúnach de laogh é
 
Bhí cráin annseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aice ar an ál. Dheamhan a raibh uirre ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosuigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-eireochadh sé, arae bhí sé in a aircín dona. Ach sceinn sé amach ins an deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé in a pheata againn. Domhnaillín a thugadh muid air