→
airigh
aireocha (40)
→
cóirséad
Bain díot an cóirséad sin chomh uain's 'bheidheas tú istigh, nó ní aireocha tú ort fhéin chor a' bith é, ar a dhul amach faoi'n bhfuacht duit aríst.
→
cuideáin
Ní aireocha tú an chomharsa choidhchin go mbí tú in t-éan choideáin in áit eicínt, a's gan duine ná deoruidhe aghad le triall air.
→
crúbáin
Beidh iarracht maith againn ar thaobh ó thuaidh gharrdha an chladaigh imbáireach faoi na bheith slán dhuinn. Tá sé deargtha againn cheana soir chomh fada le na crúbáin, a's ní aireocha muid a' méid eile, má fhaghann muid freastal.
+
→
buille
Ní aireocha tú choidhchin go dtuga sé cuaibhtheach de bhuille dhuit — buille céadtach — a dhéanfas pleibistín díot ar áit na mbonn.
TUILLEADH (4) ▼
Ní aireocha lucht airgid, an tae bheith árduighthe, ach indomhnach fhéin, is mór a' buille ar a' duine bocht é.
An té a n-aireocha sí siúd aon-bhuille bog ann, racha sí suas in a mhuinchille, deirimse leat.
Duine a' bith a' n-aireocha siad siúd aon-bhuille bog ann a' glaodhach óil, suidhfe siad in a bhun. Dheamhan sileadh a thiubhrainn dóib, dá dtuiteadh a' teanga amach asta(b) le dúil ann.
Cailín a' bith a' n-aireocha an leiciméara siúd aon-bhuille bog innte, is bean le fán a' tsaoghail í.
+
→
airigh
Biorruigh do chluasa, agus aireocha tú é, chomh maith le duine.
TUILLEADH (27) ▼
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith in do chomhnuidhe, le bheith ag uallfairt air siúd, mar nach n-aireocha sé thú.
Duine ar bith a n-aireocha sé sin aon-phighinn aige, beidh cion aige air = beidh sé spleadhach le fear an airgid.
Aireocha siad a' t-athair, má imthigheann sé = má fhaghann an t-athair bás, is mór a' babhta orrab é.
'Leabharsa, aireocha muid Seán, má tá indán's go dtiubharfa sé an t-Achréidh air fhéin.
Ní indiu ná imbáireach 'aireochas mé é, ach aireocha mo chuid páistí é, go deo (bean a bhfuair a fear bás).
Ní aireocha sib mise, go n-imthighe mé = athair ná máthair ag cur idtuiscint dá gcloinn, go mbeadh caitheamh in a ndiaidh fhéin aca(b), nuair a gheobhfaidís bás.
Aireocha sí an tsean-bhean anois: is iomdha giotamáil bheag a dhéanfadh sí dhi.
Aireocha sí fhéin agus a h-áilín lag, lúbach é = a' casú faoi bhean ar cailleadh a fear (áilín = muirghín)
Aireocha tú é, a bhean-chroidhe, lá is fuide anonn ná indiu = duine a' cású báis a fir le bean.
Ní aireocha mé í, go dtaga an t-earrach, agus gan aon-duine agam le fágáil igcíonn na bpáistí = 'san Earrach a thuigfeas mé go mbadh mhór a' leas dom a congnamh a's bíodh sé agam.
Dhá laghad de phiodarlann é, aireocha mé é, mar is iomdha teachtaireacht a dhéanfadh sé dhom.
Aireocha siad a' mháthair anois, mar níl aon-duine le láimh a thógáil as a gcíonn = is mór a' buille orra bás na máthar, mar níl aon-duine eile le iad a oileamhaint ná aire a thabhairt dóib.
Aireocha siad an pinsean anois (déarfaidhe é, nuair a gheobhfadh sean-duine bás i dteach).
M'anamsa fhéin, go n-aireocha siad a' bhó sin, má bhíonn aon-cheo uirre; gur h-iomdha bainne a bhíodh aice.
Aireocha na daoine an mhairtfheoil seo a bheith caithte in aer, mar b'iomdha gríscín a d'fhaghadh muid ó thosuigh sí.
Aireocha na daoine é, má stoptar na busannaí, mar b'iomdha slighe a's seifte beag a bhfaightheá lán laidhre inGaillimh air, fharrus é chaitheamh uait ag cneamhairí an bhaile sin thoir (I leaganachaí de shamhail an phéire dheire sin, cialluigheann "daoine", "muid" nó "muinntear na h-áite seo" nó "muinntear an tighe seo". Ní chialluigheann sé na daoine i gcoitchinne. Tá an sainiú céille sin an-choitchiannta leis ar fud na Gaillimhe fré chéile)
Aireocha Boluisce an poitín anois, má cuirtear cúl leis, mar sé bhí dhá dtógáil (dtoigeál adeirtear)
Aireocha na sléibhte na beithidhigh a bheith saorsuighthe, mar is leo(b) is mó a bhíodh a bplé = is mór a chuirfeas sé as do mhuinntir a' tsléibhe, go bhfuil díol saor ar na beithidhigh anois, mar bhíodar ina dtuilleamuidhe.
Aireocha an mhóin, an aimsir bhreagh a bheith imthighthe = ní thriomócha sí leis a' droch-aimsir.
Aireocha na muca an 'bran' a bheith ídighthe. Ní chuirfidís smut san tubán indiu, nuair a shín mé beatha (ch)uca(b).
Aireocha na daoine an t-iasc glas a bheith ídighthe, ach bhain muid solamar maith dhe, an fhad's sheas sé ("Iasc glas" = runnaigh, bolmáin, mangaigh etc, a bhuailea(nn)s an cladach agus na glas-chuanta, in a gcluithchí sa bhfoghmhar)
Aireocha sib cuid nuaidheacht na Nodlag a bheith caithte anois, mar is iomdha beaduidheacht adeirigh lib.
Ní aireocha tú agad ná uait, an píopa tobac sin, agus tá mo theanga-sa calcuighthe cheal gail = scurach a bhí ag iarraidh píopa tobac ar fhear adubhairt seo.
Ní aireocha tú agad ná uait, cupla scilling, agus ní fiú dhuit droch-cháil a chuir amach duit fhéin, scáth luach deoch = ní chuirfe cupla scilling (luach deoch) mórán as duit, agus tá sé chomh maith dhuit iad a thabhairt uait, i riocht's nach dtiocfa cáil péisteánaigh amach duit.
Ní aireocha tú agad ná uait go bráthach cupla scilling, agus b'fhéidir go mbadh mór an tslighe 'un dé do'n chréatúr iad {(slighe 'un dé = leas; fearadh; maith)
Ní aireocha tú uair a' chluig agad ná uait, scáth a ndéarfa tú.
Ní aireocha tú agad ná uait, an t-achar a bheidheas tú dul siar chomh fada leis.
+
Ní aireocha tú lá nó cupla lá a bhaint amach annseo anois, ó thárla nach bhfuil aon-chruadhóg oraí(bh) sa mbaile.
TUILLEADH (1) ▼
Ní aireocha tú uair a bhaint amach ag a' damhsa = ní bheidh tú ina dhiaidh ort fhéin, (ní chuirfe sé as do bhuille thú) uair a chaitheamh ag a' damhsa.