Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

an Aoine (17)

 
aer
Níl aon-Aoine 'san aer, nach dteigheann sé i gcoinne an phinsean.
+
dia 2
Leig sé an Aoine air féin gan a dhul siar in a choinne, agus ná raibh ann mara raibh sí díolta ag an bhfear thiar roimhe
TUILLEADH (10) ▼
Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine = ní mar a chéile a bhíos an Aoine agus 'chuile lá eile de'n tseachtain. Má bhíonn na tseachtain go breagh (fliuch, gaofar, ádhúil, gan aon-bhualadh a bheith ar iasc agus rl.) beidh an Aoine fliuch (ciúin, míádhúil agus rl.)
Tá sé fliuch inniu. An Aoine in aghaidh na seachtaine i gcomhnaí
'Ar ndú' sí an Aoine í, agus caithfidh sí a bheith in aghaidh na seachtaine. Lá idir dhá shíon é déarfainn. Feicfidh tú an lá amáireach in a dhórtadh aríst, nó tá mise ag dul amú go mór
Tárlóidh muid isteach é (arúr) amáireach. Beidh an lá cóiriúil aige. Is iondúil don Aoine a bheith in aghaidh na seachtaine
B'fhurasta aithinte go mbeadh an lá inniu ar fónamh. Is deacair an tsean-chaint a shárú: an Aoine in aghaidh na seachtaine, adeir siad
Ná fág an féar ar mhí-scríb amáireach arae beidh an lá go breágh, faoi go raibh an tseachtain fliuch. Bíonn an Aoine igcomhnaí in aghaidh na seachtaine
M'anam go bhfuil an Aoine in aghaidh na seachtaine agadsa ar chaoi ar bith. Tá tú ag dul siar anois le do leath-ghine buí a tharraint. = sean-phinsinéara ag dul i gcoinne an phinsean
Hébrí céard a dhéanfas tada, bhí an Aoine in aghaidh na seachtaine agamsa, dar fiadh. Níor ól mé an oiread i gcaitheamh an tsaoil ariamh agus a d'ól mé inné
Ba chóir dhuinn a dhul ar meath inniu. Mara raibh aon-mharú orra (iasc) i gcaitheamh na seachtaine, beidh an lá inniu thar cíonn. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine
Aoine an Chéasta
+
Tús Aoine agus Deireadh Sathairn. Tá an Aoine in aghaidh na seachtaine. Lomadh Luain agus bearradh Céadaoine. Biseach an Domhnaigh agus árdú na Céadaoine. Dé Luain soir agus Máirt siar, agus tá an Diardaoin sonaí soir nó siar: anois a bhfuil aon-cheann eile aca agad. Bhí siad sin ann ar fad roimhe seo, ach tá siad caithte in aer anois
TUILLEADH (1) ▼
Biseach an Domhnaigh agus árdú na Céadaoine, agus ní raibh snig in a chluais maidin Dé h-Aoine. Nach gearr an "battle" sin a thug sé sin
 
Diabhal mórán drabhláis muise ins an tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meastú an dtáinig mé leis an dá stuipéad ("plug") an tseachtain seo a ghabh thart. Dé h-Aoine a cheannuigh mé ag an bpinsean iad. Sáthach spurtha a bhí siad ins an oíche Dé Céadaoin a bhí chugad. InDomhnach b'éigean dom "an gaimbín" a fháil th'éis am dínnéir Diardaoin le mé a thabhairt go h-Aoine aríst. Níl an drabhlás ins an tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagcóir orm féin
 
dris
"Dhá dteightheá amach faoi dhris chasáin in do chraiceann in ainm an deamhain agus an diabhail bheadh buannaíocht agad ag imirt chártaí. Trí Aoine a dhul faoi dhris shul d'eireódh grian. A dhul trí h-uaire fúithe agus gan tangachtáil léithe, in ainm an deamhain agus an diabhail, bheitheá díolta leis an diabhal" (m'athair)
 
díle 1
Dheamhan aithdeal ná aithdeal ná cosamhlacht ar bith air. Tá ceann-faoi ar an lá ar fad. Má sheasann sí ar an táirm sin, gabhfaidh an Díle thar an Domhan ach grásta Dé. Is furasta aithinte. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine i gcomhnuí.