Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

an-glóir (9)

 
An corpadóir bradach! Sé cóir Dé é an méid sin a eireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhruim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aice céard a bhí ann, ach gur theastuigh cupla cloch mhine uaithe l'aghaidh a háilín … Ach foillsíonn Dia an éagcóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfuigheadh an cneamhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
 
Nach breagh an buinneán glóir atá aige? = glór láidir, árd.
 
Ní mór a' t-an-glóir a cheangal le na cheannsú.
 
"Ach dá mbeadh muid sáthach daingnighthe i gcreideamh an leinbh Íosa len a flaithis a shaothrú, go bhfuigheadh muid an ghlóir" (as amhrán a cumadh in Inis Bearachain Leitir Móir measaim)
+
deis
Níl call duit caitheamh in a diaidh ar bith a bheith agad. Is maith an mhalrait aice é. Tá a h-anam geal ar dheis na glóire anocht
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil seisean ar dheis na glóire is truagh do'n chuid eile againn. Níor ghoid sé ná níor fhuadaigh sé, ná níor chuala aon-duine ach an deagh-fhocal as a bhéal ariamh faoi'n gcomharsa. Go dtugaidh Dia a luach dó!
 
dia 1
A Dhia na Glóire nach bocht an chaoi é!
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go dtugaidh Sib slán ó'n oíche agus ó'n mbliain, muid fhéin agus a' (ar) ndaoine, is 'chuile cheaird dhá bhfuil siad, agus go dtugaidh Sib an ghlóir shíorraidhe dhár imigh uainn ar shluagh na Marbh. Amén (deireadh an Pháidrín Pháirtigh)
 
dubh- 5
Tá an aimsir dubh-bhreá glóire do Dhia