Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

arán (50+)

+
An té a gheobhfadh fearann arán coirce, agus babhal leamhnacht ba bheag an chlóic a bheadh air = stráiméad de cháca arán coirce; an ceathrú cuid den cháca
TUILLEADH (1) ▼
Níl d'fhuighleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabhail le buile. Bíonn sé cho goineach le caraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sib arán ó thárla nach raibh mé fhéin istigh
 
fleet
"Ó bhí mé cho haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí Dhá n-imíodh sé an méid sin san spéir leis an ngaoith Ní phósfainn anois thú dhá dteighinn ar "an bhfleet" Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" (As "na Ba Cíara agus Bána")
+
fliuch 1
Fliuchadh chuile dhuine a chuid aráin in allas a mhailí fhéin = caithfidh chuile dhuine obair a dhéanamh len a bheatha a shaothrú
TUILLEADH (3) ▼
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhailí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
Bhíodh cuid mhaith leoistíocht ann fadó, ach ní bhíonn uasal ná íseall in a gcomhnaí anois. Na daoine uaisle fhéin d'fheicfeá ag saothrú anois iad. Chreidim go ndeachaidh buairín barra orra thar agus fadó. Ní mór do chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhailí fhéin, mar adeireadh na seandaoine
Níl uasal ná íseall ann anois. Tá an cnoc mar atá an gleann. Bhí sé san Targaireacht freisin go gcaithfeadh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh as allas a mhailí fhéin.
 
Thiomáil muid an dá chaora aniar romhainn, agus muid ag stríocáil na maidí ar an mbóthar le neart lagair. Ag teacht aniar ag tí Ph. Ph. ní raibh a sheasamh againn ní b'fhuide. "Gabhfaidh mise isteach annseo ag iarraidh cannda aráin", adeir S. Ní raibh mise indon a dhul isteach ann. Bhí tuitim feóir ionam leis an ocras.
 
Cé a chuir an freigisí sna stocaí dhuit? … Ba deas a rinne sí iad. Bean mhaith aráin agus abhrais í sin, agus ghreamaigh sí di. Bhí na Catháin uilig amhlaidh
+
fág
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hithiodh, ba bheag a luadh aige a dhul tharmsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scathamh marach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é = bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
TUILLEADH (1) ▼
Fág neart aráin déanta l'aghaidh an lae amáireach = déan
 
Sé'n tanálach bradach é. Tá sé chomh h-éiseallach a's nach féidir a bhéilídhe a leagan chuige. Bíonn locht aige ar a' bhfeoil go mbíonn sé ro-cheasamhail, a's an t-arán go mbíonn an iomarca 'soda' ann. B'fhearr dhuit beo idtalamh ná a' freastal air.
+
M'anam muise go bhfuair tú amach é, an teach a gcaithfí cumaoin leat! Tá'n teach sin 'fhearacht ag an áit a raibh an fear fadó: 'mara dtuga tú leat arán an lá 'mbeidh tú ann, beidh tú an lá sin i do throsca'.
TUILLEADH (1) ▼
'Séard dubhairt an bhean a bhí a' cainnt nar chumaoin dóib tada a rádh le na C. (sloinne), a's chomh minic a's líon siad a mbuilg. Ach ní bhíonn aon-chuímne ar an arán a ithtear
 
InDomhnach nuair a thairg sí dhom an cupáinín tae cosnochtuighthe, shanntuigh mé é 'bhualadh faoi'n smut uirre. Is minic nach a' taobh leis a' gcumaoin sin a leigeadh amach as seo í fhéin. Ach 'ní bhíonn cuimne ar an arán a h-ithtear', adeir siad.
 
baile
Baile gann gortach Bh! Sin é an baile, ar chuma 'r bith, 'mara dtuga tú leat arán an lá a dteigheann tú ann, go mbeidh tú an lá sin, i do throsca'.
+
Is maith leis a chuid aráin a bheith bealthuighthe i gcomhnuidhe = im a bheith air.
TUILLEADH (17) ▼
Mara bhfagha sé sin arán bealthuighthe, ní thiubharfa sé bolg do arán tur.
Má tá sé 'cínnt ortsa do chuid aráin a bhealthú, go bhféacha an t-Athair Síorruidhe orainne! = má tá sé 'cinnt ort thú fhéin a bheathú go maith, cé'n ghoir atá againne é 'dhéanamh.
Cé'n chaoi bhféadfa créatúr bocht gan slighe ná faghaltas a chuid aráin a bhealthú?
Taoiseach láidir é sin, a's is furasta dhó 'chuid aráin a bhealthú go maith = feilméar láidir, nó fear airgid é, a's is beag a aireochas sé é 'fhéin a bheathú thar cionn.
Is dhó is fusa a chuid aráin a bhealthú: 'sé is mó atá 'saothrú.
Ní bhealthócha sin do chuid aráin duit = ní bhainfe tú beatha as an obair sin.
Ní bhealthócha an bhóithreoireacht do chuid aráin duit.
Má bhealthuigheann a' cheird sin do chuid aráin duit, tuige nach gcaithfeá léithe = má bhaineann tú slighe-bheatha aisti, tuige nach gcuirfeá isteach do chuid ama léithe.
Déanfa mé obair a' bith a bhealthóchas mo chuid aráin dom.
'Siad an dream a bhealthuigh mo chuid aráin domsa, an dream a dtiubhra mé mo bhóta dóib.
Gheobha an fear is fearr a bhealthóchas mo chuid aráin an bhóta atá aghamsa.
'S ar an bhfear a bhealthuigh mo chuid aráin dom, is fhearr an aghaidh mo bhóta.
Bealthuigh do chuid aráin le allus do mhailghí fhéin = saothruigh do bheatha fhéin; déan do chuid oibre fhéin; ná bí 'teacht suas ar aon-duine eile.
Bealthuigheadh 'chuile dhuine a chuid aráin in allus a mhailghí féin.
Ó rinne Ádhamh a's Éabh peacadh an ubhaill, tá ar chuile dhuine a chuid aráin a bhealthú, in allus a mhailghí fhéin.
Bheadh sé glisteanach (dlisteanach) go leor ag chuile dhuine a chuid aráin a bhealthú in allus a mhailghí fhéin, ach tá cuid mhaith daoine a's ní chuireann siad allus a' bith. Is fhearr leo a gcuid aráin a bhealthú in allus daoine eile.
Fágadh de bheith ar an gcine daoine go gcaithfidís a gcuid aráin a bhealthú in allus a mailghí, ingeall gur ith Ádhamh a's Éabha ubhall na h-aithne i bPárrthas.
+
Ní leigeann siad sin a' béilidhe fhéin tharta(b), gan bealthuidheacht eicínt a bheith aca(b) in' aice. A's diabhal mise, nach bhfuil slacht a gcodach orra(b) ina dheidh sin. Is mó an smais atá ar a' dream atá taobh le arán tur, ná orra(b).
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfuil aon-bhealthuidheacht agad a bhéarfa dhom leis an arán seo? = im.
 
Dhá mbeadh arán Chríghe Fódla bruithte aghad anois, ní íosfainnse (t)íos (níos) mó. Tá mé díreach leis.
 
Tá rud eicínt thríd an arán seo, maran thríd a' bplúr a bhí siad. Is geall le cuilíní coirce iad ach go bhfuil siad dorcha. Ag iarraidh na daoine a chailleadh leis a' bplúr sin atá siad?
 
bocht 2
Cuirfe mise geall go mbadh buidhe bocht leis, an cannda aráin fhéin a fhaghail, a's é a phlacadh suas tur.
 
aer
'Is mise an t-óigfhear a ghlacfas fós leat, agus nach n-éileocha bonn spré; A bhéarfas aer bailtí mór (dh)uit agus arán ar tuaith; Ceol a's spóirt gach aon-oidhche Dhomhnaigh, dhá dteigheamuid ar cuairt; A's beidh fáilte mhór ag mo mhíle stór rómham a' gabhail a' Droighneán Donn (ceathramha de'n "Droighneán Donn")
 
Bíonn an-ghairm roimhe tigh N., ach níl néal a' bith orra sin. Is fear tighe a's arláir é, a's tá bean mhaith aráin a's snathaide le bualadh ag N. ar dhuine eicínt.
 
buille
Tá sé fánach ag créatúr bocht, nach bhfuil ag gabhail ar a bhéal, ó mhaidin go faoithin, ná ó Luan go Satharn, ach arán a's uisce, aon-bhuille sa mbéim a theacht ann. Ba scéal in aghaidh Nádúir é, dhá dteagadh.
 
ailp
Bhí ailp aráin aige = cannda mór.
 
M'anamsa ná raibh ag a' diabhal, má tá mac S. Th. indon thú bhualadh amach feasta choidhchin, gur h-olc an aghaidh aráin thú.
 
Dhá gcuirtheá do theanga bheag amach, anois, ní bhfaighe tú aon-ghreim aráin níos mó = is cosamhail go mbeadh duine thart críochnuighthe le ocras, tart etc, nuair a chuirfeadh sé a theanga bheag amach.
 
Nach mór a' t-iongnadh go raibh tú chomh neamh-áirdeamhail sin ar na gasúir a's go dtug tú chead dóib, an t-arán ar fad a ghiotú ort.
 
anam
Tá fhios ag mo chroidhe a's ag m'anam, gur beag an náire atá oraí(bh), má's sib a rinne sceannach de'n arán mar sin.
 
Ná raibh Feichín Fóir leat a mhadaidh. An greim aráin a bhí mé a chur in mo bhéal tá sé tárluithe leat agad.
 
Fionn 1
I ndeireadh na bliana a rugadh tú. Dar fia níl aon-ghreim aráin san teach ach an méid sin, agus is dona liom a dhul dhá leagan in do mhiainis. An masla ba mhó a fuair Fionn ariamh, rud a bheith in a bhéal agus gan é a bheith in a láimh
 
Is iomdha gar a rinne mé dhó ariamh ní dhá mhaoidheachtáil air é, ach dhá dteagainn in a linn (líon?) amáireach — nar leige Dia go dtiocfainn — tá faitíos orm nach gcuimhneódh sé ar an arán a hithiodh. Ach is cuma sin. Deir siad gur fearr sean-fhiacha ná sean-fhalamh