Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

arán (35)

 
daba
Cé a chaith an daba de cháca sin ag an madadh. Nar agruighidh Dia orraibh a bheith ag caitheamh aráin mar sin ag mádraí agus cho dona agus atá an saoghal
 
daor 2
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an aghaidh sin ar an ruifíneach, má tá i ndán agus gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith in a bhróga anois. Tá sé indroch-arán
 
de
Níl leath mo bhéil de arán annseo
 
dearmad 1
Is éascaidh le duine dearmad a dhéanamh ar an arán a h-itheadh
+
Bhí déidín tuithte againn leis an ocras an uair a fuair muid aon-ghreim, agus an uair sin féin ba gann gortach uatha é a thabhairt duinn. Stiallóigín bheag aráin a bhfeicfeá dealg indo mhéir thríd, agus scudalach tae ar baineadh an t-anam as — má bhí sé ariamh ann — le neart brutha. Méaracáinín beag fuisce annsin nach n-aireochthá a bhlas ar do theanga. Tugaimse mo mhallacht ar chuma ar bith do bhainseachaí Bh.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan gráinne tobac a gheobhfadh sé uaithe siúd dhá dtuiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd cruadh coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thiubharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin
 
D'fheicinnse deileadóirí ar na h-aontaí roimhe seo ag díol túirní agus rothaí túirní ach ní fhaca mé aonduine dhá ndíol anois leis an tsíorraíocht. Bhí mná aráin agus abhrais ann an uair sin, ach cá'il an bhean óg in do thír inniu a bhfuil a fhios aice le breith ar thúirne agus próiste a shníomh. Tuinnte fada na h-óinsí a bheadh in a diaidh, dhá mbuaileadh sí faoi
 
Clogs … sin é a bhfuair mé. Níl tada eile istigh ar shlata na Gaillimhe; ná níl a fhios cé'n uair a bhéas. Tá candáil ar na "clogs" féin ann: fir Achréidh ag sceanadh a chéile dhá gceannacht. Ba mhó déirce liom tada a fháil th'éis m'aistir agus m'anró. Tá leathar féin ar a ghainneacht ann. Ba bheag nachar chinn sé orm ábhar péire tosaigh a fháil do C. Má mhaireann an cogadh seo i bhfad eile beidh na daoine indroch-arán. Deir siad muise go bhfuil na "Germans" ag beodhchan suas aríst
 
diabhal 2
Go dtuga an diabhal thairis amach as a phutóig é! Cannda aráin mar sin imithe ag madadh agus a liachtaí créatúr bocht ar fud an tsaoil anocht, ar mhaith leis a fháil. Ach ní hé an madadh is measa ach a gcuid sraoillíocht fhéin a fhágas ar forbhás an rud
 
Is diachta dhó a dhul ag coireamhaint uirre siúd agus gurb í an cleite is fearr in a sciathán í. Marach a fheabhas agus a chaith sí siúd leis féin agus len a theach, caillte leis an amhgar agus leis an ocras a bheidís. Ach ní bhíonn aon-chuimne ar an arán a h-ithtear arsa tusa
 
An uair a bhí siad uilig cruinn ba mhaith an dicheall di arán a choinneál fuinte leo, ba mhaith sin
 
Is cumasach an duine thú. D'fhága tú fataí agus feoil agus bláthach in do dhiaidh, agus chuaidh tú ag ól an "choffee" bhrocaigh sin agus an aráin. Tabhair roghain do'n bhodach 'ar ndú', agus tóigfidh sé an díogha. Is beag an dochar duit a bheith snuighte caithte féin, agus gan de chothú agad ach é sin.
 
díol 2
Is mór an díol náire é an rúisc de mhadadh sin. Dair leat féin nach bhfuil sé ag fáil a leath-dhíol le n-ithe. Dá mbadh é an duine ba mheasa leat beo é, a bheadh istigh ins an teach, ní chomhnóchadh sé go leagadh sé a chrúib thuas ar an mbord. Sib fhéin a mhill idtosach é an uair a thug sib faisean dó a bheith ag tógáil giotaí aráin de chorr an bhuird
+
"Arán cam a ghníos bolg díreach" (sean-fhocal) = má fhaghann duine a sháith le n-ithe — is cuma cé'n fuint a bhíos air — beidh a bholg sleamhain lán agus ní bheidh aon-ghleannta ná aon-tslabhcadh ann; déanann biadh duine sáthach
TUILLEADH (3) ▼
"Arán cam a ghníos bolg díreach" adeir an Chailleach Bhéara. "Thug tú éitheach a chailleach" adeir an buachaill "Ní h-eadh, ach a fháil ar bord go bhfaghaidh tú fuighleach" (cuid de'n aighneas a bhí ag an gCailligh Bhéara leis an mbuachaill)
Ith suas é, agus altuigh Dia go bhfuil sé agad. Ar chuala tú ariamh é: arán cam a ghníos bolg díreach
Sin é an peata. Ní íosfadh sé an stiallóig aráin in áit a bhfuil ailp bainte as a ceann. Go dtugaidh an diabhal thart é ní dhá thiomaint é. Níor chuala tú ariamh go ndéanann arán cam bolg díreach
 
dligh
Mo chreach-mhaidne muise, níor dhligh an diabhlánach sin tae ná arán a fháil ins an teach seo, agus níor chumaoin daoib a dtabhairt dó ach an oiread, dhá mbeadh aon-fhuil ionnaibh. Níl cuimhne ar bith agaibh ar an uair a raibh sib fhéin thíos aige-san agus ar leig sé amach sib agus déidín tuithte agaibh leis an ocras. Ach sin é. Marach a bheith gan náire dhó is fada amach ó'n teach seo a d'fhanadh sé. Ach is fear gan náire é ar aon-chor.
 
Dhá mbeadh an rud sin cóir ná dlisteanach, is beag beag an baoghal go mbeithí dhá chur i dteannta mar sin faoi. Tá sé i ndroch-arán anois deirimse leat, ach mara raibh aon-láimh aige ann is furasta dhó é féin a shaoradh. Ní chreidimse go gcrochtar aon-duine ins an éagcóir
 
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos ins an aspuicil. Go bhfóiridh Dia orainn is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtiubharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céadna lá'r na bháireach. 'Sé a mh'anam scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoghail. Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe orainn is mór an díol-truaighe duine ar bith atá fágtha istigh annsiúd
 
drad
Is gearr le dhul an bríce aráin sin ar a dhrad goineach siúd!
 
drann
'Bhfeiceann tú anois? Ní thaobhóchaidh sé an canda aráin cho uain agus a bhéas an cut ag drannadh mar siúd leis. Tá an-fhaitíos aige roimh an gcut
+
Ná tabhair thusa aon-bhean annsin thíos nó beidh sí indroch-arán = idteannta, i lár an mhíádha
TUILLEADH (5) ▼
Tá mé indroch-arán anois. Go gcuiridh Dia ar mo leas mé! Níl a fhios agam céard is fhearr dom a dhéanamh.
Ba fear indroch-arán mise! Bhí mo mháthair ar leabaidh an bháis, agus mo bhean istigh san aspuicil (oispidéal), agus gan duine ná deóraí agam a thóigfeadh an teine de mo chois, ná a bhreathnódh indiaidh an dá mhalraichín
Dar diagaí tá na daoine indroch-arán anois. Ní bheidh beatha na teine ann i mbliana ach grásta Dé! Nach bhfuil ceann faoi ar an aimsir uiliog
Bhí tú indroch-arán dar príosta, agus b'ait a chruthaigh tú gur thug tú an eang leat chor ar bith. Ach bhí fear maith a chúnamh dhuit go saolaí Dia é!
Bheinn indroch-arán aice, marach P. Ph. a casadh ann. Ba mhinic leis a bheith tráthúil. M'anam muise marach cho tráthúil agus a bhí sé an lá sin go mba fear réidh mise. Bhí mé féachta dubh agus dubh aice ar a theacht dó. Ach ba gearr an mhoill ar an mbeirt againn ceart a bhaint di
 
Droch-fhear tí, droch-fhear talmhana, droch-fhear capaill, droch-fhear curaighe, droch-fhear láidhe, droch-fhear siúil, droch-fhear damhsa, droch-fhear iomra; droch-fhear fairrge (droch-bhádóir); droch-fhear ban (droch-fhear spallaíochta); droch-fhear tí agus urláir, droch-bhean aráin agus abhrais (droch-bhean tí), agus rl.
 
Níor chumaoin duit droichead a dhéanamh dhíomsa muise agus thú ag tabhairt "fags" uait. Is iomdha fag mór a thug mé dhuit ariamh … An gcuímnigheann tú nuair a bhíodh muid thuas sa L. R. anuiridh? Ach ní bhíonn cuímne ar an arán a ithtear, adeir siad
 
dubh 2
Má fhaghann sé siúd leigean ar an gcáca, ní bheidh a dhuth ná a dhath ná a thuairisg agaibh, má tá sib ag súil le strainséaraí. Nach bhfuil a fhios agaibh nach sú salúin imbéal bulláin aige siúd bríce aráin agus an colla[...] atá air
 
dúil
An t-arán donn sin — sin é an cineál a mbeadh mo dhúil-sa ar fad ann. Tá sé folláin le n-ithe
 
Is minic a chonnaic mé duine a bheadh i bhfad in a throscadh dúlaidhe imbeatha an uair a gheobhfadh sé leigean uirre; ach maidir leis siúd chaithfeadh sé go raibh sé in a throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste in a mhiainis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne reamhar, a bhulóg aráin mar deireadh N. Ph. agus "taypot" tae. An uair a d'altuigh sé an biadh ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaoidheachtáil air é! — agus a shluigfeadh dreoilín. Cé'n bhrigh ach an rud adubhairt sé i dtosach: "is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le goirid — is beag sin." Dar láthar Dé dubhairt. Is fear é a fuair anshógh le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoi'n bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus cho mór-thráthach agus atá. "Go méaduighidh Dia 'chuile shórt ar fheabhas agaibh" adeir sé. M'anamsa muis nar mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sáthach minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mara ndéanadh is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
+
Níl gionnóid shóidí faoi chaolachaí an tighe. Caithfidh duine eicínt a dhul dhá choinne más lib arán a fhuint
TUILLEADH (1) ▼
Níl gionnóid eile aráin san teach anois ach an canda sin, bain fad nó gearr as. D'imigh siad ag bóthaireóireacht ar maidin, agus níorbh fhiú leó cupla cáca a bhruith