Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díreach
aidiacht
cotarsna cam
1.
gan a bheith cam.
a.
+
Tá sé cho díreach le dorugha, le urchar gunna, le saighead as bogha, le slat sailighe, le grásta Dé agus rl.
Sin é an bóthar díreach go Baile Átha Cliath = an bóthar mór
TUILLEADH (4) ▼
Má's cam díreach an ród sé an bóthar mór an t-aithgiorra (sean-fhocal)
Is maith díreach an mhóin í. 'Sí an mhóin uicht is dírighe in a dheidh sin. 'Sí, agus is seasmhaighe
Is breagh díreach an claidhe é sin. Rinne sé go slachtar é
Bhí an chóir díreach ar an aighre (fc. aighre)
+
"Arán cam a ghníos bolg díreach" (sean-fhocal) = má fhaghann duine a sháith le n-ithe — is cuma cé'n fuint a bhíos air — beidh a bholg sleamhain lán agus ní bheidh aon-ghleannta ná aon-tslabhcadh ann; déanann biadh duine sáthach
"Arán cam a ghníos bolg díreach" adeir an Chailleach Bhéara. "Thug tú éitheach a chailleach" adeir an buachaill "Ní h-eadh, ach a fháil ar bord go bhfaghaidh tú fuighleach" (cuid de'n aighneas a bhí ag an gCailligh Bhéara leis an mbuachaill)
TUILLEADH (2) ▼
Ith suas é, agus altuigh Dia go bhfuil sé agad. Ar chuala tú ariamh é: arán cam a ghníos bolg díreach
Sin é an peata. Ní íosfadh sé an stiallóig aráin in áit a bhfuil ailp bainte as a ceann. Go dtugaidh an diabhal thart é ní dhá thiomaint é. Níor chuala tú ariamh go ndéanann arán cam bolg díreach
+
Chuir sé i gcoinne an cham agus an díreach é (I gcuid de na leagain atá ar scéal an Ghobáin Saor deirtear gurb sheo ceann de na rudaí ar chuir an Gobán fios air abhaile agus é ag déanamh cúirt an Rí. Déarfaí scaithtí le gasúr nó le duine simplí é)
Is diabhlaí simplí a bhí tú fadó agus thú in do ghasúr. An t-am a raibh mé ag déanamh an teach cairr thuas, chuir mé síos thú go dtí T. ag iarraidh an cam agus an díreach. Spréach sé. Nachar chaith sé rud eicínt leat
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios agad céard é sin. Cheal nach bhfaca tú ariamh é. Sin é anois an cam agus an díreach! Aithneochaidh tú féin aríst é!
Níl aon-cheo faoi'n domhan nach bhfuightheá annseo. Go fiú agus an cam agus an díreach féin tá sé ann. Iarr é má thogruigheann tú!
b.
ingearach, géar.
+
Tá an t-árd sin an-díreach = géar
Níl an aill sin ag caitheamh, chor ar bith. Tá sí díreach
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí díreach an fánán é sin
c.
cneasta, macánta.
+
Sin caint dhíreach = caint chneasta
Níl aon-fhocal díreach aige sin chor ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Beidh mise díreach leis = ní bhfuighidh sé aon-bhantáiste ormsa, nó má tá indán agus go bhfuair sé cheana aon-bhrabach orm, gheobhaidh mé an oiread céadna de bhrabach air sul a mbí mé réidh leis
Fág an buachaill sin fúmsa. Dá fhada dá rachaidh sé, beidh mise díreach leis
d.
barrainneach; gan mion-airgead, mion-mheadhchan agus rl. le cois a bheith ann, agus rl.
+
Is tú atá ceart go díreach = tá tú ceart gan tada chuige ná uaidh
Chúig phunt a bhí agam díreach ag dul isteach, ach níl a fhios agam barrainneach cé mhéad a bhí agam ag teacht amach
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú díreach ceart = ceart go barrainneach
Sin é go díreach; sin é go díreach glan = go barrainneach; go dearbhtha.
+
Ní bheidh scoilteadh ná scoilteadh anois ann. Bíodh sí ar an airgead díreach nó fág do dhiaidh í. An gceapann tú go gcaithfidh mise an lá ag stangaireacht annseo leat. Tá rud ar m'aire thairis (An t-airgead díreach = punt, dhá phunt, trí phunt agus rl., gan aon-scilleachaí corra a bheith ann)
Tabhair an t-airgead díreach air — h-ocht scilleacha. Ní bheidh pighneachaí corra ar bith ann. Dheamhan é
TUILLEADH (2) ▼
Dhá seasainn uaidh agus a dhul go bun an amhgair leis gheobhainn ar an airgead díreach é, ach bhí leisce orm a bheith ro-dhanra críochnuighthe leis
Tá sé agad anois — dhá chloich meadh ar mheadh. An dtóigfidh tú an meadhchan díreach nó an mbainfidh mé chupla punt as. Do roghain féin anois
e.
+
Tá mé díreach leis anois = ní íosfaidh mé níos mó; tá mo dhíol ithte agam
Ná gludh (glaoidh) aon-phionta eile dhomsa. Tá mé díreach leis anois — tá sin. Dá n-ólainn níos mó bheadh ceann thar an gceart ólta agam
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé díreach leo anois. Ní chaithfidh mé aon-"fag" eile anocht. Tá mé rodtha in mo stéigeacha aca
f.
+
Tháinic sé díreach ar a threibh; tháinic sé díreach ar a chine = teacht ar shliocht nó síolrú ó dhuine.
Tháinic sé sin díreach ar chine É. Mh. Cheal nachar chuala tú é ag déanamh gaisce as ariamh. M'anam go ndéanann an uair a bhíos aon-bhraon caithte aige
TUILLEADH (1) ▼
"Tháinic mise díreach ar threibh R. Mh. A. Uí Fh." arsa seisean. "Is furast' aithinte gur tháinig tú díreach ar threibh aidhbheirseora eicínt" arsa mise
2.
+
Tháinic sé díreach ó theach an dearbhráthra
Ag dul díreach go Sasana atá mé anois
TUILLEADH (4) ▼
Chuaidh tú díreach thar an áit anois.
Bhí sé díreach ar an gcaoi chéadna a raibh mise
Tá sé díreach mar bheadh duine ann a mbeadh saobhchan céille air
Beidh mé díreach ag dul abhaile anois

díreach in iontrálacha eile (71)

 
daigh
Airighim doigh annsin: isteach díreach im'imleacán
+
dairt
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint de'n tsean-lánamhain sin. Lá agus gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aige-san a bheith leo. Agus dar fiadh bhí "set" ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fóghnamh.
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
 
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
+
Níor chuala mé gur tóigeadh deachmaí annseo ariamh ach bhídís annsin thoir ar Dhúithche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaghadh iad sin, nach h-iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fútha. Tá siad sin caithte suas le saoghal agus aimsir … Ó'n droch-shaoghal ab eadh? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé len 'anam — trí bliana roimh an Droch-Shaoghal (1846-1847) agus ní raibh siad ann len a línn. Cá'id ó a bhí oiche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, má's fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafruigh de Sh. Ó. Ch. é. Sin é an fear a innseochas na h-údair (dh)uit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige len a ais. Tá údar aige faoi 'chuile shórt ó'n Díle
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh cuimne ag duine ar bith dhá raibh suas le mo línn-se ar na deachmaí nó má bhí, is beag a chuala mise fútha, ach an focal a chloisteáil mar sin go díreach. Chuala mé an focal 'chuile lá ariamh, agus bhí a fhios agam go mbadh tuarastal é a d'fhaghadh na ministéaraí, ach níor chuala mé thairis sin d'fháirnéis air. Dheamhan cuímne agam ar rudaí mar sin chor ar bith. An rud a d'innseochthá dhom indé, ní bheadh a fhios agam é aríst ambáireach
Ná bac thusa le blaoisc an phortáin. Caith í sin ag an deachma, mara mbeitheá ag dul ag iascach agus go dteastóchadh baoite uait go díreach. Istigh ann atá an t-iasc
 
déan 1
Dhá thúisce anois dhá mbeidh seol déanta agaibh, is amhlaidh is fhearr é. Tá sí díreach ar an aighre. Ní aireochamuid soir é
 
Ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach é a dhathú in a chuid fola
 
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag eirghe in a cheathannaí an uair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcomhnuigheann an t-uisce orra agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí "steamrolláilte" mar sin chor ar bith mara mbeidh bualadh mór orra go díreach
 
Tá déidín tuithte aige ag fanacht go n-imighidh an deirbhshiúr agus go bhféadaidh sé pósadh, agus gan cuimne ar bith féin ag an deirbhshiúr aon-chois a chorruighe as siúd. Tá an iomarca aoise aice anois le go n-iarrfadh duine ar bith le pósadh í, mara mbeadh sean-súmaire go díreach ann, a chaith a shaoghal i réigiún coimhthigheach eicínt agus a thiocfadh abhaile lobhtha le airgead. Ní chuirfeadh sean-raicleach ar bith aon-éiseall ar a leithide sin
 
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
+
Tá an dinnéar go díreach ithte againn. Dhá dteagthá scaithín beag níos túisce, bheadh rud eicínt le fáil agad. Is cosamhail gur indeireadh na bliana a rugadh tú
TUILLEADH (1) ▼
Is cur 'un deireadh ar na daoine annseo, nach bhfuil bealach portaigh aca díreach suas ó'n mbaile, agus gan dhá mhíle tiompaill (timpill) a bheith orra, mar atá
 
deis
Déarfaidh mé leis é, ach a dteagaidh sé ar mo dheis. Ní bhfuighinn ionnam féin a ionnsuighe faoi láthair. Tá mé faoi chumaoin aige. Ach a gcúitighidh mé an chumaoin sin, beidh mé díreach leis, agus féadfaidh mé mo rogha rud a rádh leis. Beidh a shliocht air: gheobhaidh sé an teanga uaimse, feicfidh tú fhéin air
 
Ní raibh mé ach deisighthe ar an leabaidh go díreach nuair a chuala mé an chnagairt ar an doras
+
diaidh
Ní bhreathnóchaidh sé díreach chor ar bith ort ach indiaidh a leicinn. Ní fhaca mise a leithide de phúcaighil ar aon-duine ariamh. Do dhubhshlán, déan amach céard atá in a intinn aon-uair.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhreathnóchadh sí díreach ort ar bhás an domhain, ach ag iarraidh thú a dhearcadh indiaidh a leicinn ingan fhios.
 
Ní maith liom díochúis ar bith a dhéanamh ar aon-duine ar an mbaile thar a chéile, agus sin é anois an roint is dírí a fhéadaimse a thabhairt air = dochar; oirille; gan an méid is fiú é a chur in omós gach rud
 
Tá na ríoghachtaí sin dímheasctha thrín a chéile ar fad. Ní túisce mór le chéile iad, ná is mian leo a bheith in árachaí a chéile aríst. Muintir an bhaile seo thiar go díreach! Ar an dá luath agus a ndéanfaidh duine mórtas le duine eile, tiocfaidh duine eicínt eile in a aghaidh
+
Ní fhaca tú a leithide de dhíogáil ar phóilí ariamh agus a bhí air sin ag imeacht dó. Bhí scoilte cho díreach le gró in a chuid gruaige agus mara raibh sé bearrtha, ní lá go maidin é. Agus an "glass" a bhí in a bhróga, bhainfeadh sé an t-amharc as do shúile. Níor ba thaise len a dhrad óir é ach oiread.
TUILLEADH (2) ▼
Caithfidh mé a dhul ag gíogáil cupla baibín le cur i gcíor an tighe. Tá báisteach anuas díreach le h-ais an mhaide mullaigh.
Bhí sé cho maith dhuit anois go díreach a dhul siar agus an chrích dhriseachaí sin thiar a dhíogáil, leis an gcruaich sin. Beidh sí in a trasarlach ag asail faoi cheann dhá lá pébrí (pé'r bith) cé'n smál atá orainn thar an tír, go bhfuil cion ag 'chuile rud ar 'u' (ar) gcuid
+
Is beag an díogarnach lae atá ann anois, ó a theigheas an bus thart. 'Sé'n áit ar scoth sé muid an oíche faoi dheire ag ceann i bhfus na D. M., agus bhí sé in a n-oíche dhubh orainn ins an mbaile, th'éis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo 'bhliadhain. Faoi cheann míosa eile — 'seadh agus cuid is lugha ná sin — beidh sé in a oíche ar an mbus ag an S.
TUILLEADH (1) ▼
Leig mé ro-fhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agad féin go maith (gur) deireannach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé an uair a tolladh an bicycle orm. Shanntuigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaghainn deis deasuighthe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sriogán (sreangán) a fháisceadh uirre, ach le chuile chamánuí bhí mé anuas ag na h-I. gan tada a dhéanamh, ach ag siubhal de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nar leigidh Dia go ndéanfainn bréag, ach badh é an sonnda ab áibhéile é a chonnaic mé i gcaitheamh mo shaoghail …
 
Maidir leis an mbarr cladaigh (feamuinn) níl innte ach an díogha, mara gcuirteá ar mangols í go díreach, nó ar thalamh so-leasuighthe. Is beag a bhaintear thart annseo chor ar bith anois í.
+
díol 2
Ní raibh an oiread ceann-faoi orm ariamh. Dhá scilling agus seacht bpighne a bhí agam — trí pighne go díreach a bhí mé easbadhach gan luach deoch a bheith agam. Ní raibh agam ach díol mo náire
TUILLEADH (2) ▼
'Sí bróig C. mo dhíolsa — mo dhíol díreach.
Tá buille ins an mbéim ann fós cheapfainn, agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht uird. Bhí se sínte ins an gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintigheadh ar na P. Dhírigh sé aniar annsin, agus coinneal ann. A dhearbhráthair mo chroidhe thú, d'áitigh air …
+
Dírigh do spreangaidí. Tá siad ar fud an tighe is 'chuile áit dá siubhailim
TUILLEADH (4) ▼
Dhírigh sé aniar chugam
Dhírigh sé aniar ins an gcathaoir ar an dá luath agus ar caintigheadh ar na bróga. Deirimse leatsa go raibh cluais air uaidh sin amach
Dírigh suas! Cé'n sórt codladh atá ort! Is diadhachta dhuit codladh a bheith ort agus ar chodail tú aréir
Dírigh dhíom nó déanfaidh tú sprúdháin do mo láimh. Tá sí i bhfastós idir thú féin agus an balla
+
Dhírigh sé an gunna orm = thug sé aghaidh an ghunna orm
TUILLEADH (2) ▼
Dhírigh sé cois na fuipe ar shráid a bhí síos ann. "Teirigh síos annsin anois" adeir sé "go gcastar teach dearg duit … "
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí leigthe isteach ar shúil an droichid. Dair liom féin go raibh aimhreas aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na h-áite
 
Diúltaigheamuid do'n áit sin! Ní ghabhfainn ag aon-damhsa ann go díreach go dteighinn síos agus go mbáithfinn mé féin idtosach. Damhsaí gnaoidheamhla go deimhin! Is cuma leis an ngnaoidheamhlacht cé leis a ndéantar a samhailt, má sin damhsaí gnaoidheamhla. Bhí siad ar siubhal ariamh ariamh nó gur stop siad 'chuile dhamhsa eile. Anois tá a bhfuil de phighneachaí dá bhfuil ar liobarna ins an tír ag dul síos ina bpócaí féin. Tá faitíos orm nach rithfidh leo i gcomhnuí!
 
dlí
Cé'n uair a chonnaic tusa an dlí díreach
 
'Sé M. an mac dlisteanach. Mac tabhartanais é an mac eile. Ach roínn an t-athair an oighridheacht leis in a dheidh sin. Thug sé an oiread dó agus a thug sé dhá mhac dhlisteanach. Aindeoin go ndearna sé an "mistake", bhí sé díreach cneasta
 
1
Níl dóghadh gréine ná spuaic láighe air siúd deirimse leat. Is deacair dhó a bheith, agus gan aon-amharc a fháil ar an ngréin le leath-bhliain, mara bhfeiceadh sé thríd an bhfuinneoig í go díreach; agus maidir leis an láighe …
 
dochar
Ní bheadh a fhios agad cá'il an dochar chor ar bith. Deir sé féin amanntaí gur in iochtar a bhrún é, amanntaí eile isteach díreach in a imleacán. Tá an phian cho luaithneach leis an ngaoith má's ceart géilleadh dó féin. Tá an dochtúr sifleáilte (shuffleáilte?) aige cho maith le duine
 
Is doicheallach an stiúir a bheadh uirre siúd ins an leabaidh maidin sheaca. Nach hí an séacla caillte í. Ní phósfainn í go díreach glan nó go bpósainn an bhornóg mhór sin thiar ag P., agus is fada a bheinn ag cuimhniú air sin
 
Ní imreochaidís dólámha chor ar bith soir. Páirtidheacht a bhíos ann i gcomhnaí. Dólámha is mó a d'fheicfeá an taobh seo, mara mbeadh hochtar ann go díreach, agus imrightear dólámha le hochtar féin scaithtí
 
domhain 2
Ní obair do dhuine ar bith a bheith amuigh domhainn 'san oiche, agus gan a fhios aige, go sábhálaidh Dia sinn, céard a chasfadh leis. Mara mbeadh cruadhóg ar bith eile air go díreach! Má bhíonn ní baoghal dó a bheith amuigh
 
domlas
Sé'n fáth domsa gan aon deoir a ól: bhí mé Domhnach annseo, tá naoi nó deich de bhlianta ó shoin, agus casadh ag "stillhouse" ar an Mh. M. mé. Bhí an iarraidh críochnuighthe go díreach aca: muintir Mh. Á. D'ól mé an oiread dhó agus gur chuir mé 'un domblais mé féin leis shul ar fhága mé an"stillhouse". Anoir tigh Mh. Á. linn annsin, agus d'fhan mé ann an lá sin agus an lá in a dhiaidh, agus mé tuithte dállta i gcaitheamh an achair. Ní raibh mé agam féin ceart go ceann míosa. Dubhairt mé liom fhéin hébrí céard a dhéanfadh Dia liom nach mblaisfinn d'aon-deoir phoitín aríst go bráth
 
dorú
Tá sé cho díreach le dorugha = an-díreach
+
dris
Níl aon-ghna aghad an t-aistreán sin a thabhairt ort féin. Má bheireann na driseachaí siúd ort, ní thiubharfaidh tú falach de do cheirteachaí slán as choidhchin. Má's cam díreach an ród 'sé an bóthar mór an t-aithgiorra, a mhic ó.
TUILLEADH (1) ▼
Go dtugaidh Dia ciall duit! Níl tú ach ag cur do chuid cainte amú leis siúd. Tiubharfaidh sé toradh ort go deimhin. Bhí sé cho maith dhuit go díreach glan a bheith ag caint le dris len a bheith ag caint leis siúd.
 
Buaileadh griúillín súighe anuas díreach ar choincín na sróine orm: dhá mba urchar é, ní fhéadfadh sé a bheith a dhath ní ba dírighe.
+
droim
Dírigh suas thú féin agus buail faoi. An bhfuil smior ar bith i gcnáimh do dhroma?
TUILLEADH (6) ▼
Anuas annsin díreach ar alt an droma a fuair mé é. Shíl mé go raibh mo chreach déanta
Ní raibh aon-leathchuma faoi'n saoghal nach ndearna sí sin ar a dearbhráthair. Go fiú agus an pluid leabthan níor fhága sí aige í, an t-am ar bhásuigh an mháthair. Agus feacha anois í. Trí chéad punt curtha amach aice le dlí nach mbuachfaidh sí aon-phighinn go bráth air. Bhí sé cho maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos ins an bpoll is doimhne ins an bhfairrge leis an rud a rinne sí. Is cóir adeir siad: an rud a chruinnigheas duine ar dhruim an diabhail go n-imigheann sé ar a bholg
Tá an druim ro-dhíreach ar an gcruaich sin. Ólfaidh sí an bháisteach as éadan. Is furasta aithinte nach mórán meabhair a bhí ar chruacha ag an té a rinne í. Ní raibh ná meabhair ar bith
Céard atá orra má airigheann siad aon-phóilí ag teacht ach féithiú amach druim an chnuic, agus níl aon-ghoir breith orra, mara ndéanadh fear eolais é go díreach
Ní fhágfaí in aon-choláiste faoin domhan é, nach gcuirfí druim díbeartha air as, mara indán agus go gcasfaí i gcoláiste "bligeárds" é go díreach. Bheadh sé in a cheann feadhain annsin (druim díbeartha a chur air = é a dhíbirt, a ruaigeadh, a ionnarbadh, a chur chun bealaigh de'n bhuidheachas)
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith ins an tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir druim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. An uair a thosuigh sé siúd ag scaimhléaracht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor leig an faitíos d'aonduine gan a chomhairle a dhéanamh mar a mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann, go díreach. Ach duine ar an dioscán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsubháilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
+
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a marbhuigheadh annsin. Fear a bhí ag déanamh aithgiorra thrí na páirceanna, a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timcheall an tighe mhóir annsiúd. Dhá múineadh le h-aghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine aca anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul treasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall in a mhullach agus choinnigh sé an capall ag talltú air nó gur mharbhuigh sí é. Tabhair thusa marbhú druimnochttha ar sin. 'Sé a bhí druimnochttha. Amuigh ar lom na páirce. "Murder" a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad aca fhéin an uair sin. Cho uain agus a mhair an sean-Bh. dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talmhana nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
TUILLEADH (1) ▼
Thapaigh sé a dheis, agus thug sé féin druimnochttha é, isteach díreach ar na polláirí
+
Roinn muid an lucht feamuinne druimscoilte — leath ag an duine. Dheamhan crann ná crann a cuireadh air. Thug mé breith a's dhá roghain do Sh. Rinne sé roghain go díreach ar an leith a thiubhar[fainn] féin dó, dhá bhfaghainn breith mo bhéil féin. Níor leasuigh mo chuid-se ach an dá chúl thoir de gharrdha Dh. Fh. agus an cúl ó dheas. Bhí scaipiúch bheag d'fhuighleach agus chaith mé isteach í ar an bpóicín sin thiar le h-aghaidh "mangols". Leasuigh cuid Sh. Garrdha na C. dó agus an T. Á. Ba mhó an drabhlás a bhí in a chuid-seisean ar chuma eicínt, aindeoin go ndearna muid an dá leith druimscoilte di mar atá mé th'éis a rádh leat
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag innseacht scéil oíche a raibh sé ibhfus againn anuiridh: beirt dearbhráthar a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair aca. Ní raibh duine aca sásta leis an méid a d'eirigh leis féin dó, agus thug sé an ceann eile 'un dlighe ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna de'n bhreitheamh, nó de'n ghiúistís, nó hébrí céard a bhí ann, nach nglaodhann amach air — agus orra uiliog — go bhfeicidís an talamh. "Tá tú ag rádh" adeir an breitheamh "go bhfuil sé ag déanamh leath-chuma ort. Roínn anois é mar is áil leat féin. Roínn "faireáilte" é — in a dhá leith druimscoilte". Roínn. "Bíodh breith agus dá roghain agadsa anois ar do rogha leithe" adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
 
Tá na lámha sin ro-dhronnach agamsa. Ní cheannóchaidh mé aon-bhicycle ach an chuid a bhfuil na lámha díreach' orra. Bhascfainn mé féin len a leithide sin
 
D'iompuir mé M. sin cheana anoir as S. G. agus é ar chosa ar duailín orm. B'fhusa liom sin ná é a thabhairt liom ar mo dhruim. Is deacair siubhal agus duine agad ar do dhruim. Bíonn duine an-mhío-stuama ar dhruim duine eile, mara mbeadh páiste ann go díreach
+
duine
Duine díreach (cam, borb, oibliogáideach agus rl.) é
TUILLEADH (2) ▼
M'anam ó'n diabhal gur duine uasal thú nuair a luaidhtear thú bhí mé ag caint ort go díreach agus thú ag teacht faoi'n doras. Dheamhan a rabh a fhios agam an raibh tú ní ba ghoire do láthair ná do theach féin
'Sé do bheatha! 'Sé do bheatha a dhuine chroidhe! Is duine uasal thú nuair a luaidhtear thú! Bhí muid go díreach ag tabhairt ghubh ort annseo, faoi nachar bhog tú aniar againn le fada ariamh. Céard a choinnigh amuigh chor ar bith thú?
 
téigh
Chuaidh T. Ph. L. dhá phunt dhéag deich leis an mbudóigín, ach ní scarfadh S. léithe gan an t-airgead díreach
 
Dírigh suas thú féin a ghamail bhradaigh agus ná bí ag dul amach ar do bhéal mar sin. Ní ghlacfaí in aon-arm faoi'n domhan leat
 
'Sé an marc a bhíodh againn ariamh ar mh'ráite mangach, a dhul amach díreach ó'n gcaladh nó go dteigheadh sléibhte Dhúithche Sheoigeach faoi. Annsin a dhul ag iascach
 
Le t'athair atá tú ag dul críochnuighthe. Tá cúl do chainte leat go díreach mar atá leis-sean.
 
Níl sé an-deacair a dhul thar Th. dhá mbeadh duine díreach chor ar bith leis, agus é a íoc nuair a bheadh sé aige. Is minic a tháinic sé annsin ceathair nó cúig de chuarta agus a d'imigh sé aríst agus a dhá láimh cho fada le chéile. Ach dheamhan smid adéarfadh sé in a dheidh sin, ach "b'fhéidir go mbeadh sé agaibh nuair a chasfaí an bealach aríst mé".