Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díreach
aidiacht
codarsna: cam
1.
gan a bheith cam.
a.
+
Tá sé chomh díreach le dorú, le urchar gunna, le saighead as bogha, le slat sailí, le grásta Dé srl.
Sin é an bóthar díreach go Baile Átha Cliath — an bóthar mór
TUILLEADH (4) ▼
Más cam díreach an ród, 'sé an bóthar mór an t-aicearra (seanfhocal)
Is maith díreach an mhóin í. 'Sí an mhóin uicht is dírí ina dhiaidh sin. 'Sí, agus is seasmhaí
Is breá díreach an claí é sin. Rinne sé go slachtmhar é
Bhí an chóir díreach ar an aighre (fc. aighre)
+
"Arán cam a ghníos bolg díreach" (seanfhocal) — má fhaigheann duine a sháith le n-ithe — is cuma cén fuint a bhíos air — beidh a bholg sleamhain lán agus ní bheidh aon ghleannta ná aon tsleabhcadh ann; déanann bia duine sách
'Arán cam a ghníos bolg díreach,' adeir an Chailleach Bhéarra. 'Thug tú éitheach a chailleach,' adeir an buachaill, 'ní hea, ach a fháil ar bord go bhfaighe tú fuílleach.' (cuid den aighneas a bhí ag an gCailligh Bhéarra leis an mbuachaill)
TUILLEADH (2) ▼
Ith suas é, agus altaigh Dia go bhfuil sé agat. Ar chuala tú ariamh é: arán cam a ghníos bolg díreach
Sin é an peata. Ní íosfadh sé an stiallóig aráin an áit a bhfuil ailp bainte as a ceann. Go dtuga an diabhal thart é, ní dhá thiomaint é. Níor chuala tú ariamh go ndéanann arán cam bolg díreach
+
Chuir sé i gcoinne an cham agus an díreach é (I gcuid de na leagain atá ar scéal an Ghobáin Saor deirtear gurb eo ceann de na rudaí ar chuir an Gobán fios air abhaile agus é ag déanamh cúirt an rí. Déarfaí scaití le gasúr nó le duine simplí é)
Is diabhlaí simplí a bhí tú fadó agus thú in do ghasúr. An t-am a raibh mé ag déanamh an teach cairr thuas, chuir mé síos thú go dtí T. ag iarraidh an cam agus an díreach. Spréach sé. Nár chaith sé rud eicínt leat
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios agat céard é sin. Cheal nach bhfaca tú ariamh é. Sin é anois an cam agus an díreach! Aithneoidh tú féin aríst é!
Níl aon cheo faoin domhan nach bhfaightheá anseo. Go fiú is an cam agus an díreach féin tá sé ann. Iarr é má thograíonn tú!
b.
 ingearach, géar.
+
Tá an t-ard sin an-díreach — géar
Níl an aill sin ag caitheamh chor ar bith. Tá sí díreach
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí díreach an fánán é sin
c.
cneasta, macánta.
+
Sin caint dhíreach — caint chneasta
Níl aon fhocal díreach aige sin chor ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Beidh mise díreach leis — ní bhfaighidh sé aon bhuntáiste ormsa, nó má tá i ndán is go bhfuair sé cheana aon bhrabach orm, gheobhaidh mé an oiread céanna de bhrabach air sula mbí mé réidh leis
Fág an buachaill sin fúmsa. Dá fhada dá rachaidh sé, beidh mise díreach leis
d.
 barainneach; gan mionairgead, mionmheáchan srl. le cois a bheith ann, srl.
+
Is tú atá ceart go díreach — tá tú ceart gan tada chuige ná uaidh
Chúig phunt a bhí agam díreach ag dul isteach, ach níl a fhios agam barainneach cé mhéad a bhí agam ag teacht amach
TUILLEADH (2) ▼
Tá tú díreach ceart — ceart go barainneach
Sin é go díreach; sin é go díreach glan — go barainneach; go dearfa
+
Ní bheidh scoilteadh ná scoilteadh anois ann. Bíodh sí ar an airgead díreach nó fág i do dhiaidh í. An gceapann tú go gcaithfidh mise an lá ag stangaireacht anseo leat. Tá rud ar m'aire thairis (An t-airgead díreach — punt, dhá phunt, trí phunt srl., gan aon scilleachaí corra a bheith ann)
Tabhair an t-airgead díreach air — hocht scilleacha. Ní bheidh pínneachaí corra ar bith ann. Dheamhan é
TUILLEADH (2) ▼
Dhá seasainn uaidh agus a dhul go bun an amhgair leis, gheobhainn ar an airgead díreach é, ach bhí leisce orm a bheith ródhanra críochnaithe leis
Tá sé agat anois — dhá chloich meá ar mheá. An dtógfaidh tú an meáchan díreach nó an mbainfidh mé chupla punt as. Do roghain féin anois
e.
+
Tá mé díreach leis anois — ní íosfaidh mé níos mó; tá mo dhíol ite agam
Ná gluigh (glaoigh) aon phionta eile dhomsa. Tá mé díreach leis anois — tá sin. Dá n-ólainn níos mó bheadh ceann thar an gceart ólta agam
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé díreach leo anois. Ní chaithfidh mé aon fag eile anocht. Tá mé rodta in mo stéigeacha acu
f.
+
Tháinig sé díreach ar a threibh; tháinig sé díreach ar a chine — teacht ar shliocht nó síolrú ó dhuine
Tháinig sé sin díreach ar chine É. Mh. Cheal nár chuala tú é ag déanamh gaisce as ariamh. M'anam go ndéanann nuair a bhíos aon bhraon caite aige
TUILLEADH (1) ▼
'Tháinig mise díreach ar threibh R. Mh. A. Uí Fh.,' arsa seisean. 'Is furasta a aithinte gur tháinig tú díreach ar threibh áibhirseora eicínt,' arsa mise
2.
+
Tháinig sé díreach ó theach an dearthára
Ag dul díreach go Sasana atá mé anois
TUILLEADH (4) ▼
Chuaigh tú díreach thar an áit anois
Bhí sé díreach ar an gcaoi chéanna a raibh mise
Tá sé díreach mar a bheadh duine ann a mbeadh saochan céille air
Beidh mé díreach ag dul abhaile anois

díreach in iontrálacha eile (50+)

 
Ní raibh easpa ná earasbarr agam. Mo dhíol díreach a bhí ann. Nach baileach a thomhais mé anois cén t-éadach a theastódh uaim!
 
Níl stripe ar an bhfeadhain acu is measa ná mo stripesa. Is gearr go mbeidh a bhfuil de phortaigh inti ídithe. Deich mbliana eile ar a mhéid agus deir tusa ina dhiaidh sin gur roinneadh an sliabh seo díreach! — ar an méid, nó an uimhir stripeannaí atá ann. Deirtear féinn freisin go háirid más daoine atá i gceist
+
fiar
Fág an claí beagán ar fiar mar seo nuair a bheas tú dhá dhéanamh, i riocht is go mbeidh cosán isteach anseo agat. Níl maith ar bith dhuit é a ligint díreach
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór dóibh fiar a thabhairt dóibh fhéin inniu (báid). Ní thiocfaidís isteach díreach i súil na gaoithe. Tá sé ina lom gaoithe aduaidh anois — a theacht isteach ar tír ag tornáil
+
focal
Go díreach glan! Bhain tú an focal as mo bhéal! — A. ag caint le B. Chuirfeadh B. isteach air agus déarfadh sé an rud a bhí A. le rá. Chuimhneodh sé gurb in é an focal a bheadh sé ag dul a rá agus déarfadh sé fhéin é
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an rud adúirt sé go díreach glan. Nár lige Dia go gcuirfinnse cor an fhocail air. Tá seisean ar shlí na fírinne agus mise ar shlí na bréige
 
Is beag nach bhfuair mé na seacht mbáis sa gcurach nuair a chonaic mé an mullán ag freagairt romham agus an churach ag dul caol díreach uirthi.
 
Dírigh an fháideog sa gcoinneal sin nó is gearr go mbeidh sí ó rath le smál
 
fána
Bhí an bád ag doirtim le fána (ag dórtadh le fána). Díreach ar an aighre a bhí sé (an ghaoth) agus tabhair gaoith uirthi! — nuair a bheadh gaoth theann i ndiaidh an bháid, nó an-chóir agat, bheadh an bád ag doirtim le fána
 
Níor scéal é le aon chaint a dhéanamh di, mura mbeadh duine ann a choinneodh caomhúint air go díreach. Ach i nDomhnach, is duine sa gcéad é sin, ar an saol seo ar aon nós.
 
cobha
Buaileann an cobha cuid mhaith acub ar uair mhóir mar seo, ach ní bhíonn aon chlóic orthub leis mura mbeadh sé an-dona go díreach.
 
baile
Mura mbeadh fear i bhfad ó bhaile ann go díreach, dheamhan duine eile a bhuailfeadh fúithi.
 
Is corrdhuine a gheobhadh eolas an bhealaigh go dtí an áit siúd, mura mbeadh fear aitheantais ann go díreach.
 
beart
Níl beart ar bith is fhearr dhuit ná a dhul abhaile díreach anois — níl cúrsa ar bith; níl plean ar bith; níl caoi ar bith.
 
'Sé an scéal é, níl foscadh in aon áit ón gcramhar báistí sin, mar 'sé an chaoi a bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agam ligean liom fhéin abhaile agus an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aiteall: meas tú nár mhaith an beart é?
 
Dhá mbeadh arán Chríghe Fódla bruite agat anois, ní íosfainnse tíos (níos) mó. Tá mé díreach leis.
 
Is gearr an mhoill a bheadh orm an cúl a fhódú murach na crúbáin sin. Ach bíonn siad sin meata thar na hiomrachaí díreacha.
+
cúl
Chomhuain is mhair an tseanmhuintir, dheamhan deoir tae a d'fhéadfaí a ól sa teach thar cheann de ló, mura n-óltaí ar chúla téarmaí go díreach é. Fataí a d'fhaigheadh na fir fánaí a bhíodh acub ar a mbricfeasta. Cén bhrí ach tae i chuile theach sa tír an uair chéanna.
TUILLEADH (1) ▼
Ní choinníonn aon teach ósta anois é (an poitín) mura gcoinnídís ar chúla téarmaí é go díreach. Ar ndóigh, dá bhfaightí amach go ndíolfaidís aon deoir dhe, bhainfí cead díolacháin uileag dhíobh, agus ba mhaith an ceart é freisin.
 
Ní áit buaile ná seanbhaile d'aon duine coirnéil an bhaile mhóir seo, mura bhfuil na stocairí coirnéil ann go díreach.
 
beo 1
Ní théann Críostaí an bhéil bheo amach sna bólaí siúd mura dtéadh lucht caorach go díreach, agus tá mé ag ceapadh gur annamh a théanns siad sin fhéin chomh domhain sin faoi shliabh.
+
bior
Ní dhéanfainn an cleas a rinne sé go díreach glan go gcuirinn bior faoi mo shúil i dtosach; b'fhearr liom bior a chur faoi mo shúil ná go mbeadh sé le casadh liom go ndearna mé a leithide de chleas; chuirfinn bior isteach thrí mo shúil shula ndéanfainn an cleas a rinne sé.
TUILLEADH (2) ▼
An té a thiocfadh i gcleithiúnas tútaíola den tsórt sin, ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach bior dearg a shá isteach thrína shúil.
Dheamhan do chos a d'ardódh é go díreach glan go gcuirtheá do shúile ar bhior.
 
Dheamhan ann ach bodhránach bradach. Bhí sé chomh maith dhuit go díreach glan a dhul ag caint leis an gclaí le dhul ag caint leis.
 
Ní bhéarfadh duine ar bith, mura mbeadh duine adhartha ann go díreach, aon ghéilleadh dhó sin. Nach caint ar sraith a bhíonns aige i gcónaí!
 
Más cam díreach an ród, 'sé an bóthar mór an t-aicearra (seanfhocal)
 
Bhí mé ar hob bualadh ar an mbicycle go díreach san am ar ghluigh (ghlaoigh) sé orm aríst.
+
buail
Sa gcuisle thanaí taobh thiar den Charracán a bhuail an concar sin mé. Ag fuireacht go dtráfadh sé go dtí an clochar amuigh a bhí mé agus ní raibh cuimhne agam go mbuailfeadh tada mé san áit céanna mura mbeadh ceann cruachain nó bod gorm go díreach.
TUILLEADH (1) ▼
Cén áit a mbuailfeadh muid tír anois dhá dtéadh muid díreach
 
Is fhearr a bheith ar thaobh an fhoscaidh ná ar aghaidh na doininne ar chaoi ar bith. Déanadh duine chomh díreach agus is féidir leis agus ní baol dó an lá deiridh — fear a bhí ag caint ar na críocha déannacha; bíodh anam duine glan
 
Bhí sé thíos sa linn agam ar feadh leathuaire agus mé ag cur sámhas ann le frithghob na camóige. Ó diabhal cor a bhí ann ach an oiread le plíoma de ghamhain! Meas tú nach raibh mé ag cur scrúdtaí orm fhéin an gcuirfinn an chamóig ann beag ná mór, agus chomh socair agus a bhí sé! … Síleann tú gur ag sioscadh bréag atá mé! Fóill ort. Bhí mé go díreach ar thí sracadh a thabhairt faoi …
 
Ag dul siar díreach a bhí sí ar ball ach tá sí ag féithiú isteach go hÁrainn anois (bád).
 
Má tá aon láimh isteach aige sin leis, ní fhéadfadh sé imeacht díreach — má tá aon bhaint ag an duine sin leis an ngnaithe, nó má tá aon chomhairle aige air, ní bheidh an gnaithe cneasta
 
Go díreach agus í ag teacht isteach gnóiteach, ar an gcúrsa deiridh, scoith capall eile í
 
Tháinig cnap ansin ar mo láimh mar a bheadh farcán ann go díreach. B'fhada liom go raibh sé ag imeacht agus chuaigh mé ag priocadh leis …
 
fiach 1
Tá an fiach dúisithe agam i ngarraí Sh. Uí E. faoi dheireadh thiar thall agus tá sé in am sin aige. Shíl mé nach mbeinn amuigh as inniu. Dhá mbeadh an garraí láir siúd thuas curtha agam anois, bheinn díreach leo (sin é a gcuirfinn d'fhataí)
 
fill
Níl sé go díreach anois ach fillte soir ceann an bhóithrín. Béarfaidh tú fós air
 
Bhí muid ag stillhouse agus an iarraidh críochnaithe go díreach. Dúirt duine eicínt go mba chosúil le póilíos a bhí ag nochtadh aníos ar an gC. B. Bhí sé ina fhuile faile sa stillhouse ag rith leis an bhfuisce agus leis an oirnis agus le bairillí. Dheamhan a dhath a bhí ann ach beithígh leis an mbaile ó dheas
 
Ba dona a chruthaigh tú nár fhan thiar. Ní raibh tú ach imithe go díreach nuair a tháinig T. Th. isteach agus bhí fuarlach pórtair ann uaidh sin amach
 
daigh
Airím daigh ansin: isteach díreach i m'imleacán
+
dairt
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint den tseanlánúin sin. Lá is gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aigesean a bheith leo. Agus dar fia, bhí set ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fónamh
TUILLEADH (1) ▼
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
 
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
+
Níor chuala mé gur tógadh deachmaí anseo ariamh ach bhídís ansin thoir ar Dhúiche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaigheadh iad sin nach iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fúthu. Tá siad sin caite suas le saol is aimsir … Ón drochshaol ab ea? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé lena anam — trí bliana roimh an Drochshaol (1846—1847) agus ní raibh siad ann lena linn. Cáid ó bhí Oíche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, más fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafraigh de Sh. Ó C. é. Sin é an fear a inseos na húdair dhuit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige lena ais. Tá údar aige faoi chuile shórt ón Díle
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh cuimhne ag duine ar bith dhá raibh suas le mo linnse ar na deachmaí, nó má bhí, is beag a chuala mise fúthu ach an focal a chloisteáil mar sin go díreach. Chuala mé an focal chuile lá ariamh, agus bhí a fhios agam go mba tuarastal é a d'fhaigheadh na ministéaraí, ach níor chuala mé thairis sin d'fhairnéis air. Dheamhan cuimhne agam ar rudaí mar sin chor ar bith. An rud a d'inseofá dhom inné, ní bheadh a fhios agam é aríst amárach
Ná bac thusa le blaoisc an phortáin. Caith í sin ag an deachma, mura mbeifeá ag dul ag iascach agus go dteastódh baoite uait go díreach. Istigh ann atá an t-iasc
 
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag éirí ina cheathannaí nuair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcónaíonn an t-uisce orthu agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh, bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí steamrolláilte mar sin chor ar bith mura mbeidh bualadh mór orthu go díreach
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
Tá an dinnéar go díreach ite againn. Dhá dteagtá scaithín beag níos túisce, bheadh rud eicínt le fáil agat. Is cosúil gur i ndeireadh na bliana a rugadh tú