Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ar gcúl (31)

+
Bailigh a bhfuil de chlocha ar a' gcúl sin, a's déan iad a chaidhleadh suas in éindigh annseo. Cuirfeamuid ar na leachtaí aríst iad, nó tárlóchamuid amach ar a' mbóthar le ciseogaí iad.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhéadfá 'rádh go raibh muid idteannta. Muid dhár gcaidhleadh le piléir a's le "shell"annaí, a's gan dul ar ar n-aghaidh, ná ar ar gcúl aghainn! A's gan-fhios cé'n puinnte a bpléascfadh ceann aca(b) sin, a's a ndéanfadh sé smiodairíní de chéad againn in éindigh.
 
Tá carcair mhealltrachaí ar chúl mo chinn, a's tá sé 'cínnt orm rud a' bith a fhághail le caitheamh, a chuirfeadh ar gcúl iad.
 
catóg
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé's moite d'aon-chatóig amháin atá thoir le claidhe, ach is deacair le na catógaí céadna a dhul ar gcúl.
 
cora
Tháinic carra fhaithneadhachaí ar mo láimh annseo an bhliadhain cheana, a's chaith siad an tsíorruidheacht gan a dhul ar gcúl. Bhearr mé an barr díob faoi dheire le siosúr.
 
Ní chuibhreochadh cuíngir na gabhair sin. Cosacáin a bhí aghad a bhualadh orra(b). Na cupla crainnín a chuir mé annsin thiar, tá siad ithte ag na diabhail. Cé'n bhrigh ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud a' bith, tiocfa sé ar gcúl!
 
Má chinneann orra(b), cuirfe sé siúd borradh fúthab aríst = má bhíonn siad a' dul ar gcúl, beidh sé ina chúl torraic, nó in a chrann seasta dóib.
 
bruach
Tá'n bruach seo a' dul ar gcúl anois, a's má [tá] fhéin tá sé in am sin aige.
 
D'aithneódh dall gan súil go raibh fosaíocht eicínt air leis an láimh i gcaitheamh an achair. Bhrath mise go maith é. Bhí a fhios agam go raibh an t-airgead i gcúl a ghlaice aige, ach nach dtiúrfadh sé don fhear istigh é, go mbaineadh sé an méid sin cainnte amach. Diabhal mé muise gur beag eile sáraíocht a dhéanfadh sé nuair a mhaithfeadh an ceann istigh dhó é. B'fhearr leis a theacht len a raibh faighte aige, ná a bheith dhá mheárú fhéin
 
Bhí fásach san ngarraí sin lá Aonach na Faiche, ach sén chaoi a ndeachaidh sé ar gcúl ó shoin. Fuair sé an t-an-spalpadh, agus tá an talamh ro-éadtrom ann
 
fiach 2
Chuir an buille sin a fuair sé ón gcapall ar an leabhar ag an bhfiach dubh é. Tá sé ag dul ar gcúl ón lá sin. Déarfainn, ach grásta Dé gur beag eile de shaol atá aige. Thug sé uaidh go mór le cupla mí fhéin. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile anois
 
Tá an garraí siúd thíos snámhta ar fad. Tá fuarloch ar an gcúl thoir agus ar an gcurrach láir = é sceite; tuile air]
 
daba
Dhéanfadh sé dubhachan an tsaoghail, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páighe agam 'sa ngarrdha sin thiar anuiridh, agus b'éigin dom a bheith ag fuagairt air 'chuile mhionnóid, na dabaí móra roighne siúd atá 'sa gcúl láir a mhionnú. Dheamhan an láighe fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
Fuair mé daibéad de scraith aniar ar an gcúl agus fhobair gur bhain sí an mhothú asam. M'anam gur bhain faoi láthair
 
Tá muis agus daor-bhasctha go leor. Breathnuigh tusa ar an bpradhas a bhí ar bheithidhigh le linn an Chogaidh cheana. Dar ndóigh ní bheitheá in do sheasamh ar chlár an aonaigh an uair a bheidís fuadaighthe uait agus do leathchéad punt istigh i gcúl do ghlaice. Deirimse leatsa go bhfuil saothrú ar do leathchéad ar na h-aontaigh atá anois ann. Bhí siad a thrí oiread an cogadh cheana. Agus deir tusa in a dheidh sin nach bhfuil daorbhasctha dóibh. Mo chreach mhaidne do cheann
 
das
Tharraing mé das amuigh ar an gcúl láir isan ngarrdha sin thoir indiu, agus bhí cuasnóig fhataí faoi, agus gan oiread miaróige (méaróige) i gceachtar aca. Sin é anois a ndéanfaidh siad de bhiseach imbliana
 
Shíl mé nach raibh an oiread sin deacracht' san gcúl sin. Tá sé ag cínnt ort an láighe a chur thríd chor ar bith
 
Bainfidh mé deannach as an gcúl sin agad mara leigidh tú de'n mhadadh sin, agus gan a bheith ag siocadh leis. Nach diabhaltaí mór an t-iongnadh nach ndéanfá suaimneas uair eicínt agus gan a bheith ar an ámhailleacht chéadna i gcomhnuí
 
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mara mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agad dó, agus a shíneadh chuige ar an bpuínte boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana, in áit a raibh sé ag cinneamhaint dubh agus dubh air a láimh a chur in a phóca ag an mbrughadh. Thug S. Sh. Sh. a dhubhshlán. "Is córa dhuit go mór a gcoinneál dó" adeir sé, "agus gan muid a bheith annseo mar a bheadh 'matcheannaí' i mboiscín"
 
dris
Sin é an dris-chasáin má fhéadann sé tada a chur as daoib le amhlóireacht agus glaodhmaireacht. Ach ná tugaighidh áird ar bith air. Beidh sé ar an gceird sin le sib a chur dhá (bhur) mbuille. 'Sé a mbeadh uaidh, dhá bhféadadh sé sib a chur ar gcúl
 
droim
Thosuigh an capall ag dul ar gcúl agus níor chomhnuigh sí ariamh ariamh, gur chuir sí an carr druim ar ais síos ins an srutháinín atá chois an bhóthair. Fhobair gur bhasc sí í féin
 
Ní bhfuigheadh mo leithide-sa ach druim-dhiúltú ó'n sagart sin. Ach bheadh gnaoi thairis sin aige ar an té a mbeadh beann aige air: an té a bheadh ag sacadh corr-phunt isteach i gcúl a ghlaice anois agus aríst. Diabhal bréag nach maith spleádhach a bheadh sé leis an dream sin. Ach bíonn 'chuile shórt, adeir siad, ag luighe ar an lagar
 
druid 2
Nach ann a bhí na coiníní cupla bliain ó shoin, agus gan an ceann féin ann anois. Diabhal mé go mbíodh an áit seo druidthe leo roimhe seo, hébrí céard a chuir ar gcúl iad
 
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá annseo ag an dorus ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl ugam (agam). Bhí mé ingreim. "Ní theigheann tusa ag an Aifreann a Ph." arsa seisean. "Ní theighim le gairid a Athair S." arsa mise. "Ní airighim ar foghnamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad." "Níl aon-bhualadh suas ort le do chuid oibre" arsa seisean go beo droch-mhúinte. "Is beag a bhéarfadh orm snuim (snaidhm) de'n mhaide seo" — bhí maide láimhe aige — "a thabhairt ar na h-uileannachaí dhuit agus bheitheá buailte suas as na lámha cho maith le na cosa annsin." M'anam gur dhubhairt, agus go ndéanfadh. Bíodh 'chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is dóroinnighe agus is díbheirgighe é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
 
dún
Bíonn sé amuigh leis an réalt, agus ní fheicfidh tú isteach é ach le dúnadh na h-oíche. Dheamhan mórán dhá shlacht ar a gharrdha in a dheidh sin, shílfeá. Níl sé amach as an gcúl ó dheas fós, aindeoin é a bheith ag cur ann le coicís. Dar príosta dhá gcaithinn leis mar atá seisean, agus bheadh an baile dubhuighthe agam ó a thosuigh sé
+
Chuaidh sé ar gcúl
TUILLEADH (5) ▼
Is mór a chuaidh sé ar gcúl le goirid
Tá sé ag dul ar gcúl go mór anois
Tá an rabharta ag dul ar gcúl ó indé (fc. ar gcúl)
Ní raibh a dhul ar aghaidh ná ar gcúl aige. Bhí sé sáinnighthe
Ba fear i dteannta ceart mé. Ní raibh a dhul ar gcúl nó ar aghaidh agam. Bhí mé greamuighthe do bhall na h-áite