Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

béas (50+)

 
Diabhal pléidh a bhéas agamsa le scadáin le mo ló aríst. Feacha an bhail a chuir siad cheana orm … Beannacht Dé dhuit a dhuine sin. Chuir siad go doras an bháis mé. Scadáin lofa a d'ith mé. Agus níor ghlac mé éiseall ná a dhath leo agus mé dhá n-ithe. Ach ní íosfaidh mé aríst díobh le cúnamh Dé. An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air
+
Nuair a bhéas barr ar an gcruach seo gabhfaidh sé rite leis (an móin, féar, arúr etc.) earasbár ar bith a bheith ann = tada (den fhéar, den mhóin etc.) a bheith d'fhuílleach
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le fearasbár! Sílimse gur easbaidh a bhéas ort (easbaidh síolta) leis an ngarraí siúd a chríochnú
 
Thug sé feánach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! "Ara céard tá annseo", adeirimse. "Níl aon-ghloine agam", adeir sé. "Ól foracún agus nuair a bhéas do sháith agad sín agamsa é"
 
Fan istigh fhad's bhéas sé ag fearúint mur sin. Beidh tú cailltí má thugann tú an bóthar ort fhéin anois
+
fiar
Tá an-fhiar ó thuaidh le tabhairt don bhóthar ag an ngleann. Gabhfaidh sé isteach cúig nó sé de throithe ar chuid T. Mh. Nach hé a bhéas goilliúnach má chailleann sé mórán talúna. Ach céard atá ann ach leac?
TUILLEADH (1) ▼
Fág an claidhe beagán ar fiar mar seo nuair a bhéas tú dhá dhéanamh, i riocht agus go mbeidh casán isteach annseo agad. Níl maith ar bith dhuit é a leigint díreach
 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
 
Beidh fear fobhairne ag an sagart sin is chuile bhaile nó is cinniúint air é. Nuair a bhéas snaidhm ar bith air rithfidh sé go dtí iad seo go dtuga siad chuile scéala dhó. Is beag an néal ar an ógánach sin!
 
Sé cinn a fuair tú. Ní fuláir duit sin. Is beag a bhéas le reic agad ach a mbeidh ábhar dorais bainte asta
 
Ná bac le uair bhreá cho uain agus a bhéas an fothramán céatach seo ag cladaigh!
 
Hébrí cé a chuir suas leis an ngasúr an rud sin a rá is mór a bhéas le freagairt aige
 
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí san ngarraí seo thiar go ham dínnéir. Sé is freagraí dhom ó a bhéas orm aistear portaigh a dhéanamh in a dhiaidh sin
 
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bhéas de bharr do shaoil agad má lonnuíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dteigheann tú abhaile má tá aon-bhaile agad?
 
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bhéas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an tráigh = ag obair san gcladach a bhéas mé Dé Luain
+
Más ar t'fhágáil-sa a bhéas sé, tá faitíos orm go mbeidh sé ar deireadh
TUILLEADH (1) ▼
Mo choinsias ní fhágfaidh sé siúd é fhéin ar deireadh hébrí cé eile a bhéas siar leis
 
Níl a fhios agam a mbeidh a cuid gruaige cho fáinneach siúd aice nuair a bhéas sí scathamh i S. Gh. Bainfear obair aiste annsin. Dar fia is dona an mhalrait aice é, agus an cháil airgid atá uirre, a dhul ag pósadh isteach ar an mbaile sin
 
fáir
Séard atá a dhéanamh leis sin gan fáir ná freagra a thabhairt air ach cead a bheith aige ropadh leis. Nuair a bhéas sé tuirseach, eireóidh sé as uaidh fhéin. Má fhreagraíonn tú é, ní bheidh tú ach ag borradh leis
+
fána
Nuair a bhéas tú ag dul le fánaidh; bí san áirdeall ort fhéin go maith, mar níl aon-ghaisce ar na "brakes" sin
TUILLEADH (1) ▼
Caith ar an luighe theig í, nó go gcuireamuid cúrsaí isteach. Ní féidir tada a dhéanamh chomh uain's bhéas sí ag doirtim le fánaidh mar seo (an bád)
+
Is fánach anois a chuir mé amach mo phunt ar an dá channa sin, agus dheamhan liobar dhíob a bhéas le chéile bliain ó inniu
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach mar a bhéas an teach má imíonn sé sin = ní bheidh aon-fhorás ar an teach; teach gan forás a bhéas ann
+
féar
Sin é an fear nach leigfidh don fhéar fás faoin a chosa ag dul in a ghnatha dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bhéas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
TUILLEADH (3) ▼
Cén uair a bhéas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thóigfeas na daoine idir dhá am … Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
Tá moill ar mhóin shul a mbeidh sí le díol. Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás. Mara dteighe an uair ar thriomach thairis seo dheamhan fód móna a bhéas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Dar fia ná tabhair an píopa sin uait. Is féar tirm duit fhéin i gcomhnaí é. Má chailleann tú, nó má bhriseann tú an píopa eile sin, cén bhail a bhéas ort? Beidh: do mhéir a bheith in do bhéal agad. Tá píopaí in a n-ór anois
 
Míle buidheachas le Dia, níor thug mise an béasa sin abhaile liom chor a' bith. Mianach glan daoine a bhí 'mo mhuinntir-sa, igcomhnuidhe ariamh.
 
buille
Ní raibh a mhalrait de bhéas a' siubhal ariamh fhéin leo(b): buille na feill a thabhairt do dhuine gan aireachtáil — sin é a mbeadh uatha(b).
 
Bí 'san aireachas ar na fataí sin, agus tóg iad, nuair a bhéas siad cnag-bhruithte
+
Mara n-athruighe tú béasa, níl mórán gna(ithe) annseo agad = mara n-eirighe tú as a' bhfaisean atá ort etc.
TUILLEADH (19) ▼
Mara n-athruighe sé béasa, agus eirigh in am ar maidin, ní choinneo(cha) mise é (buachaill aimsire).
Mara n-athruighe sé béasa agus leigean de'n ól, is beag a' ghna(ithe) atá de theach aige.
Níl cuimniú 'bith féin aige béasa 'athrú.
Mara n-athruighe béasa dhíot, a bhfuil tú 'ceapadh go nglac(f)ar i dteach a' bith thú.
Mara n-athruighe sé béasa, tá gna(ithe) mhór de theach aige go deimhin.
Má athruigheann sé béasa, b'fhéidir go dtiubhraí áird eicínt air, ach dheamhan fhios agam.
D'athruigh sé 'béasa go mór, ó'n uair a bhíodh sé ag ól.
Athrócha tú béasa, nó fágfa tú an áit seo = athrócha tú t'fhaisean nó do chleachta, sin nó caithfe tú imtheacht as seo.
Baol ar siúd go deimhin béasa 'athrú: tá'n iomarca dúil 'san ól anois aige le eirigh as.
Is beag an baol air, béasa 'athrú: beidh sé ar a' gcóir céadna an fhad's mhairfeas sé.
Dubhairt sé liom mara n-athruighinn béasa go dtiubhradh sé bóthar na muice báine dhom
Ná taobhuigheadh sí mise níos mó, mara n-athruighe sí béasa agus í 'fhéin 'iomchur go caoitheamhail.
Mara n-athruighe tú béasa aige siúd, ní thiubharfa sé mórán ceathramhadh anama dhuit = ní thiubharfa sé móran áirleacain nó ionbhadh duit (ag obair dó etc).
Nach bhféadfá béasa 'athrú uair eicínt, agus gan a bheith ar a' táirm chéadna igcomhnuidhe.
Chuir mé aithne air, mara n-athruigheadh sé béasa, agus buille maitheasa eicínt a dhéanamh, nach gcoinneochainn lá ná leiceann thar a' lá cáirde é = chuir mé pearbhúl nó fainic air, mara n-eirigheadh sé as a' leaduidheacht a's as a' spreallaireacht, nach gcoinneochainn lá é, níos fuide ná'n uair a bheidheas a aimsir istigh.
Mara n-athruighe sí béasa, a's fanacht in éadan a cuid leabhar 'san oidhche, fharrus a bheith ag imtheacht a' guairdeall ar bhóithrí, ní dhéanfa sí aon-mhaith.
Caithfe tú athrú béasa a dhéanamh = caithfe tú do chuid béas athrú; caithfe tú eirghe as a' gceird atá ort (deirtear le duine olc, caithmheach, achrannach, leisceamhail etc é.)
Tá sé ar athrú béasa anois.
Bhí sé in am aige athrú béasa 'dhéanamh.