Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

béas (11)

 
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
 
Ní dea-bhéas a thógfas sé sin chor ar bith feicfidh tú fhéin air
 
Mura n-athraí tú béasa, tá faitíos orm, sábhála Dia sinn, nach í an dea-chríoch a bheas ort. Ná bac le inín ar bith a ghabhfas thar chomhairle a hathar agus a máthar. Ní hé bara a leasa atá fúithi
 
Mura ndealaí tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agat air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhroim. Rún atá agat mo bhruith agus mo loscadh. Chonaic mise gasúir ábhailleacha go minic ach ag an diabhal go raibh sibhse — crosaim aríst sibh! — sháraigh sibh a bhfaca mé ariamh
 
déan 1
Ní bheadh aon tsásamh aige ann, mura ndéanadh sé a dhá dhíol óil. Sin é an béas atá aige i gcónaí
+
deas 1
Is deas í dar fia, más in é a béas!
TUILLEADH (1) ▼
Nach deas an béas a thug tú faoi deara dhuit féin: a dhul ag athléamh ar na daoine. Tá an diabhal ag cur chathaithe ort
 
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach uileag ó dhíogha na L. Sin iad an t-uisce faoi thalamh. Is leat uileag iad nuair a bheas tú ag caint leo, ach chomh luath agus a iontós tú do dhroim, tosóidh siad ag ithe agus ag gearradh ort. Sin é a mbéasa. Bhídís ag coiriúint ortsa freisin. B'fhéidir nár chuala tú féin é, ach chuala tuilleadh é. Is maith a rinne tú é agus a bhfágáil ansin
 
M'anamsa má thaobhaíonn an duine uasal sin an teach seo feasta gurb í fáilte an doichill a bheas roimhe, agus ní thuilleann sé a malrait. Is beag an dochar dhó náire féin a bheith air: ag teacht isteach i dteach ar bith leis an méid a chloiseas sé ann a tharraingt go dtí an chéad duine eile agus a dhá oiread a chur air. Sin í a cheird muise. Nach gránna an béas é ag buachaill óg. Fhóbair mise an oíche cheana muise — murach gur casadh S. isteach — an bhróig a thabhairt dó. Ach bhí cás agam a dhul ag tosaí siúite ar bith agus S. istigh
 
Nach í atá dúnárasach anois nach n-inseodh duit go raibh sí ag dul ag pósadh, ainneoin chomh mór le chéile agus a bhí sibh. Tá béasa na gC. aici
 
Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scorachín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna