Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

béasach (9)

 
fág i
Shílfeá ó a phós sé go bhfágfadh sé na béasaí gránna sin in a dhiaidh = go ngabhfadh se ar athrú béasaí
 
baile
Tá béasaí an bhaile mhóir anois aige.
 
Tá béasaí a's bealaighe Sheáin Bhuidhe chomh bealthuighthe isteach i muinntir Chúige Uladh sin, a's nach dtiubhradh an saoghal Ádhaimhe ar slighe na Críostuidheachta iad.
 
D'athruigh béasaí na h-áite seo go mór, le tamall.
 
fleaim
Is fadó an lá nach raibh flam ar bith ann. B'fhéidir go ndeachaidh sé ar athrú béasaí. Ní bhíodh seachtain ar bith roimhe seo nach gcloisfeadh duine go mbíodh sé ag troid = duine tugtharach d'achrann; é leighe faoi anois
 
daba
Díogha ceart é sin agus 'chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an Tighearna sin a bhí i mbéal an dorais aca, agus tá a shliocht [orthu]: tá béasaí Shasana bealuighthe isteach ionnta, agus ní scarfaidh siad leo go luath
 
Tá chuile dhuine ag gabhail leis deá bhéasach. Ní bheidís aige siúd mara mbeadh. Thóig sé go bog múirneach, múinte iad. Tá a shliocht orra
 
Is diachta nach thoir ins an mbaile a d'fhan sé agus gan a bheith ag tarraint anoir annseo ag déanamh círthuaithbhill de'n teach. Beidh scéal aige lá eicínt mara n-athruighidh sé béasaí. Gheobhaidh sé an tsráid amach feicfidh sé féin air. Bíodh sé buidheach do Sh. nach bhfuil sí faighte aige cheana
 
díol 2
Ba díol náire a bheith ag breathnú orra, síos faoi chladaigh annsin anuiridh. Iad ag imeacht cho mí-chuí(bh)eamhail agus in a luighe ina srathradhachaí is 'chuile áit. Má's siúd é an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath, nó má's iad na béasaí a fheiceas muid aca annseo a bhíos aca i mBaile Átha Cliath, diúltaigheamuide dhó