Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bráideannaí (5)

 
bruach
Níl sé éasca chor a' bith na bruachannaí a leagan ann in áiteachaí. Tá bráideannaí fliucha ann, a's sé díol a' diabhail iad, le deacracht (féach "bráideannaí)
 
Is furasta leis daoine a fháil le dhul ag baint fheamainne agus dhá scaoileadh le gaoith. Má theigheann a mh'anam, beidh seisean ar thaobh an fhascadh. Dheamhan mórán foghail a dhéanfas seisean ar fheamainn = ní dhéanfaidh sé brí oibre, nó má níonn sí an obair is lú sclábhaíocht í. D'fhanfadh sé ar na bráideannaí tirme ag baint na feamainne agus thiúrfadh sé cead don dream eile iad fhéin a fhliuchadh
 
domhan
Níl aon-chladach faoi thalamh an domhain is fhearr bráideannaí gliomach ná an cladach sin thíos. Tá a chomharaidheacht len a chois. Nach bhfeiceann tú é druidthe le potaí?
 
Bhí a raibh de photaí gliomach ar na bráideannaí sin amuigh drad-líonta indiu. Ba diabhaltaí an foracún aca a bhí ag curachóirí na h-áite thiar
 
Ní bhainfidh tú mórán feamainne duibhe is na bráideannaí sin ar dhí thráigh meath-rabharta. Níor bhfuláir duit rabharta mór féin le aon-fhoghail a dhéanamh ann