Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drad-líonadh, Drad-líonta
+
Tá drad-líonadh maith ar an mála; nó: tá an mála drad-líonta = tá sé líonta ionann agus go drad, nó go béal
Bhí mála drad-líonta móna ag teacht anuas aige trathnóna. Duine eicínt a thug dó é de ghrádh diadha
TUILLEADH (8) ▼
Bhí an cléibhín drad-líonta aice le faochain
Bhí a raibh de photaí gliomach ar na bráideannaí sin amuigh drad-líonta indiu. Ba diabhaltaí an foracún aca a bhí ag curachóirí na h-áite thiar
Tabhair drad-líonadh ar an mbosca sin agus caith thuas aice é, má's rud é a chuirfeas ó bhánrán í. Tá sí ag fáil cuid is mó ná a thug sí dhuinn.
Bhí drad-líonadh maith ar an áit ag an gcéilidhe deireadh a bhí ann. Dheamhan a mbíodh aon-bhrigh daoine ann le fada roimhe sin
Ní raibh sé drad-líonta ná baoghal air agam an geábh deireadh, ach chinn orm a bhailiú an geábh roimhe sin in a dheidh sin
Tá drad-líonadh maith ar an scioból siúd aige le coirce. Diabhal mé gur shíl mé nach raibh mórán coirce aige chor ar bith imbliana, ach is cosamhail go bhfuil in a dhiaidh sin
Cuir drad-líonadh ar an mbuicéad sin anois. Ní fuláir do'n laogh siúd neart bainne. Laoighdín éidtreorach é
Teaga leis anois. Tá sé drad-líonta agad. Níl maith ar bith a chur thar béal

Féach freisin