Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

líon (58)

 
dalba
Is dalbaí an puicéara sagairt é le theacht ina líon beag ná mór. Go bhfóire Dia ar an té a chaithfeas a dhul isteach chuige ag iarraidh tada. Chuirfeadh sé an Naomh Peadar thar barr a chéille
 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
Ní fhaca mé aon dallarán ariamh ba mhó ná é ag dul chuig an scoil. Sháraíodh sé an máistir ceart. 'An bhfeiceann tú an ghruaig sin,' adeireadh sé. 'Ní raibh oiread agus ribe liath inti nó gur casadh thusa in mo líon'
 
de
"Deoch den uisce de bharr na líne a mbáitear ann an líon" (as Róisín Dubh. Bíonn an t-alt mar seo in áiteachaí nach mbeadh aon tsúil leis)
 
Níl rud ar bith a bhfuil an oiread deachmaíocht ann leis an móin ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú a dtéann amú dhi dhá cruachadh? Cár fhága tú an líonadh ar an lorry ansin agus an folú aríst, agus athlíonadh agus b'fhéidir an tríú líonadh. Bíonn sí mionnaithe go maith ach a mbíonn sí i mBaile Átha Cliath ar chaoi ar bith
 
D'íosfadh sé le gearblacht mar sin thú, agus shílfeá go mbeadh sé dháiríre. Ní fhaca tú aon duine ariamh a bhfuil cúl a chainte leis mar atá leis. Ach dhá dteagtá ina lín nó dhá n-iarrfá aon cheo air, dheamhan duine in Éirinn is soilíosaí ná é. Théis chomh hamscaí agus atá sé, tá dea-chroí aige ina dhiaidh sin.
 
deán
Cónaíonn an t-uisce i gcónaí sa deán sin amuigh ar an tsráid. Caithfidh mé a líonadh an geimhreadh seo chugainn má fhágann Dia an tsláinte agam
 
dearfa
Sílim nach bhfuil fear ar bith is dearfa dhom a dhul dhá líonadh aige (páipéar) ná an sagart. Maidir le na máistrí scoile sin, bíonn pus orthu leath na gcuarta má iarrtar tada orthu
 
Nuair a bhíos an teach deasaithe, bíonn sé mar a bheadh mogaill lín ann
 
deilbh 1
"Chuirfidís an t-íorna timpeall ar an gcrann tochrais, agus bheadh an crann tochrais ansin ag teacht thar timpeall — an líon dhá thochras agus ag teacht leo ar cheirtlíní. É a dheilbh ar chrann ar nós flainín ansin. Chuirfí ag an bhfíodóir é agus dhéanfadh sé píosa dhó … " (Sliocht as cuntas faoin líon ó m'athair)
 
Níl trácht ag aon duine ar boxty ar na saoltaí deireanacha seo, théis nach mbíodh seamsán ar bith ann fadó ach é. Ba bhreá é freisin le bolg duine a líonadh
 
Ba cheart duit an áit sin a dheisiú amach ceart: na clocha sin a bhaint, na logáin sin a líonadh agus crainnte a chur ann
 
dia 1
Ba ghearr a bhí an lorry dhá líonadh, go lige Dia slán na daoine!
 
Thug sé mo dhícheall dom an mallach feamainne sin a líonadh ag an láimh atá agam
 
Is olc an oidhe ar an gceann céanna aon dídean a thabhairt dó. Dhá gcastaí muid ina líon, is maith daoithiúil a bheadh sé
 
díle 1
Tiocfaidh an díle feamainne anois ar an ngaoith seo. Líonfaidh na caltaí isteach ar fad. Gheobhaidh mé an oiread anois agus a sheanleasós Garraí Ú. Mh.
 
Shílfeá go bhfuil an bag dingthe. Duine eicínt a shuigh air sa mbus. Sea go siúráilte. Duine ar bith atá ag traibhléaracht mar sin aimsir na Nollag, is deacair dó rud ar bith a thabhairt slán. Bíonn busannaí agus traentachaí líonta go drad
 
Má tá tú ag iarraidh éisc ar fónamh, ceannaigh trosc nó langa — iasc mór eicínt. Maidir le na ronnachaí agus na faoitíní sin, níl iontu ach an díogha. Líonfaidís do bholg agus is anlann iad mura mbeidh bealtaíocht ar bith eile agat, ach má bhíonn, níl tú ach ag cur do ghoile amú lena dhul dhá n-ithe
 
Déan deabhadh anois má rinne tú ariamh é. Is gearr nach léir duit do láimh. Tá an lá ag diúltú dhá sholas cheana, agus níl siar ná aniar ann an tráth seo bhliain. Dhá mbeadh an lorry líonta againn ó sholas, níor chás dúinn é. Níl muid ag iarraidh fearacht Sh. Ph. Mh. a dhéanamh leis: spadalach agus scrathachaí agus clocha a thabhairt dó de shiúl oíche!
 
dlaoi
"Bheidís dhá bhualadh ar an talamh ina dhlaoitheachaí nó go ndéanfaidís a lagachan le tuairgín lín — na dornáin scaoilte istigh acu ar an urlár. Nuair a bheadh sé lagtha, thugaidís leo é agus d'fhaighidís cathaoir agus leagaidís ó dhlaoi go dlaoi ar shlinneán na cathaoireach é, agus iad dhá bhualadh le slis scuitseála agus sceamh ar chaon taobh di mar a bheadh bois maide rámha. Bhaineadh an scuitseáil an síol agus eile as" (giota as cuntas faoin líon a fuair mé ó m'athair)
 
dlúth 1
"Cosamar an lín: barrach. Sin é an rud a bhaineas an tlú gairmit as an líon. Shníomhtaí an bharrach le tuirne olla, agus dhéantaí snáth di. Inneach a ghnídís den bharrach, agus ansin dlúth olla a chur air, agus é a dheilbh, agus uige a dhéanamh dhó (dhe) agus a thabhairt chuig an bhfíodóir lena fhíochan. Dhéanfaí píosaí dhó ar nós flainín. Nuair a bhíodh fite dhó, ghnítí súsaí dhó le caitheamh os do chionn sa leaba. 'Sé an t-ainm a bhíodh ar na súsaí sin "líon agus olann". B'fhearr ceann acu ná trí phluid. Bhídís buille garbh, ach má bhíodh fhéin, dhá mbeadh ceann acu ar an leaba, thiocfá le pluid amháin agus é." (giota as cuntas faoin líon ó m'athair)
 
dóigh 1
Chuaigh sé síos tigh J. le páipéar dole a líonadh. Diabhal bréag muis nárbh olc an dóigh. Chreidim dheamhan smid scoláireachta i bpluic aon duine dhá bhfuil ansin ach an oiread leis féin. Shílfeá sa mí-ádh, go mbeadh duine eicínt ní ba ghaire do láthair dhó lena líonadh ná an baile seo. Ach cheapfainn go (gur) le grá don chuartaíocht a chuaigh sé ann
+
doirb 1
Nach diabhlaí nach líonann na beithígh sin aige agus iad ag ól an uisce sin atá sa lochán mór. Tá sé beo beithíoch le doirbeachaí. Ní bhfaigheadh beithígh eile a leathoiread tsiocair agus bheidís líonta chuile lá san aer. Ach an té a mbíonn an t-ádh air féin, bíonn sé ar a chat agus ar a mhadadh. Chonách sin air! Ní mór linn dó
TUILLEADH (2) ▼
Má tá sí líonta, ní doirb a ghlac sí. Níl doirb ag gabháil le na garrantaí siúd agus ní raibh ariamh. Rud eicínt eile atá uirthi. Téadh sé faoi dhéint dhochtúr na mbeithíoch agus ná ligeadh sé chun moille é ach an oiread
Tá na poill chriathraigh sin faoi dhoirbeachaí as cnáimh éadain, ach dheamhan thairis sin de dhochar iontu. Dhá mbeadh an-spalpadh ann sa samhradh, d'ólfaidís deochannaí iontu, ach ní líonann siad an-mhór ina dhiaidh sin. Scaití. Téann sé an-dona do chuid de na beithígh thar a chéile
 
dol 1
Bhí an líon ag an dream sin as Gaillimh a bhí ag saighdeadh na habhann anuraidh. Chuala mé gur thug siad dhá chéad bradán leo d'aon dola amháin. Nach beag an rath atá ar do lucht aitheantais, nach mbuailfeadh amach oíche eicínt agus an cleas céanna a dhéanamh. Ba chuma dóibh cén chaoi a dtiocfadh an bhliain ina dhiaidh
+
Bhuail muid amach ag dolaíocht le líon scríbe. Bhí an-airdeall ag na maortha ar an abhainn an t-am céanna, ach dhá fheabhas dhá raibh siad ar a maidí, thug muid os cionn leathchéad uathu. Níor dhrochdhol ar bith é aon uair an chloig amháin
TUILLEADH (1) ▼
Dá seadaíodh sé an chochallóireacht, bheadh rud dá barr aige, agus ní istigh ar thóin an phríosúin a bheadh sé inniu. Ach bhí an iomarca sainte san airgead aige agus chuaigh sé ar dholaíocht agus sin é a d'fhága a chosa nite. Is beag is ionann an faire atá ar na srutháin agus an faire atá ar an abhainn. Ní chorródh an t-éan — ní áirím fear agus líon aige — ar an abhainn, nach mbíonn sé braite ag na maortha, nó mura mbíonn, is furasta dóibh scéala a fháil air
 
Chonaic mise iasc glas istigh ansin thíos bliain. Bhí líonta cléithe agus camógaí agus chaon tsórt againn ina n-éadan. Tháinig siad aníos chomh fada faoi dheireadh agus faoi dheoidh, agus nach raibh ort ach seasamh sna locháin, agus a bheith dhá gcaitheamh thart suas ar an talamh tirim le dóláimh. Ní fhaca mé a leithide de chaoi orthu ariamh. Tá sin anois cheithre bliana fichead go ham seo
 
Is furasta dhó obair a dhéanamh agus nach mbíodh dhá dhornán aige i chuile bheart dhá dtarraingíodh sé. Ní hé sin do P. é. Ní ina dhornáin a líonadh sé an beart, ach ina stucaí
+
drad
Líon an citil go drad anois. Beidh tae ag teastáil ón gcuid eile freisin
TUILLEADH (3) ▼
Líon an pionta sin suas go drad. Tiocfaidh taoscáinín eile ann
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan brách óil inniu. Bhí an-mhathslua ann
Ná téirigh go drad leis an bpíopa sin dhá líonadh. Tá smúdar beag anseo agam a chuirfeas mé ina uachtar
 
dreas 1
Bhuailtí dreasannaí móra air ansin soir fadó, ach ní bhíonn a aghaidh ann chor ar bith anois. Buaileadh an oiread air oíche amháin agus a bhuailfí ar dhual lín, agus diabhal mé go ndeachaigh sé ann aríst ina dhiaidh sin
 
droch-
Drochmhaistín é le theacht ina lín (líon?)
 
Bhí bó againn anseo agus 'sé an t-ainm a bhí uirthi Droimín. Togha bó bhainne a bhí inti. Líonfadh sí cíléar le bainne dhá ceann. Ní fhaca mé a sárú ó shin, ná ní dóigh go bhfeicfead ach oiread
+
dual 2
Ní mór don tsnáth lín a bheith ina dhuailíní lena dhul sa seol — ceann an tsnátha a cheangal suas agus slat nó maide a chur thríd. Déantar le snáth ar bith é a bhíos sa seol ach go gcaithfidh sé a dhul thríd an tslinn agus thríd an uaim i dtosach sula gcuirtear ar an ngarmain é
TUILLEADH (10) ▼
An bhfaca tú ariamh dual lín dhá bhualadh. Chaití é a bhualadh ar nós coirce le na coilg a bhaint as
Buaileadh an oiread air agus a bhuailfí ar dhual lín — fuair sé tuirne Mháire
Buailfidh mé an oiread ort agus a bhuailfí ar dhual lín mura n-éirí tú as do chuid aisiléireachta
Shílfeá gur dual lín a bhí aige leis an lascadh a bhí aige air
Tá máistir ansin thoir agus dheamhan aithne air nach duail lín a bhíos aige le na gasúir leis an ngreadadh a thugas sé orthu
Cén sórt bualadh atá agat ormsa. Dheamhan aithne ort nach dual lín atá agat ann!
Ní bhuailfeá a leathoiread ar dhual lín agus a buaileadh air sin, ach má buaileadh féin, ba bheag an mhaith sin. Níorbh fhéidir an ábhailleacht a bhaint as
Sin é agat ansin anois é, agus lasc leat é mar a dhéanfá le dual lín. Dheamhan an miste liomsa anois má ghiorraíonn tú leis. Bíodh a mhilleán ort féin
Maraíodh é sin ariamh. Fuair sé an oiread de chartadh uathu sin soir agus nach mbeadh capall, ní áirím duine, beo ina dhiaidh. Nach mbíodh sé mar a bheadh dual lín acu agus chuile dhuine agus a iarraidh féin air, agus nuair a bheadh duine réidh leis, d'ionsódh an ceann eile é
Diabhal aithne air nach dual lín é an bicycle aige le na hiarrantaí atá sé a thabhairt dó. Chuile uair dhá mbuaileann an cantal é gheobhaidh an bicycle pléisc
 
Níl aon bhradán ann anois, nó má tá 'sé cuid an bheagáin é. Tá siad ardaithe leo ag dream na Gaillimhe le na líonta móra. Cén mhaith dhuit a bheith ag caint? Chaith mé dhá oíche anuraidh le duántacht amhrais i bPoll na hEasa. Dheamhan a shúil a thug mé as ach ceann. Agus m'anam go raibh siad ann! Ach ní bhuailfeadh aon cheann mé. Shílfeá gur fios a bhí acu
 
dúil
An raisín sin a d'ith mé scaithín ó shin, bhain sé an dúil asam go bhfeice tú an tráthnóna. B'fhearr do dhuine a bhéilí a chaitheamh go breá ceart, ná a bheith ag ithe leidhcí mar sin chuile phointe. Líonann siad do ghoile, ach mar sin fhéin, ní bhíonn duine sách acu
 
duine
Chuaigh sé thart leis an tobac ó dhuine go duine nó gur líon chuile fhear a phíopa as
 
Dheamhan cuma máistir scoile chor ar bith air siúd. Níl ann ach codladh ina dhúiseacht ag imeacht. Deir siad go líonann na malraigh a chuid pócaí le méarógaí. Níl ceannchroim ar bith orthu ar aon chor ó tháinig sé ann
 
Is dóigh gur fadó cheana nár ól sé aon deoir tae agus chomh dúlaí ann agus a bhí sé. Líon mé an muigín dó go buinne bruach ach má líon féin ní raibh aon fhuílleach ina dhiaidh … Tá an náire caite i gcártaí ar an saol seo
 
dún
Tá an píopa seo dúnta ar a chéile uileag cheal a charta. Caithfidh mé scian mhaith ghéar a fháil, agus a shnoíchan amach. Mura ndéanad, cinnfidh orm a líonadh go gairid
 
Ní raibh maith ná maoin leis ag obair. Bhí muid thiar ansin thiar ar bhóthar Sh. Chuaigh mé faoi bhara leis. Luchtaigh siad an barra dúinn beagán thar an gceart, más leisean a fhéachaint é, nó nár thug siad faoi deara é agus iad dhá líonadh. Chuaigh mé féin ina ceann agus eisean i ngabhal an bhara. Dheamhan a corraí den talamh a dhéanfadh sé, dhá gcuireadh sé an dúradán dubh a bhí ar a phutóig amach léithe. Ar ndóigh, b'fhéidir go mba bheag dá chuid rístíochta é ach an oiread le scéal
 
Ní théann na fataí rómhaith dhom agus sin é an fáth nach ndrannaim leo. Líonann siad suas mé agus caithim an lá ag brúchtaíl ina ndiaidh. Cuireann siad coiliceam orm scaití freisin
 
Téirigh go beairic leis an bpáipéar sin. Theastódh a líonadh
 
Is mór an díol trua í gan duine ar líon na gCríostaithe aici le súileoig fhataí a chur. Ba mhór an trócaire do bheirt nó triúr agaibh a dhul cupla lá léithe agus an póicín fataí siúd a chur di. Ní bheadh sibh aon chupla lá leis chor ar bith