Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
leathdhíol
+
Níl mo leathdhíol siúcra anseo
Céard atá tú a rá. Níl a leathdhíol feirge ann agus an áit a bhfuil sé
TUILLEADH (6) ▼
Níl a leathdhíol oilc ann. Dá mbeadh agus an spreacadh atá ann bail ó Dhia air, dhéanfadh sé ár
Ní itheann duine ar bith anseo a leathdhíol gabáiste. Dhá n-itheadh, b'fholláine a bheidís ná atá siad
Ag iarraidh an talamh a roinnt ar an mbeirt mhac agus gan leathdhíol duine cheana ann!
Níl do leathdhíol foighde agat. Nach bhfaighidh tú anois é
Níl sé ag fáil a leathdhíol le déanamh. Sin é an macnas atá ar an asal sin
Níl a leathdhíol foghlama air le aghaidh posta mar sin. Breacfhoghlaim mór nach foláir d'fhear fataí a bheith air a mhic ó

Féach freisin

leathdhíol in iontrálacha eile (3)

 
díol 2
Is mór an díol náire é an rúisc de mhadadh sin. Dar leat féin nach bhfuil sé ag fáil a leathdhíol le n-ithe. Dá mba é an duine ba mheasa leat beo é a bheadh istigh sa teach, ní chónódh sé go leagadh sé a chrúib thuas ar an mbord. Sibh fhéin a mhill i dtosach é nuair a thug sibh faisean dó a bheith ag tógáil giotaí aráin de chorr an bhoird
 
dóigh 1
Is olc an dóigh a dtáinig tú san áit seo más ag iarraidh feamainne atá tú. Dheamhan a leathdhíol féin ag aon duine anseo. Ach b'fhéidir, dá dteannthá siar scaitheamh go bhfaightheá feamainn tirim ar an bP.
 
droim
Tá a bholg thiar ina dhroim. Is cosúil nach bhfaigheann an duine bocht a leathdhíol le n-ithe. Nach bhfuil lán púirín na hátha de mhuirín air. Caithfidh fear na muiríne móire an greim a bhaint as a bhéal féin i gcónaí lena chur i mbéal na bpáistí. Deir siad nár bhris cearc an áil a heagán ariamh