bróg (50+)
→
fara
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
→
fios
Breá nach mbeadh fios do ghnatha agad thairis sin. A dhul ag tabhairt tairní cruithe capaill leat nuair a bhí agad táirní cruithe bróg a thabhairt leat. Tá tú in do cheann ar bior
→
focal
Dúirt sé liomsa go raibh sé le bróga a fháil go goirid, fiche péire nó mar sin, agus chuir mé focal ar phéire = dúirt mé leis péire a choinneáil dom, agus go gceannóinn iad nuair a gheobhadh sé iad
→
froigisí
Is iontach an lear frugaisí atá san seomra siúd aice. Is seomra urnáilte é. Ní leigfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
→
féarach
M'anam go bhfeicfidh tú nach mbeidh B. tada siar leis. Íocfaidh duine eicínt an féarach. Airgead na n-óinseach, adeir siad, a choinníos bróga ar bhean an phíobaire. Má chuaigh sí sin faoi chostas óil, bainfidh sí siar as duine eicínt eile é. Beidh sí gnóiteach leis, creid mise dhuit ann
→
caothach
Bean idteannta í, muis, má bheireann na caethachaí báithte siúd ar na leithscéil de bhróga atá uirre. Cé'n bhrigh ach na sála corracha atá orra(b). Ionntócha sí orra(b) ar a' gcéad tulchán a chasfas léithe.
→
ceal 1
Is fadó an lá a chuirfinn tosaigh ar na bróga sin, marach cheal gan fad méire de cheap agam, le tada a dheanamh.
→
cinnire
Tá Dia go maith faoi thrócaire ceart go leor, ach ní fhaightear bróga gan airgead. Maran dúil le duine fhéin maith eicínt a chuir air fhéin, ní fhéadfadh Dia ná duine é 'dhéanamh dhó. D'orduigh cinnire congnamh, bíodh fhios agad.
Is minic le lucht na dtamhnach sin a bheith cos-nochtuighthe. Dheamhan bróg a bhío(nn)s orra(b) sin leath na gcuarta. Cé'n ghna(ithe) a bheadh de bhróga aca(b) a' spágáil thrídh phuiteachaí.
→
baorsa
'D'eirigh hAirt le buile a's le baorsa; A's níor fhan sé fad staire, gur fhiafruigh sé dhíomsa; 'B'fhéidir gur spailpín as Conndae na Midhe thú; A ghoidfeadh mo chóta, mo bhróga a's mo bhríste'; A's ochón!' (As "h-Airt Ó Ceallaigh" — Amhrán a bhfuil eolus maith air, faoi Chonamara, ach a mbraithfeá Ultachas ann)
+
→
buadán
Chuireadh muid buadáin fadó ar na bróga, aimsir sheaca — súgáin thuighe, píosa mhálaí, nó rud a' bith ba thúisce aghainn. Choinneochaidís ó sciorradh thú ar a' leic oidhre.
TUILLEADH (4) ▼
Dhá gcuirtheá-sa buadán ar do bhróga, mise imbannaí, nach sciorrfá.
Tá'n bóthar chomh sleamhain le gloine, arae tá sé faoi reothalach as éadan. Má's leat a dhul i gcoinne fataí, níor mhiste dhuit buadán a chuir ar do bhróga, nó bascfaidhear thú ar na leacrachaí siúd.
Ar a' dá luath, a's a gcaithfe sé glasrú (glaisreodh) a' bith seaca, buailfe sé suas buadáin ar na bróga. Ach (d)ar ndú (dar ndóigh) ní mór dhó sin, a's chomh trom-chosach, mío-stuama a's tá sé ar na buínn.
Ní leagfaidhear é siúd, má dhéanann buadáin dó é. Tá trí nó ceathair de strácaí casta ar a chuid bróga aige.
Thóig na bróga nuadha léasrachaí ar mo shála, a's tá mé buailte suas sa siubhal ar fad le seachtmhain = níor fhan aon-tsiubhal agam le seachtmhain.
→
buanadas
Is beag a' bhuaineadas na bróga seo. Níl díon deor ionnta(b) cheana, scáth an t-achar agam iad.
+
→
buinne 1
Má thugann tú an bhróig sin chuig an ngréasuidhe, cuirfe sé buinne isteach annsin duit a líonfas suas é. 'Sé'n truaighe na bróga sin a leigean i léig, arae tá uachtair mhaithe orra(b) fós.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan díon deor 'sna bróga seo, ó cuireadh tosaigh orra(b) go h-áithrid. Is beag a' mhaith tosaigh a chuir ar a leithidí, má bhíonn na buinn scartha chor a' bith. Níor mhór buinnidheachaí a chuir ionnta(b) in aice sin."
→
anachain
D'eirigh mé ar maidin agus chuaidh mé 'na n-aonaigh mhóir; a' díol a's a' ceannacht mar chuaidh na seach(t) sínnsir rómham; Casadh bean ar a' mbealach liom agus chuadhamar le chéile ag ól; a's ní comhaire(amh) na h-anachain é, d'ólamar luach na mbróg (an chéad cheathramha de "Táilliúr a' Mhaga" mar atá sé ag Beairtle Ruadh Ó Flaithbheartaigh, Camus, ach ní sa n-amhrán sin a bhíos sí i gcomhnuidhe)
+
→
athraigh
Chuir sé athrú bróg air fhéin etc = malrait bróg.
TUILLEADH (1) ▼
Fágfa mé orm na bróga seo, mar dheamhan a n-athrú agam.
'Bhfuil cainnt a' bith go dtiocfa bróga anuas aon-cheo go goirid, mar is géar a theastóchadh péire maith uaim, leis an ngeimhreadh seo 'bharraidheacht.
+
→
Fionn 1
Le sioc tús oíche a dhíol Fíonn na bróga (agus le sioc deireadh oíche a cheannuigh sé aríst iad) = ní buan é an sioc tús oíche; má shiocann sé tús oíche, beidh báisteach ann roimhe mhaidin. Bhí a fhios ag Fionn nach mbeadh gádh le na bróga aige agus sioc tús oíche a bheith ann, ach leis an sioc deireadh oíche, thuigfeadh sé go raibh an aimsir ag dul ar chrúas
TUILLEADH (3) ▼
Caithfidh sé tuairt roimhe mhaidin. Is furasta aithinte air é. Sioc tús oíche i gcomhnaí. Le sioc tús oíche a dhíol Fíonn na Bróga
Le sioc tús oíche a dhíol Fionn na Bróga agus le sioc deireadh oíche a cheannuigh sé aríst iad. Sin é a fhearacht ag an oíche anocht é. Tiocfaidh sé in a bháistigh. Bhí glaisriú seaca caite aige anocht shul a ndeachaidh an ghrian faoi. Tá sé ar a táirm fós, ach m'anam gur ag sioc as smúit atá sé anois. Smúit bháistí í sin. Níl oiread agus an réalt ar an aer.
Is aisteach na goití atá an aimsir seo a chur di fhéin. Níl oíche ar bith nach mbíonn sioc ann in ucht am suipéir agus báisteach as sin go maidin. Tá sé amhla aríst anocht. Cho siúráilte leis an saol déanfaidh sé scáird eicínt anocht aríst. 'Ar ndú' le sioc tús oíche a dhíol Fíonn na Bróga. Ní raibh néal ar bith air. Bhí a fhios aige nach cruas a bhí air
Tá fraighfhliuchas beag in mo bhróga. Nach dona iad, agus gan iad ach mí ceannuithe, agus mo cheithre leóta puint a leagan amach orra!
Duine fóinteach é B. le bheith ag áirneán agad. Deasóidh sé bróga agus ciseóga, agus má siad na stocaí fhéin iad, meastú nach bhfuil sé indon lúib a thógáil orra.
+
Tá na bróga a' leigean isteach = tá siad ag déanamh uisce.
TUILLEADH (1) ▼
Níl deor amuigh ná bhfuil leigthe isteach ag na bróga seo = níl déanamh deor ionnta(b).
+
→
íochtar
Íochtar na bróige = bonn na bróige
TUILLEADH (2) ▼
Tá na h-íochtair caithte ar mo chuid bróg = na buinn.
Bhí na h-íochtair is measa a chonnaic mé ariamh ar na bróga sin.
Sin é an chaint a bhí uirre muise, gur thug sí luach deich bpunt de shean-éadaigh agus de shean-bhróga do bhean an tincéara. Dhá mba duine floscuithe mise, séard adéarfainn léithe gurb í mo mháthair a choinnigh éadach uirre, nuair nach raibh falach aice le cur ar a craiceann. Ach tá na caisleáin ag tuitim agus na carn aoilíochaí ag eirí
+
→
folach 2
Dheamhan tiomanta falach (stiall) de mo bhróga le chéile anois. Ba dona iad, agus ar tharraing siad d'airgead
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé gan falach bróige ná stoca = coisfirt ar bith
→
feasta
Tá tú gan bróga feasta choíchin? Agus gur gearr go dtosaí tú ag cúirtéaracht. Gabh abhaile agus abair go ndó tú an teach mara gcuire siad péire bróg ort!
+
→
feire
Sin é an buille! Níl a fhios agam an féidir aon-chaoi a chur uirre. Tá an feire caite (bróig). Bróga ar bith a mbeidh na feirí caite ionta, tá siad ó chaoi. Mara dtugthá ag gréasaí í. Bíonn sceanna feirí agus deiseannaí aige-san …
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le bróga an tsaoil seo. Ní fiú trumpa gan teanga iad. Imeacht ó na feiríochaí a níos siad ar fad
Tá mé caillte ag na bróga seo leis an bhfuaireacht atá ionta. Dheamhan a fhios agam nach bhfuil siad ag leigean isteach dhá laghad an t-achar agam iad
Tá fuarloch ar an mbóithrín annseo thíos. B'éigin dom timpeall a chur orm fhéin siar an garraí le theacht abhaile, arae níl díon deóir in mo bhróga
→
damnaigh
Tá mé damnuighthe ag bróga cumhanga atá do mo thógáil. Tá léas tóigthe aca ar 'chaon ladhairicín liom, agus ní mó ná go bhfuil siubhal an bhealaigh ionnam aca. Ach is ceart do na daoine a bheith buidheach agus a bhfáil mar sin féin agus cho gann agus atá siad ar ala na h-uaire