→
bruach
bruachannaí (47)
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí san ngarraí seo thiar go ham dínnéir. Sé is freagraí dhom ó a bhéas orm aistear portaigh a dhéanamh in a dhiaidh sin
→
caolóid
Níl aon-ghna(ithe) a' leagan bruachannaí aige, arae ní fhágann sé leithead slaite de chaolóid ann.
→
cuideáin
Bhí fámuire thart annseo sa samhradh a's go deimhin ba éan coideáin críochnuighthe é. Dhá bhfeictheá chomh buidhe chomh bealthuighthe a's 'bhí sé, a's na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhightheach eicínt é. Bhí an-chanamhaint air freisin.
+
→
bruach
A' leagan bruachannaí atá sé ar an aimsir seo = (in áiteacha nach dtreabhtar a' talamh, a's a mbíonn sé in iomrachaí, cuirtear leiceann na h-iomaire luirg nó ithreach ar chaon taobh isteach sa gclaise le láighe, a's fágthar caolóid nó lorga caol aon-spreab ina seasamh ar feadh croidhe na h-iomaire. "Leagan bruachannaí" nó "múchadh na talmhana" tugtar ar an obair sin. Faoi chomhair coirce a leagtar bruachannaí. 'Sa ngeimhreadh nó idtús an earraigh a déantar é, i riocht's go mbeadh fáill ag a' sioc, an ithir támáilte a bhrioscú. 'San Earrach nuair a bhítear a' cur a' choirce spréidhtear an chaolóid isteach ar a' gclaise).
TUILLEADH (37) ▼
Ar leag tú an bruachannaí fós?
Caithfe mé lá a thabhairt dhó a' leagan bruachannaí.
Níl obair a' bith is fusa ná bruachannaí a leagan.
Ní lá maith a' leagan bruachannaí é an lá indiu. Tá'n chreafóg ro-thámáilte, th'éis na báistighe.
Tá sé thar am na bruachannaí a leagan. Ná bac le duine a' bith nach mbeidh siad leagtha aige roimh an sioc.
Sin é an stócach cruadh fáiscthe. Chonnaic mé thíos annsin é, an lá faoi dheire in éindigh len' athair a' leagan bruachannaí, a's inDomhnach, leag sé bruach ar a' mbruach leis.
Níl sé éasca chor a' bith na bruachannaí a leagan ann in áiteachaí. Tá bráideannaí fliucha ann, a's sé díol a' diabhail iad, le deacracht (féach "bráideannaí)
Cá'ide go dteighe tú a' leagan bruachannaí, faoi na bheith slán duit?
Is olc a' fear é a' leagan bruachannaí. Cuireann sé an bruach isteach ar a' gclaise ceart go leor, ach ní mhínigheann sé na spreabannaí chor a' bith. Is cuma leis é, ach rith air, chomh maoilscríobach a's fhéadfas sé.
Ní fhéadfainn aon-bhruach a leagan faoi chladach fós. Tá na clascannaí lán le uisce suas go bruach, a's má theighim a' leagan bruachannaí ann, cothócha an t-uisce in íochtar.
Fág na bruachannaí mar sin, go bhfagha tú aimsir chóireamhail. B'fhearr dhuit a dhul a' cur amach fheamuinne indiu.
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid a' bith 'na ndiaidh. Is fusa an ithir a spréidheadh mar sin, má's fíor dóib fhéin.
Tá go leor bruachannaí beaga ann.
Tháinic go leor uisce ó na súile idtosach. Bhídís a' rith igcomhnuidhe. Annsin, tháinic bruachannaí orra(b), a's d'eirigh siad an-tinn.
Tá bruachannaí ar a bhéal = fonnsaí móra a thaga(nn)s ar bhéal daoine amanntaí
Bhí na bruachannaí sin a' rith leis a' dream sin uileag.
Tagann bruachannaí ar mo bhéal igcomhnuidhe le fuacht.
Níl a' chainnt a' teacht liom ceart chor a' bith ag na bruachannaí seo atá ar mo bhéal.
Briseann a bhéal amach a's tagann bruachannaí air i gcomhnuidhe, an t-am seo 'bhliadhain.
Tá mianach bog eicínt is chuile dhuine de'n dream sin. Maran bruachannaí ar a' mbéal é, is briseadh amach a's nioscóideachaí a's guiríní é.
Níl aon-uair ó gortuigheadh mé fadó, nach mbriseann mo bhéal amach, a's nach ndéanann sé bruachannaí, má fhaghaim tsiocair (siocair) fuaicht a' bith.
Is gránna iad na bruachannaí céadna, ar mhná go h-áithrid.
Tá an lot seo a' déanamh bruachannaí anois.
Is bocht a' chois atá aige anois. Tá feoil bhroc-lobhtha in a bruachannaí timcheall ar a' lot. Shílfeá nach bhfuil cuímne 'bith cneasú fós aice.
Ní thaithnigheann na bruachannaí sin liom. Dar príosta tá máthair a' droch-ádhbhair istigh fós.
Tá'n lot in a charra fré chéile anois, le na bruachannaí atá 'teacht air. Dheamhan bréag nach ar a' láimh atá an droch-chosamhlacht.
D'eirigh gearradh beag de mo chois. Shílfeá narbh fhiú biorán é. Ach a mhic ó, shéid sé suas, a's rinne sé bró-bhracha. Tháinic bruachannaí annsin air, mar bheadh ainfheoil ann. Is mé a shaothruigh é, igcaitheamh coicíse, gan néal a chodladh.
Má airigheann tú aon-sámhas 'sna bruachannaí sin, tá aice: a' cneasú atá sí.
Sin é do mhaith má tá díocas tochais, 'sna bruachannaí sin. Fuiling é, a's ná scríob é.
Rinne an fheoil fínniú idtosach, a's lobh sí ar fad annsin. D'eirigh bruachannaí timcheall ar a' ngiodán a raibh an dochar ann, a's chuaidh sé in óthras. Shíl mé nach gcneasóchad sé chor a' bith, bhain sé an fhad sin asam.
Is deacair aon-cheirín a chuir léithe, a's na bruachannaí sin uirre.
Is aisteach na bruachannaí atá ar an lot sin. Shílfeá gur lannaí iad.
Níl aon-cheo feoil bheo 'sna bruachannaí sin; ainfheoil lobhtha iad.
Ná bí a' priocadh chor a' bith léithe, nó má tá indán's go mbainfe tú na bruachannaí sin dhi, gheobhfa sí rud le déanamh a's cneasú, go goirid.
Dheamhan dochar é 'bheith a' déanamh bruachannaí. Déanann chuile lot iad sin, má's droch-lot é.
Imtheocha na bruachannaí sin lobhtha dhi, a's cneasócha sí annsin. Ach ní mór dhuit foighid a bheith agad.
Coinnigh clúduighthe í, a's cuir neart ceiríní léithe. Má theigheann a' salachar 'sna bruachannaí sin, déanfa sí bró thínn (thuínn?) ort.
Níl an nioscóid sin cneasuithe. Anfheoil í sin uirre. Brisfidh sí amach aríst. Tá bruachannaí uirre
→
puca
Rinne sé puca dhíom ag leagan bruachannaí — beirt fhear ag coimhlinnt ag leagan bruachannaí, agus thug duine díobh a sháith go binn le deanamh do'n duine eile = ("Rinne sé puca dhe")
→
drabhlás
Cé'n drabhlás a bheadh ionnta — scriocháin (creacháin) mar iad — agus go sluigfeadh dreoilín 'chuile cheann aca. Na fataí a bhí ingarrdha an tsléibhe bheitheá sáthach ag trí cinn aca, ach an ghrifisc a bhí annsin thoir níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mheath féin dá mbaint chor ar bith marach go gcaithfí na bruachannaí a rómhar ar aon-chor
→
dromainn
Tá drumainn ins an iomaire. Chuir sé lán ar a lár, ach níor chuir sé a dhath ar na bruachannaí. B'fhurasta aithinte dhom gurb shin é an deis a bheadh orra, agus mé dhá bhfágáil aige. Tá smál eicínt ar an gceann céadna nach bhféadfadh sé tada a dhéanamh ceart
→
dóigh 1
Níor dhona an dóigh chor ar bith anois duinn na bruachannaí a leagan as láimh. Is gearr go bhfeicidh tú meall feamuinn dearg ins an gcladach agus ní shin é 'u' (ar) dtráth a bheith ag leagan bruachanna. Feicthear dhom nach bhfuil am ar bith is cóireamhla lena leagan ná ar an aimsir seo
→
dún
Tá na clascanna siúd ar fad dúinte ar a chéile. Mara dtóigidh sé na bruachannaí is gearr go mbeidh an pháirc siúd ó rath